Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 9:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 agus ní ḋearnadar aiṫriġe ’n‐a ndúnṁarḃṫaiḃ, ná ’n‐a bpisreogaiḃ, ná ’n‐a striapaċas, ná ’n‐a ngadaiḋeaċt.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus ní ḋearnadar aiṫriġe ar son a ndúnṁarḃṫa, ná ar son a bpiséog, ná ar son a sdríopaċais, ná ar son a ngaduiġeaċda.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 9:21
24 Iomraidhean Croise  

Óir is as an gcroiḋe amaċ ṫig droċ‐smaointe, dúnṁarḃaḋ, aḋaltrannas, scriapaċas, gadaiḋeaċt, fiaḋnaise éiṫiġ, dia‐ṁaslaḋ:


ar eagla, nuair ṫiocfad arís, go n‐uṁlóċaiḋ Dia ’n‐ḃur measc mé, agus go mbéiḋ orm a lán díoḃ‐san do ċaoineaḋ do rinne peacaḋ ċeana, gan aiṫriġe do ḋéanaṁ san míoġlaine, agus san striapaċas, agus san drúis do ċleaċtadar.


íoḋal‐aḋraḋ, piseogaċt, náiṁdeaċas, imreas, éada, fearg, clampar, easaontaċt, aicmí, formad,


Agus ġníonn sé míorḃailtí móra, ċum teine féin do ṫarraing anuas ó neaṁ ar an talaṁ i ḃfiaḋnaise na ndaoine.


Agus tugaḋ de ċuṁaċt dó anál do ṫaḃairt d’íoṁáiġ an ainṁiḋe, ċum go laḃarfaḋ íoṁáiġ an ainṁiḋe, agus ċum go ndéanfaḋ sé an méid daoine naċ dtiuḃraḋ aḋraḋ do’n ainṁiḋe do ċur ċum báis.


Agus tugaḋ de ċead dó cogaḋ do ċur ar na naoṁaiḃ, agus buaiḋ do ḃreiṫ orṫa: agus tugaḋ cuṁaċt dó os cionn gaċ treiḃe, agus pobail, agus teangan, agus ciniḋ.


Agus do lean aingeal eile, g‐á ráḋ, Is í atá tuitṫe, tuitṫe, an Ḃaibiolóin Ṁór, ṫug fá deara ar na ciniḋeaċaiḃ fíon díḃeirge a striapaċais d’ól.


óir do ḋoirteadar‐san fuil na naoṁ agus na ḃfáiḋ, agus ṫugais‐se fuil le n’ól dóiḃ, mar ḃí sé tuillte aca.


Do ċleaċt riġṫe an doṁain drúis léi, agus do cuireaḋ luċt áitreaḃa na talṁan ar meisce le fíon a drúise.


Agus do ḃí an ḃean clúduiġṫe fá éadaiġiḃ caoir‐ḋearga agus corcra, agus do ḃí sí maisiġṫe le h‐ór agus le cloċaiḃ luaċṁara agus le péarlaiḃ, agus do ḃí cupán óir ’n‐a láiṁ aici, agus é lán de ḋeistean agus de ḃréantas a drúise,


agus do ḃí ainm scríoḃṫa ar ċlár a h‐éadain, Rúindiaṁair, An Ḃaibiolón Ṁór, Máṫair Méirdreaċ agus Déistin na Talṁan.


Óir atá na ciniḋeaċa go léir tuitṫe ar lár de ḋeascaiḃ fíona díḃeirge a drúise; agus do ċleaċt riġṫe an doṁain drúis léi, agus d’éiriġ ceannaiḋṫe an doṁain saiḋḃir de ḃárr a saḋaile.


óir is fírinneaċ, cóir iad a ḃreiṫeaṁnaisí óir atá breiṫeaṁnas tugṫa aige ar an méirdriġ ṁóir do ṫruailliġ an doṁan le n‐a striapaċas, agus atá díoġaltas déanta aige ar son fola a ṡeirḃíseaċ atá doirtṫe ag a láiṁ.


Aċt maidir leis na daoiniḃ meaṫta, mí‐ċreidṁeaċa, gráineaṁla, agus leis na dúnṁarḃṫóiriḃ, leis na drúiseoiriḃ, leis na draoiḋeadóiriḃ, agus leis na h‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, agus le luċt na mbréag ar fad, ġeoḃaid‐sean a gcuid féin san loċ atá ar dearg‐lasaḋ le teiniḋ agus le ruiḃ; is é sin an dara bás.


Aċt ar an taoḃ amuiġ ḋi atá na madraí, agus luċt na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnṁarḃṫóirí, agus na h‐íoḋal‐aḋraṫóirí, agus gaċ duine ġráḋuiġeas agus ċleaċtas bréag.


Agus an ċuid eile de na daoiniḃ do fágáḋ gan marḃaḋ leis na pláiġiḃ seo, ní ḋearnadar aiṫriġe i h‐oibreaċaiḃ a láṁ, ċum naċ ndéanfaidís aḋraḋ d’íoḋalaiḃ óir, agus airgid, agus práis, agus cloiċe, agus aḋmaid: atá gan raḋarc, gan éisteaċt, gan neart siuḃail:


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan