Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 7:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 g‐á ráḋ, Ná déanaiḋ aon doċar do’n talaṁ, ná do’n ḟairrge, ná do na crannaiḃ, go dtí go mbéiḋ séala curṫa againn ar ċlár éadain ar ṡeirḃíseaċaiḃ ár nDé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Ag ráḋ, Ná déunuiḋ doċar don talaṁ, ná don ḟairrge, ná do na crannuiḃ, nó go gcuiream séula ar searḃḟoġantuiġiḃ ar Ndé a gcláruiḃ a néudan.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 7:3
31 Iomraidhean Croise  

Agus muna mbéaḋ gur giorruiġeaḋ na laeṫe sin, ní fuasclóċaiḋe aon duine beo: aċt ar son na ḃfíréan toġṫa giorróċar na laeṫe sin.


Agus cuirfiḋ se a aingil amaċ le glaoḋ mór stuic, agus baileoċaiḋ siad a ḟiréin ó na ceiṫre gaoṫaiḃ, ó imeall go h‐imeall neiṁe.


Má ġníonn aoinneaċ seirḃís daṁ‐sa, leanaḋ sé mé; agus an áit ’n‐a ṁbím‐se, béiḋ mo ṡeirḃíseaċ ann, ċóṁ maiṫ: má ġníonn duine ar biṫ seirḃís daṁ‐sa, do‐ḃéarfaiḋ m’Aṫair onóir ḋó.


An té do ġlac a ḟiaḋnaise, atá taḃarṫa fá n‐a ṡéala aige go ḃfuil Dia fíor.


Aċt anois, ar mbeiṫ fuascailte ó ṗeacaḋ ḋaoiḃ, agus siḃ ’n‐ḃur seirḃíseaċaiḃ do Ḋia, atá toraḋ ḃur saoṫair agaiḃ ċum naoṁṫaċta, agus is í an ḃeaṫa ṡíorraiḋe an deireaḋ béas air.


Agus cuireann sé d’ḟiaċaiḃ ar an uile ḋuine, idir ḃeag agus ṁór, ṡaiḋḃir agus ḃoċt, ṡaor agus ḋaor, marc do glacaḋ ċuca ar a láiṁ ḋeis, nó ar ċlár a n‐éadain;


agus gan cumas ḃeiṫ ag aon duine rud do ċeannaċ ná do ḋíol, aċt ag an té aṁáin ar a mbéaḋ marc, nó uiṁir an ainṁiḋe.


Agus do ḋearcas, agus féaċ, an tUan ’n‐a ṡeasaṁ ar ċnoc Síoin, agus céad ceaṫrar agus dá ḟiċid míle duine ’n‐a ḟoċair, agus a ainm‐sean agus ainm a Aṫar scríoḃṫa ar ċláraiḃ a n‐éadain.


Agus do lean an treas aingeal g‐á ráḋ de ġuṫ árd, Má ḃeireann aoinneaċ aḋraḋ do’n ainṁiḋe agus d’á íoṁáiġ, agus má ġlacann sé marc ar ċlár a éadain, nó ar a láiṁ,


óir is fírinneaċ, cóir iad a ḃreiṫeaṁnaisí óir atá breiṫeaṁnas tugṫa aige ar an méirdriġ ṁóir do ṫruailliġ an doṁan le n‐a striapaċas, agus atá díoġaltas déanta aige ar son fola a ṡeirḃíseaċ atá doirtṫe ag a láiṁ.


Agus do ċonnacas árd‐ċaṫaoireaċa; agus duine ’n‐a suiḋe ionnta go dtugaḋ de ċead dóiḃ breiṫeaṁnas do ṫaḃairt: agus do ċonnacas anmanna na ndaoine do di‐ċeannuiġeaḋ ar son fiaḋnaise Íosa, agus ar son briaṫair Dé, agus naċ dtug aḋraḋ do’n ainṁiḋe, ná d’á íoṁáiġ, agus nár ġlac ċuca a marc ar ċlár a n‐éadain, ná ar a láiṁ; agus ṫángadar ’n‐a mbeaṫaiḋ, agus do riaġluiġeadar i ḃfoċair Íosa míle bliaḋain.


agus ċífiḋ siad a ġnúis; agus béiḋ a ainm ar ċláraiḃ a n‐éadain.


Agus do ċualas mar ḃéaḋ guṫ i lár na gceiṫre n‐ainṁiḋe g‐á ráḋ, Miosúr cruiṫneaċtan ar ṗinginn, agus trí ṁiosúr eornan ar ṗinginn: aċt ná déan doċar do’n ola ná do’n ḟíon.


’N‐a ḋiaiḋ sin do ċonnacas ceiṫre h‐aingle ’n‐a seasaṁ ag ceiṫre cúinniḃ an doṁain, ag coiṁeád ceiṫre gaoṫa an doṁain, ċum naċ séidfeaḋ aon ġaoṫ ar an talaṁ, ná ar an ḃfairrge, ná ar aon ċrann.


Agus do ċonnacas aingeal eile ag teaċt anoir, agus séala an Dé ḃí aige: agus do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd ar na ceiṫre h‐aingliḃ go raiḃ tugṫa de ċead dóiḃ doċar do ḋéanaṁ do’n talaṁ agus do’n ḟairrge,


Agus aduḃraḋ leo gan doċar do ḋéanaṁ d’ḟéar na talṁan, ná d’aon niḋ glas, ná d’aon ċrann, aċt do na daoiniḃ aṁáin naċ ḃfuil séala Dé ar ċláraiḃ a n‐éadan.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan