Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 9:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Atá aingeal an duiḃeagáin mar riġ os a gcionn. Abaddón is ainm dó i nEaḃrais, agus tugtar Apóilleon mar ainm air i nGréigis.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus do ḃí rí aca ós a gcionn, aingeal an duḃaigéin, dárob ainm a Neaḃrais, Abaddon, agus a Ngréigis a sé is ainm ḋó Apollion.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 9:11
18 Iomraidhean Croise  

Agus d’impiḋeadar air gan a órdú ḋóiḃ dul síos san aiḃéis.


Anois atá breiṫeaṁnas an tsaoġail seo ann; anois atá prionnsa an tsaoġail seo le ruagaḋ.


Ní laḃarfad mórán eile liḃ, óir atá prionnsa an tsaoġail seo ag teaċt: agus ní ḟuil baint ar biṫ aige liom‐sa;


i dtaoḃ an ḃreiṫeaṁnais, de ḃriġ go ḃfuil breiṫeaṁnas taḃarṫa ar ṗrionnsa an tsaoġail seo.


Agus atá i nIarúsalem, i n‐aice geata na gcaoraċ, loċán ar a dtugtar i nEaḃrais Bétesda, go ḃfuil cúig póirsí aige.


Is ó ḃúr n‐Aṫair, an diaḃal, siḃ‐se, agus is é mian ḃúr n‐aṫar is toil liḃ do ḋéanaṁ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ eisean ó ṫosaċ, agus níor ṡeas sé sa ḃfírinne, óir ní ḟuil fírinne ann. Nuair do‐ḃeir sé an t‐éiṫeaċ, is uaiḋ féin laḃras sé: óir is bréagaire é, is é aṫair an éiṫiġ é.


san dream dí‐ċreidṁeaċ go ḃfuil a n‐aigne dallta ag Dia an tsaoġail seo, ċum naċ ndeallróċaḋ solas glórṁar Ċríost, íoṁáiġ Dé, orṫa.


’n‐a raiḃ siḃ ag siuḃal roiṁ ré do réir cúrsa an tsaoġail seo, do réir prionnsa cuṁaċta an aeir, an spiorad atá ag oibriú anois i gclainn na h‐easuṁlaċta.


Is ó Ḋia atá siḃ‐se, a ċlann ḃeag, agus atá buaiḋte agaiḃ orṫa‐san: óir is treise an té atá ionnaiḃ‐se ’ná an té atá san tsaoġal.


Is eol dúinn, leis, gur daoine le Dia sinn, agus go ḃfuil an saoġal ar fad fá ċuṁaċt na h‐ainspioraide.


Agus do teilgeaḋ síos an dragún mór, an tsean‐naṫair niṁe, ar a dtugtar an Diaḃal agus Sátan, an té ṁeallas an saoġal ar fad; do teilgeaḋ síos é go dtalaṁ, agus do teilgeaḋ a aingle síos i n‐éinḟeaċt leis.


Agus do cruinniġeaḋ le ċéile iad san áit ar a dtugtar i nEaḃrais, Nar‐Magedón.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan