Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Tituis 1:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 ċum Títuis, fíor‐ṁac liom ’n‐ár gcóiṁ‐ċreideaṁ: Grása agus síoṫċáin ó Ḋia an tAṫair agus ó Íosa Críost ár Slánuiġṫeoir.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Ċum Títuis, mo ṁac ionṁuin, do réir an ċréidiṁ ċoitċinn: Grása, trócaire, agus síoṫċáin ó Ḋía Aṫair agus ón Dtíġearna Iósa Críosd ar Slánaiġṫeóir.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Tituis 1:4
31 Iomraidhean Croise  

óir atá Slánuiġṫeoir beirṫe ḋaoiḃ indiu, is é sin Críost an Rí, i gcaṫair Ḋáiḃi.


agus aduḃradar leis an mnaoi, Ní mar ġeall ar do ċainnt‐se ċreidimíd: óir d’éisteamar féin, agus atá a ḟios againn gurb é Slánuiġṫeoir an tsaoġail é go fíor.


is é sin go ḃfaiġmíd neart i n‐éinḟeaċt le ċéile, agus mé ’n‐ḃur measc, gaċ duine againn de ḃárr creidiṁ a ċéile, ḃur gcreideaṁ‐sa agus mo ċreideaṁ féin.


mar ḋaoine le h‐Íosa Críost; ċugaiḃ‐se uile atá san Róiṁ, ionṁain le Dia, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ ’n‐ḃur naoṁaiḃ, Grása agus síoṫċáin daoiḃ ó Ḋia ár nAṫair, agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.


D’impiḋeas ar Ṫítus dul, agus do ċuireas an bráṫair i n‐éinḟeaċt leis. An ḃfuair Títus aon ḃrabaċ oraiḃ? naċ i n‐aon Spiorad aṁáin do ṡiuḃlamar? naċ aon lorg aṁáin do leanamar?


toisc naċ ḃfuaras mo ḃráṫair Títus: aċt d’ḟágas slán aca agus d’imṫiġeas go dtí an Ṁaiceadóin.


Aċt ó’s é an t‐aon spiorad aṁáin atá againn, do réir mar tá scríoḃṫa, Do ċreideas, agus d’á ḃriġ sin do laḃras; creidimíd‐ne, leis;


Aċt Dia, do‐ḃeir sólás do na daoiniḃ atá i n‐ísle ḃriġe, ṫug sé sólás dúinn le teaċt Títuis;


Aċt buiḋeaċas le Dia, do ċuir an dúṫraċt céadna ’n‐ḃur dtaoḃ i gcroiḋe Ṫítuis.


I dtaoḃ Ṫítuis, is é mo ċóṁṗáirtiḋe agus mo ċóṁoibriġṫeoir ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa é: agus maidir le n‐ár mbráiṫriḃ, is iad abstail na n‐eaglais iad, glóir Ċríost.


Ar ṁoḋ gur spreagamar Títus, fá mar ṫosnuiġ sé ċeana air, go gcuirfeaḋ sé an grása so ċum críċe ionnaiḃ‐se, leis.


Aċt níor cuireaḋ d’ḟiaċaiḃ ar Ṫítus féin do ḃí i n‐éinḟeaċt liom, a ṫimċeall‐ġearraḋ, giḋ gur Ġréagaċ é:


Óir is clann Dé siḃ uile tré ċreideaṁ i nÍosa Críost.


Ní ḟuil lúdaċ ’ná Gréagaċ ann, ní ḟuil saor ’ná daor ann, ní ḟuil fireannaċ ’ná baineannaċ ann: óir is aon duine aṁáin i nÍosa Críost siḃ go léir.


grása ḋaoiḃ agus síoṫċáin ó Ḋia an tAṫair agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.


ċum na naoṁ agus ċum na mbráṫar dílis i gCríost atá i gColossae, grása ċugaiḃ agus síoṫċáin ó Ḋia ár nAṫair.


Do‐ḃeirim buiḋeaċas leis an té ṫug cumas dom, Íosa Críost ár dTiġearna, do ṁeas gur ḋuine iontaoḃṫa mé, ’gam’ ṫoġaḋ le h‐aġaiḋ a ṡeirḃíse:


Pól, abstal Íosa Críost, tré ṫoil Dé, do réir geallaṁna na beaṫaḋ atá i nÍosa Críost,


ċum Timóteuis, mac ionṁain liom: Grása, trócaire agus síoṫċáin, ó Ḋia an tAṫair, agus ó Íosa Críost ár dTiġearna.


óir do ṫréig Démas mé tré ġráḋ do’n tsaoġal láiṫreaċ so, agus atá sé imṫiġṫe go Tesaloníca; atá Crescens imṫiġṫe go Galátia, agus Títus go Dalmátia.


aċt d’ḟoillsiġ a ḃriaṫar san am oireaṁnaċ tríd an seanmóireaċt do cuireaḋ mar ċuspóir orm‐sa, do réir aiṫne Dé ár Slánuiġṫeoir;


ag fanaṁain le dóċas beannuiġṫe agus le taisbeánaḋ glóire an Dé ṁóir agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost;


Síomón Peadar, seirḃíseaċ agus abstal Íosa Críost, ċum na ndaoine fuair an creideaṁ sár‐luaċṁar céadna atá againne; tré ḟíréantaċt ár nDé agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost:


óir is mar sin do‐ḃéarfar daoiḃ sliġe ḟairsing isteaċ i ríoġaċt ár dTiġearna agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost.


Óir, tar a éis dóiḃ teaċt saor ó ṫruailliú an tsaoġail tré eolas an Tiġearna, agus an tSlánuiġṫeora Íosa Críost, má greamuiġtear iad ann arís agus má buaiḋtear orṫa, is measa a staid deiriḋ ’ná a gcéad staid.


Aċt biḋiḋ ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTiġearna agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ġlóir anois agus go síorraiḋe. Amén.


ċum go gcuiṁneoċaiḋ siḃ ar na briaṫraiḃ do laḃair na naoṁ‐ḟáiḋe roiṁ ré, agus ar aiṫne an Tiġearna agus an tSlánuiġṫeora tré n‐ḃur n‐abstalaiḃ:


Agus is é aḋḃar an uċtaiġ atá againn ’n‐a ṫaoḃ, má iarraimíd rud ar biṫ do réir a ṫola air, go n‐éisteann sé linn:


A ċáirde ionṁaine, ó ṫárla go raiḃ fonn mór orm scríoḃaḋ ċugaiḃ i dtaoḃ ár slánuiġṫe ċóṁ‐ċoitċinn, is é do ḃí ’gam’ spreagaḋ a ṁeas go raiḃ sé de ḋualgas orm scríoḃaḋ ċugaiḃ g’á impiḋe oraiḃ an creideaṁ tugaḋ aon uair aṁáin do na naoṁaiḃ do ċosaint go daingean.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan