Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Tituis 1:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Cuireann siad i gcéill go ḃfuil eolas ar Ḋia aca; aċt is aṁlaiḋ ṡéanas siad le n‐a ngníoṁarṫaiḃ é, ar mbeiṫ ḋóiḃ gráineaṁail, easuṁal, agus iad gan éifeaċt le h‐aġaiḋ deaġ‐oibre ar biṫ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Adṁuiġid síad eólas do ḃeiṫ aca air Ḋía; giḋeaḋ séunuid a ngníoṁarṫuiḃ é, ar mbeiṫ ḋóiḃ aḋḟúaṫṁar, easúṁal, agus mearuiġṫe a dtáoḃ gaċ uile ḋéaġoibbre.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Tituis 1:16
27 Iomraidhean Croise  

Agus ó nár ṫoiliġeadar ċum eolas ar Ḋia d’adṁáil, ṫug Dia suas iad d’á ndroċ‐ṁeon féin, ċum neiṫe naċ cuiḃe do ḋéanaṁ;


Ná meallaḋ aoinneaċ le baoṫ‐ċainnt siḃ: óir is de ḋeascaiḃ neiṫe d’á leiṫéidiḃ sin atá díḃeirg Dé ag teaċt ar ċlainn na h‐easuṁlaċta.


agus má ṫuigeann sé naċ do’n duine fíréan do cumaḋ an dliġe, aċt do ḋaoiniḃ míriaġalta, easuṁla, do ḋaoiniḃ neaṁ‐ḋiaḋa agus do ṗeacaċaiḃ, do ḋaoiniḃ mí‐naoṁṫa, masluiġṫeaċa, do luċt marḃṫa aiṫreaċ agus máiṫreaċ, do ḋún‐ṁarḃṫóiriḃ,


Aċt muna ndéanaiḋ duine soláṫar d’á ṁuinntir féin, d’á líon tiġe féin, go h‐áiriṫe, atá an creideaṁ tréigṫe aige,


ċum go mbéiḋ an duine le Dia lán‐oilte gléasta go h‐iomlán le h‐aġaiḋ gaċ deaġ‐ġníṁ.


Cuir i gcuiṁin dóiḃ ḃeiṫ uṁal do riaġlóiriḃ agus do luċt uġdaráis, ḃeiṫ urramaċ, ḃeiṫ ullaṁ ċum gaċ deaġ‐ġnó,


Óir do ḃíomar féin diṫ‐céilliḋe tráṫ, easuṁal, ag dul ar fan, fá smaċt ag ainṁiantaiḃ agus ag áineasaiḃ éagsaṁla, ag caiṫeaṁ ár saoġail le droċ‐rún agus le formad, fuaṫṁar agus sinn ag taḃairt fuaṫa d’á ċéile.


An té adeir, Atá aiṫne agam air, agus naċ gcoiṁeádann a aiṫeanta, is bréagaire é, agus ní ḟuil fírinne ar biṫ ann.


Óir atá daoine áiriṫe do ṡleaṁnuiġ isteaċ ós íseal, daoine do réaṁ‐órduiġeaḋ fad ó ċum na daoir‐ḃreiṫe seo, daoine neiṁ‐ḋiaḋa atá ag tionntoḋ grása ár nDé go colnaiḋeaċt, agus atá ag séanaḋ Íosa Críost, ár n‐aon Ṁáiġistir agus ár n‐aon Tiġearna aṁáin.


agus ní raċaiḋ isteaċ innti éinniḋ neaṁ‐ġlan, ná aon duine do‐ġní gráineaṁlaċt nó bréag: aċt na daoine aṁáin go ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa i leaḃar beaṫaḋ an Uain.


Aċt maidir leis na daoiniḃ meaṫta, mí‐ċreidṁeaċa, gráineaṁla, agus leis na dúnṁarḃṫóiriḃ, leis na drúiseoiriḃ, leis na draoiḋeadóiriḃ, agus leis na h‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, agus le luċt na mbréag ar fad, ġeoḃaid‐sean a gcuid féin san loċ atá ar dearg‐lasaḋ le teiniḋ agus le ruiḃ; is é sin an dara bás.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan