Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Tituis 1:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 i ndóċas na beaṫaḋ síorraiḋe, do ġeall Dia, naċ ḃféadann bréag do ḋéanaṁ, ins na h‐aoisiḃ i ḃfad ó ṡoin;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Ċum muiniġne na beaṫa marṫanuiġe, noċ do ġeall Día, ris naċ féidir bréug a ḋéunaṁ, suil do crúṫuiġeaḋ an dóṁan;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Tituis 1:2
46 Iomraidhean Croise  

Annsin adéarfaiḋ an Rí leo‐san ḃéas ar a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋaoine beannuiġṫe lem’ Aṫair, sealḃuiġiḋ an ríoġaċt atá ullṁuiġṫe ’n‐ḃúr gcóṁair ó ḃunú an doṁain:


Agus imṫeoċaiḋ siad‐so isteaċ i bpeannaid ṡíorraiḋe: aċt imṫeoċaiḋ na fíréin isteaċ sa mbeaṫaiḋ ṡíorraiḋe.


Agus nuair do ḃí sé ag dul amaċ ar an mbealaċ, do riṫ fear ċuige, agus do ċaiṫ sé é féin ar a ġlúnaiḃ ’n‐a láṫair, agus d’ḟiafruiġ sé ḋe, A Ṁáiġistir ṁaiṫ, Créad do‐ġéanad‐sa ċum go ḃfaiġead an ḃeaṫa ṡíorraiḋe mar oiġreaċt?


naċ ḃfaiġiḋ a gcéad oiread san aois seo, tiġṫe, agus dearḃráiṫreaċa, agus deirḃṡeaṫraċa, agus máiṫreaċa, agus clann, mar aon le géir‐leanaṁain; agus an ḃeaṫa ṡíorraiḋe sa tsaoġal atá le teaċt.


agus do‐ḃeirim an ḃeaṫa ṡíorraiḋe ḋóiḃ; agus ní caillfear iad go deoiḋ, agus ní ḟuadóċaiḋ aoinneaċ as mo láiṁ iad.


fá mar ṫugais dó cuṁaċt ar gaċ a ḃfuil beo, ionnas, gaċ a dtugais dó, go dtiuḃraḋ sé an ḃeaṫa ṡíorraiḋe ḋóiḃ.


A Aṫair, is é is mian liom na daoine ṫugais dom do ḃeiṫ mar a ḃfuilim; go ḃfeicfiḋ siad mo ġlóir, a ṫugais‐se ḋom: óis ṫugais gráḋ ḋom roiṁ ċruṫú an doṁain.


Cuarduiġeann siḃ na scrioptúirí, óir measann siḃ gur ab ionnta atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe agaiḃ; agus is iad sin do‐ḃeir fiaḋnaise im’ ṫaoḃ‐sa;


An té iṫeas m’ḟeoil agus ólas m’ḟuil, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige, agus tógfad‐sa é an lá deiriḋ.


D’ḟreagair Síomón Peadar é, A Ṫiġearna, cia ċum a raċaimís? is agat‐sa atá briaṫra na beaṫaḋ síorraiḋe.


Adeir an Tiġearna, atá ag cur na neiṫe sin i dtuigsin ó ṫosaċ an tsaoġail.


do ġeall sé roiṁ ré tré n‐a ḟáiḋiḃ ins na scrioptúiriḃ naoṁṫa,


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó siḃ do ḋaingniú do réir mo ṡoiscéil‐se, agus do réir seanmóireaċta Íosa Críost, do réir foillsiġṫe na rúndiaṁaire do cóngḃuiġeaḋ fá ċeilt leis na ciantaiḃ,


an ḃeaṫa ṡíorraiḋe do’n dream loirgeas glóir agus onóir agus do‐ṁarḃṫaċt, ag leanṁaint go foiġdeaċ do ḋeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ:


tré n‐a ḃfuaramar, leis, sliġe tré ċreideaṁ ċum an ġrása so ’n‐a ḃfuil ár seasaṁ, agus atá gáirdeaċas orainn ag súil le glóir Dé.


ar ċuma, fá mar ḃí réimeas an ṗeacaiḋ ċum báis ann, gur ar an gcuma ċéadna do ḃéaḋ réimeas an ġrása tré ḟíréantaċt ann ċum na beaṫaḋ síorraiḋe tré Íosa Críost ár dTiġearna.


agus go dtugann foiġid seasṁaċt; agus go dtugann seasṁaċt dóċas:


Óir is é tuarastal an ṗeacaiḋ an bás, aċt is é saor‐ḃronntanas Dé an ḃeaṫa ṡíorraiḋe i nÍosa Críost, ár dTiġearna.


d’ár ṫoiliġ Dia a ċur i ḃfios créad é saiḋḃreas glóire na rúindiaṁaire seo i measc na gCineaḋaċ, is é sin Críost ionnaiḃ, an dóċas ċum glóire.


do ṁarḃuiġ an Tiġearna Íosa agus na fáiḋe, agus do ruaig amaċ sinne, agus naċ dtaiṫneann le Dia, agus atá i n‐aġaiḋ an uile ḋuine;


Aċt sinne, daoine de ċlainn an lae, bímís ’n‐ár gcéill, tar éis lúireaċ an ċreidiṁ agus an ġráḋa do ċur orainn; agus an dóċas ċum slánuiġṫe ḃeiṫ mar ċlogad orainn.


Troid deaġ‐ċóṁrac an ċreidiṁ, beir greim ar an mbeaṫaiḋ ṡíorraiḋe ċum ar glaoḋaḋ ṫú, agus go ndearnais adṁáil ṁaiṫ ḋi i láṫair a lán fiaḋnaiḋṫe.


ag cnuasaċ ciste ḋóiḃ féin ḃéas mar ḃun daingean aca i gcóṁair an ama atá le teaċt, ċum go ḃfaiġidís greim ar an mbeaṫaiḋ ḟírinniġ.


Pól, abstal Íosa Críost, tré ṫoil Dé, do réir geallaṁna na beaṫaḋ atá i nÍosa Críost,


do ṡaor, agus do ġoir le naoṁ‐ġairm sinn, ní h‐é do réir ár ngníoṁarṫa, aċt do réir a rúin agus a ġrása féin, tugaḋ i nÍosa Críost dúinn ins na h‐aoisiḃ i ḃfad ó ṡoin,


Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang an uile niḋ ar son na ndaoine atá toġṫa, ċum go ḃfaiġiḋ siad‐san, leis, an slánuġaḋ atá i nÍosa Críost le glóir ṡíorraiḋe.


má éiriġmíd‐ne neiṁ‐ḋílis, fanann seisean dílis; óir ní féidir leis é féin do ṡéanaḋ.


Déan do ḋíċeall ċum ṫú féin do ṫaisbeáint mar ḟear ionṁolta i ḃfiaḋnaise Dé mar oibriḋe naċ gáḃaḋ ḋó ḃeiṫ fá náire, ag riaraḋ briaṫair Dé le díreaċas.


ag fanaṁain le dóċas beannuiġṫe agus le taisbeánaḋ glóire an Dé ṁóir agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost;


dod’ ṫaisbeáint féin ar gaċ sliġe mar ṡompla i dtaoḃ deaġ‐ġníoṁarṫa; ag taḃairt teagaisc ġlain, ċéilliḋe, briaṫar folláin naċ féidir loċt d’ḟáġáil air;


ionnas, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré n‐a ġrása, go ndéanfaiḋe oiḋrí ḋínn do réir dóċais na beaṫaḋ síorraiḋe.


Agus is é rud atá geallta aige féin dúinn, an ḃeaṫa ṁarṫannaċ.


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost.


agus congḃuiġiḋ siḃ féin i ngráḋ Dé, ag súil le trócaire ár dTiġearna Íosa Críost ċum na beaṫaḋ marṫannaiġe.


Agus ḃéarfaiḋ luċt áitreaḃa na talṁan aḋraḋ ḋó, gaċ duine naċ ḃfuil a ainṁ scríoḃṫa i leaḃar beaṫaḋ an Uain do h‐íoḋbaraḋ ó ḃunaḋ an doṁain.


An t‐ainṁiḋe do ċonnacais, do ḃí sé ann, agus ní ḟuil sé ann: agus atá sé le teaċt aníos as an duiḃeagán agus imṫeaċt ċum léirscriosta. Agus béiḋ iongnaḋ ar luċt áitreaḃa na talṁan, ar an méid naċ ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa ó ṫosaċ an tsaoġail i leaḃar na beaṫaḋ, nuair ċífeas siad an t‐ainṁiḋe, de ḃriġ go raiḃ sé ann, agus naċ ḃfuil sé ann, agus go ḃfuil sé le teaċt.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan