Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Tituis 1:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 aċt d’ḟoillsiġ a ḃriaṫar san am oireaṁnaċ tríd an seanmóireaċt do cuireaḋ mar ċuspóir orm‐sa, do réir aiṫne Dé ár Slánuiġṫeoir;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Aċd do ḟoillsiġ sé a ḃríaṫar a nám iomċuḃaiḋ tré ṡeanmóir an tsoisgeil, do fágḃaḋ táoḃ riumsa do réir áiṫne De ar Slánaiġṫeóra;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Tituis 1:3
39 Iomraidhean Croise  

agus é ’g‐a ráḋ, Atá an t‐am cóiṁlíonta, agus atá ríoġaċt Dé druidṫe linn: déanaiḋ aiṫriġe, agus creidiḋ do’n tsoiscéal.


Agus caiṫfear an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ ar dtús ar fud na gcineaḋ uile.


Agus aduḃairt sé leo, Imṫiġiḋ ar fud an doṁain uile, agus déanaiḋ an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ do’n ċineaḋ daonna ar fad.


Agus do‐rinne mo spioraid gáirdeaċas i nDia mo Ṡlánuiġṫeoir.


An briaṫar do ċuir sé ċum clainne Israel, ag fógairt deaġ‐scéal síoṫċána tré Íosa Críost (is é Tiġearna ar ċáċ é) —


agus do‐rinne sé ó aon duine aṁáin an cineaḋ daonna uile, ċum ḃeiṫ ’n‐a gcóṁnaiḋe ar uaċtar na talṁan, agus do ċeap sé ḋóiḃ a dtréiṁse agus a dteoranta;


tré ḃriġ an Spioraid Naoiṁ; ar ċuma gur ċraoḃscaoileas soiscéal Ċríost ’n‐a iomláine ó Iarúsalem, agus ṫart ’n‐a ṫimċeall ċóṁ fada le h‐Illiricum;


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó siḃ do ḋaingniú do réir mo ṡoiscéil‐se, agus do réir seanmóireaċta Íosa Críost, do réir foillsiġṫe na rúndiaṁaire do cóngḃuiġeaḋ fá ċeilt leis na ciantaiḃ,


aċt atá d’á noċtaḋ anois, agus d’á cur i dtuigsin do’n uile ċineaḋ tré scrioptúiriḃ na ḃfáiḋ, do réir aiṫne an Dé ṡíorraiḋe, ċum go mbéidís uṁal do’n ċreideaṁ;


Óir nuair ḃíomar i n‐ísle ḃriġe, fuair Críost bás i dtráṫ cóir ar son na neaṁ‐ḋiaḋa.


Óir, má’s dem’ ṡaor‐ṫoil féin do‐ġním é, atá luaċ saoṫair agam; aċt, má’s i n‐aġaiḋ mo ṫola é, do cuireaḋ ’n‐a ċúram orm é.


aċt nuair ṫáinig an t‐am, do ċuir Dia uaiḋ a Ṁac, tugaḋ ó ṁnaoi, rugaḋ fá’n dliġe,


ċum an uile niḋ do ċóṁċruinniú i gCríost, nuair ṫiocfaḋ na h‐aimseara ċum críċe, idir a ḃfuil ar neaṁ, agus a ḃfuil ar talaṁ.


agus ṫáinig sé agus d’ḟógair sé síoṫċáin daoiḃ‐se do ḃí i gcéin, agus síoṫċáin dóiḃ‐sean do ḃí i gcóṁgar:


ar ċuma gur léir do luċt an ṗraetórium, agus do gaċ aoinneaċ eile, gur ar son Ċríost atá na cuiḃreaċa orm;


aċt go seasuiġiḋ siḃ go daingean ar ḃun an ċreidiṁ, gan casaḋ i leaṫtaoḃ ó ḋóċas an tsoiscéil do ċualaḃar, do craoḃscaoileaḋ i measc gaċ a ḃfuil cruṫuiġṫe fá neaṁ, go ḃfuilim‐se Pól im’ ṁinistir de.


ṫáinig ċugaiḃ‐se; fá mar tá sé ag taḃairt torṫa ar fud an doṁain, agus ag dul i méid, mar tá sé ’n‐ḃur measc‐na, leis, ó’n lá ’n‐a gcualaḃar agus ’n‐a ḃfuaraḃar eolas ar ġrása Dé i ḃfírinne;


aċt, fá mar ṁeas Dia gur fiú sinn cúram an tsoiscéil, is aṁlaiḋ laḃraimíd d’á réir sin; ní mar ḃéimís d’iarraiḋ daoine do ṡásaṁ, aċt Dia go‐ġní teastas ar ár gcroiḋeaċaiḃ.


Pól, abstal Íosa Críost ar órdú Dé ár Slánuiġṫeoir, agus Íosa Críost, uġdar ár ndóċais;


do réir soiscéil glóire an Dé ḃeannuiġṫe atá curṫa fá mo ċúram‐sa.


Is maiṫ agus is taiṫneaṁaċ an niḋ seo i ḃfiaḋnaise Dé ár Slánuiġṫeoir,


Óir ċuige sin is eaḋ atáimíd ag saoṫrú agus ag spairn, toisc ár muiniġin ḃeiṫ againn as an Dia beo, slánuiġṫeoir na ndaoine uile, an méid aca ċreideas, go mór‐ṁór.


Aċt do ṡeas an Tiġearna lem’ ais, agus ṫug sé neart dom, ċum go ḃfógróċaiḋe an teaċtaireaċt go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeaḋ na Cineaḋaċa go léir í: agus do saoraḋ mé ó ḃéal an leoṁain.


gan ḃeiṫ ag ais‐ḟreagairt; gan ḃeiṫ ag mionġadaiḋeaċt, aċt an uile ḋílse do ṫaisbeáint; ċum onóir ins gaċ éinniḋ do ṫaḃairt do ḃriaṫar Ḋé, ár Slánuiġṫeoir.


ag fanaṁain le dóċas beannuiġṫe agus le taisbeánaḋ glóire an Dé ṁóir agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost;


Agus an té do ḃí ’n‐a ṡuiḋe ar an néall, do ċaiṫ sé a ċorrán ar an talaṁ; agus do baineaḋ fóġṁar na talṁan.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan