Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 8:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus do ṡéid an dara h‐aingeal, agus do teilgeaḋ mar ḃéaḋ cnoc mór d’á loscaḋ le teiniḋ isteaċ san ḃfairrge: agus do rinneaḋ fuil de’n treas cuid de’n ḟairrge:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus do ṡéid an dara haingeal a sdoc agus do teilgeaḋ cosaṁlaċd sléiḃe móir tré ṫeiniḋ fan ḃfairrge: agus do rinneaḋ fuil don treas cuid don ḟairrge;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 8:8
13 Iomraidhean Croise  

Adeirim liḃ go fírinneaċ, Cibé duine adéarfas leis an sliaḃ so, Tógtar ṫú, agus caiṫtear ṫú sa ḃfairrge, gan aon aṁras do ḃeiṫ ’n‐a ċroiḋe aige, aċt go gcreideann sé go dtiocfaiḋ an niḋ adeir sé ċum críċe; béiḋ sé aige.


Atá ar ċumas dóiḃ an spéir do ḋúnaḋ, ċum naċ dtuitfiḋ aon ḃáisteaċ ar feaḋ laeṫe a dtarngaireaċta: agus atá ar ċumas dóiḃ na h‐uiscí d’aṫrú ’n‐a ḃfuil, agus an talaṁ do ḃualaḋ le gaċ saġas pláiġe, ċóṁ minic agus is áil leo.


Agus do ṫarraing a earball an treas cuid de réaltanaiḃ na spéire ’n‐a ḋiaiḋ, agus do ṫeilg sé ċum na talṁan iad: agus do ṡeasuiġ an dragún os cóṁair na mná do ḃí ar tí an leanḃ do ḃreiṫ, ċum go sluigfeaḋ sé an leanḃ ċóṁ luaṫ agus béarfaí é.


Agus do ṡéid an ċéad aingeal, agus ṫáinig cloiċ‐ṡneaċta agus teine, meascṫa le fuil, ’n‐a ḋiaiḋ, agus do caiṫeaḋ iad ar an talaṁ: agus do dóiġeaḋ an treas cuid de’n talaṁ, agus do dóiġeaḋ an treas cuid de na crannaiḃ, agus do dóiġeaḋ an féar glas go h‐uile.


Agus do scaoileaḋ na ceiṫre h‐aingle do ḃí ullṁuiġṫe fá ċóṁair na h‐uaire, agus an lae, agus na míosa, agus na bliaḋna, ċum an treas cuid de na daoiniḃ do ṁarḃaḋ.


Is leis na trí pláiġeannaiḃ seo, leis an teiniḋ, agus leis an deataċ, agus leis an ruiḃ ṫáinig as a mbéalaiḃ, do marḃaḋ an treas cuid de na daoiniḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan