Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 9:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Is leis na trí pláiġeannaiḃ seo, leis an teiniḋ, agus leis an deataċ, agus leis an ruiḃ ṫáinig as a mbéalaiḃ, do marḃaḋ an treas cuid de na daoiniḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 As ris na trí pláiġiḃse do marḃaḋ an treas cuid do na daóiniḃ, ris an dteíne, agus ris a ndeatuiġ, agus ris an ruiḃ ṫáinic, as a mbéuluiḃ amaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 9:18
9 Iomraidhean Croise  

Agus do ṡéid an treas aingeal, agus do ṫuit réalta ṁór ó neaṁ anuas, agus í ar dearg‐lasaḋ aṁail tóirse, agus do ṫuit sí ar an treas cuid de na h‐aiḃniḃ, agus ar ṫoibreaċaiḃ an uisce:


agus is é ainm na réaltan Mormónta: agus do rinneaḋ mormónta de’n treas cuid de na h‐uisciḃ; agus d’éag a lán daoine de ḋeascaiḃ na n‐uiscí, toisc iad d’éirġe searḃ.


Agus do ṡéid an ceaṫraṁaḋ h‐aingeal, agus do buaileaḋ an treas cuid de’n ġréin, agus an treas cuid de’n ġealaiġ, agus an treas cuid de na réaltanaiḃ; ċum go n‐éireoċaḋ an treas cuid díoḃ dorċa, agus go gcaillfeaḋ an lá an treas cuid d’á ṡolas, agus an oiḋċe mar an gcéadna.


Agus do ṡéid an ċéad aingeal, agus ṫáinig cloiċ‐ṡneaċta agus teine, meascṫa le fuil, ’n‐a ḋiaiḋ, agus do caiṫeaḋ iad ar an talaṁ: agus do dóiġeaḋ an treas cuid de’n talaṁ, agus do dóiġeaḋ an treas cuid de na crannaiḃ, agus do dóiġeaḋ an féar glas go h‐uile.


Agus do ṡéid an dara h‐aingeal, agus do teilgeaḋ mar ḃéaḋ cnoc mór d’á loscaḋ le teiniḋ isteaċ san ḃfairrge: agus do rinneaḋ fuil de’n treas cuid de’n ḟairrge:


agus d’éag an treas cuid de na rudaiḃ beo do ḃí san ḃfairrge, agus do scriosaḋ an treas cuid de na longaiḃ.


Agus do scaoileaḋ na ceiṫre h‐aingle do ḃí ullṁuiġṫe fá ċóṁair na h‐uaire, agus an lae, agus na míosa, agus na bliaḋna, ċum an treas cuid de na daoiniḃ do ṁarḃaḋ.


Agus is mar seo do ċonnacas na h‐eiċ san taiḋḃreaṁ, agus na marcaiġ do ḃí ar muin orṫa, uċt‐ċláir ar ḋaṫ teineaḋ agus fuaṫa muice agus ruiḃe orṫa: agus atá cinn na n‐eaċ cosṁail le ceannaiḃ leoṁan; agus ṫáinig teine agus deataċ agus ruiḃ as a mbéalaiḃ amaċ.


Óir is ’n‐a mbéalaiḃ agus ’n‐a h‐earballaiḃ atá cuṁaċt na n‐eaċ: óir atá a n‐earbaill cosṁail le naṫraċaiḃ niṁe, agus atá cinn orṫa; agus is leo‐san do‐ġní siad an doċar.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan