Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 8:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do ċonnacas na seaċt n‐aingle ḃíos ’n‐a seasaṁ i ḃfiaḋnaise Dé; agus tugaḋ seaċt stuic dóiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ċonnairc mé na seaċd naingil do ṡeas a ḃfíaḋnuise Dé; agus tugaḋ seaċd sduic ḋóiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 8:2
18 Iomraidhean Croise  

Taḃraiḋ aire gan díṁeas do ċaiṫeaṁ ar aoinneaċ de’n ṁuinntir ḃig seo; óir adeirim liḃ, go mbíonn a n‐aingil sin, ar neaṁ, ag sír‐ḟéaċaint ar ġnúis m’Aṫar atá ar neaṁ.


Agus cuirfiḋ se a aingil amaċ le glaoḋ mór stuic, agus baileoċaiḋ siad a ḟiréin ó na ceiṫre gaoṫaiḃ, ó imeall go h‐imeall neiṁe.


Agus d’ḟreagair an t‐aingeal agus aduḃairt sé leis, Is mise Gaibrial ḃíos im’ ṡeasaṁ i láṫair Dé; agus do cuireaḋ mé ċum laḃarṫa leat‐sa, agus ċum na deaġ‐scéala so d’innsin duit.


Aċt biḋiḋ ag faire i gcóṁnaiḋe, agus ag guiḋe, go mbéiḋ sé de neart agaiḃ éalóḋ ó na neiṫiḃ sin uile atá le teaċt, agus seasaṁ i láṫair Ṁic an Duine.


i móiméad, le sméideaḋ súile, le glór an stuic deiriḋ; óir séidfiḋ an stoc, agus éireoċaiḋ na mairḃ neaṁṫruailliḋe, agus aṫróċar sinn.


Óir tiocfaiḋ an Tiġearna ó na flaiṫeasaiḃ anuas le gáir, le guṫ an árd‐aingil, agus le glór stuic Dé: agus is iad na mairḃ i gCríost is túisce éireoċas:


EOIN ċum na seaċt n‐eaglais atá san Áise: Grása agus síoṫċáin daoiḃ ó’n té atá ann, agus do ḃí ann, agus atá ag teaċt; agus ó na seaċt Spioraidiḃ atá os cóṁair a riġ‐ċaṫaoireaċ;


Agus do ṡéid an seaċtṁaḋ h‐aingeal; agus do ḃí glórṫa móra ar neaṁ, aduḃairt, Is le n‐ár dTiġearna, agus le n‐a Ċríost ríoġaċt an doṁain: agus riaġlóċaiḋ sé go saoġal na saoġal.


Agus do ċonnacas cóṁarṫa mór eile ar neaṁ, cóṁarṫa mór, iongantaċ, seaċt n‐aingle agus seaċt bpláiġeanna aca, na pláiġeanna deireannaċa óir is leo‐san cóiṁlíontar díḃeirg Dé.


Agus do ċualas árd‐ġlór ó’n teampall, g‐á ráḋ leis na seaċt n‐aingliḃ, Imṫiġiḋ róṁaiḃ, agus doirtiḋ amaċ seaċt soiṫiġe ḋíḃeirge Dé ar an talaṁ.


Agus do ḋearcas, agus do ċualas iolar aonair ar eiteall i lár na spéire, g‐á ráḋ de ġuṫ árd, Mairg, mairg, mairg, do luċt áitreaḃa na talṁan, mar ġeall ar ġlórṫaiḃ eile na stoc atá le séideaḋ fós ag na trí h‐aingliḃ.


Agus na seaċt n‐aingle go raiḃ na seaċt stuic aca, d’ullṁuiġeadar ċum iad do ṡéideaḋ.


Agus do ṡéid an cúigeaḋ h‐aingeal, agus do ċonnacas réalta do ṫuit ó neaṁ anuas ar an talaṁ:


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan