Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 9:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 agus tugaḋ ḋó eoċair puill an duiḃeagáin. Agus d’ḟoscail sé poll an duiḃeagáin; agus d’éiriġ deataċ ó’n bpoll, mar ḋeataċ fóirnéise móire; agus do ḋorċuiġ an ġrian agus an t‐aer le deataċ an ṗuill.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ḟosguil sé an poll duḃaigéin; agus do éiriḋ deataċ as an bpoll, aṁuil as úaṁuiġ ṁóir ṫeineaḋ; agus do rinneaḋ an ġrían agus an taiéur dorċa ó ḋeatuiġ an ṗuill.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 9:2
16 Iomraidhean Croise  

Agus taisbeánfad iongantaisí san spéir ṫuas, Agus míorḃailtí ar an talaṁ ṫíos; Fuil, agus teine, agus gal deataiġ:


agus béiḋ deataċ a ġéar‐ċráḋa ag dul suas i n‐áirde go saoġal na saoġal; agus ní ḃíonn suaiṁneas de ló ná d’oiḋċe aca‐san do‐ġní aḋraḋ do’n ainṁiḋe agus d’á íoṁáiġ, ná ag aon duine ġlacas ċuige marc a ainme.


Agus do ḋoirt an cúigeaḋ h‐aingeal a ṡoiṫeaċ amaċ ar árd‐ċaṫaoir an ainṁiḋe; agus d’éiriġ a ríoġaċt dorċa; agus do ḃí na daoine ag cogaint a dteangṫaċa le neart péine,


Agus do ṡéid an ceaṫraṁaḋ h‐aingeal, agus do buaileaḋ an treas cuid de’n ġréin, agus an treas cuid de’n ġealaiġ, agus an treas cuid de na réaltanaiḃ; ċum go n‐éireoċaḋ an treas cuid díoḃ dorċa, agus go gcaillfeaḋ an lá an treas cuid d’á ṡolas, agus an oiḋċe mar an gcéadna.


Agus do ṡéid an cúigeaḋ h‐aingeal, agus do ċonnacas réalta do ṫuit ó neaṁ anuas ar an talaṁ:


Atá aingeal an duiḃeagáin mar riġ os a gcionn. Abaddón is ainm dó i nEaḃrais, agus tugtar Apóilleon mar ainm air i nGréigis.


Agus is mar seo do ċonnacas na h‐eiċ san taiḋḃreaṁ, agus na marcaiġ do ḃí ar muin orṫa, uċt‐ċláir ar ḋaṫ teineaḋ agus fuaṫa muice agus ruiḃe orṫa: agus atá cinn na n‐eaċ cosṁail le ceannaiḃ leoṁan; agus ṫáinig teine agus deataċ agus ruiḃ as a mbéalaiḃ amaċ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan