Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 9:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus is mar seo do ċonnacas na h‐eiċ san taiḋḃreaṁ, agus na marcaiġ do ḃí ar muin orṫa, uċt‐ċláir ar ḋaṫ teineaḋ agus fuaṫa muice agus ruiḃe orṫa: agus atá cinn na n‐eaċ cosṁail le ceannaiḃ leoṁan; agus ṫáinig teine agus deataċ agus ruiḃ as a mbéalaiḃ amaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus as áṁluiḋ so do ċonnairc mé na heíċ a dtaíḃse, agus an luċd do ḃí ar a muin, umá raḃadar lúireaċa tinntiġe, agus ar ḋaṫ na híacinṫ, agus na ruiḃe: agus bá cosṁuil cinn na neaċ ré ceannuiḃ leoṁan; agus táinic teine agus deataċ agus ruiḃ as a mbéuluiḃ amaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 9:17
16 Iomraidhean Croise  

Aoinneaċ gur mian leis doċar do ḋéanaṁ ḋóiḃ, tagann teine amaċ as a mbéal, agus slugann sí a náiṁde: agus duine ar biṫ gur mian leis doċar do ḋéanaṁ ḋóiḃ, is ar an gcuma sin marḃóċar é.


ólfaiḋ sé d’ḟíon díḃeirge Dé, atá doirtṫe gan meascaḋ i gcupán a ḟeirge; agus ciapfar é le teiniḋ agus le ruiḃ i ḃfiaḋnaise na naoṁ‐aingeal, agus i ḃḟiaḋnaise an Uain:


Agus do gaḃaḋ an t‐ainṁiḋe, agus i n‐éinḟeaċt leis, an fáiḋ bréige do rinne na míorḃailtí ’n‐a ḟiaḋnaise, le n‐ár ṁeall sé an dream do ġlac marc an ainṁiḋe ċuca, agus an dream ṫug aḋraḋ d’á íoṁáiġ. Do teilgeaḋ iad araon beo amaċ i loċ teineaḋ atá ar dearg‐lasaḋ le ruiḃ.


Agus do teilgeaḋ an diaḃal do ṁeall iad isteaċ i loċ na teineaḋ agus na ruiḃe, mar a ḃfuil an t‐ainṁiḋe agus an fáiḋ bréige; agus béiḋ siad d’á gciapaḋ de ló agus d’oiḋċe go saoġal na saoġal.


sárdónics an cúigeaḋ foṫa; sáird an séṁaḋ foṫa; criosalít an seaċtṁaḋ foṫa, béiril an t‐oċtṁaḋ foṫa; tópás an naoṁaḋ foṫa; criosófrás an deiċeaṁaḋ foṫa; iacint an t‐aonṁaḋ foṫa déag; aimitist an dara foṫa déag.


Aċt maidir leis na daoiniḃ meaṫta, mí‐ċreidṁeaċa, gráineaṁla, agus leis na dúnṁarḃṫóiriḃ, leis na drúiseoiriḃ, leis na draoiḋeadóiriḃ, agus leis na h‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, agus le luċt na mbréag ar fad, ġeoḃaid‐sean a gcuid féin san loċ atá ar dearg‐lasaḋ le teiniḋ agus le ruiḃ; is é sin an dara bás.


Is leis na trí pláiġeannaiḃ seo, leis an teiniḋ, agus leis an deataċ, agus leis an ruiḃ ṫáinig as a mbéalaiḃ, do marḃaḋ an treas cuid de na daoiniḃ.


Do ḃí uċt‐ċláir orṫa do ḃí cosṁail le h‐uċt‐ċláraiḃ iarainn; agus do ḃí fuaim a sciaṫán cosṁail le fuaim carbad fá n‐a lán capall ag riṫ ċum caṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan