Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 7:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do ċonnacas aingeal eile ag teaċt anoir, agus séala an Dé ḃí aige: agus do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd ar na ceiṫre h‐aingliḃ go raiḃ tugṫa de ċead dóiḃ doċar do ḋéanaṁ do’n talaṁ agus do’n ḟairrge,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ċonnairc mé aingeal eile ag éiriġe ón áird a nsoír, agá raiḃ séula Dé ḃí: agus do éiġ sé do ġúṫ árd ar na ceiṫre haingliḃ, dá dtugaḋ cúṁaċda an talaṁ agus a nfairrge ṁilleaḋ,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 7:2
29 Iomraidhean Croise  

Agus d’ḟreagair Síomón Peadar, agus aduḃairt, Is tú an Críost, Mac Dé ḃí.


Aċt d’ḟan Íosa ’n‐a ṫost. Agus aduḃairt an t‐árd‐ṡagairt leis, Iarraim ort, i n‐ainm Dé ḃí, a innsin dúinn an tú an Críost, mac Dé.


Ná saoṫruiġiḋ an biaḋ ṫéiġeas amuġa, aċt saoṫruiġiḋ an biaḋ ṁaireas go dtí an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, an biaḋ ḃéarfas Mac an Duine ḋaoiḃ: óir is airsean do ċuir an t‐Aṫair, Dia, a ṡéala.


an té do ċuir séala orainn, agus do ċuir éirlis an Spioraid ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ.


’n‐ar ċuir siḃse, leis, tar a éis daoiḃ briaṫar na fírinne do ċlos, soiscéal ár slánuiġṫe — an té ’n‐ar ċreideaḃar, agus gur cuireaḋ séala Spioraid Naoiṁ na geallaṁna oraiḃ,


Agus ná cuiriḋ doilġíos ar Spiorad Naoṁ Dé, ó n‐ar cuireaḋ séala oraiḃ ċum lae an ḟuascailte.


Óir do‐ḃeir siad féin tuairisc ’n‐ár dtaoḃ, cionnas mar ċuaḋamar isteaċ ċugaiḃ; agus cionnas mar ṫionntuiġeaḃar ó íoḋalaiḃ ċum seirḃís do ḋéanaṁ do’n Dia beo, fíor,


Cibé ar biṫ é, fanann bun daingean Dé go seasṁaċ, agus an séala so air: Is eol do’n Tiġearna a ṁuinntear féin; agus, Gaċ aoinneaċ ainmniġeas ainm an Tiġearna, tréigeaḋ sé an éagcóir.


aċt is aṁlaiḋ atá siḃ tagṫa go Sliaḃ Síoin, go caṫair an Dé ḃí, go h‐Iarúsalem neaṁḋa, agus go dtí na mílte as cuimse de ṡluaiġtiḃ na n‐aingeal,


Is aoiḃinn do’n té léiġeas agus do’n dream éisteas le ráiḋṫeaċas na tarngaireaċta so, aċt gaċ a ḃfuil scríoḃṫa innti do ċoiṁeád: óir ní fada uainn an t‐am.


Agus do ċonnacas aingeal tréan eile ag teaċt anuas ó neaṁ, néall mar ċlúdaċ air, agus boġa ceaṫa os a ċionn, agus do ḃí a ġnúis cosṁail leis an ngréin, agus ḃí a ċosa cosṁail le colaṁnaiḃ téineaḋ;


Agus nuair do laḃair na seaċt dtóirneaċa, do ḃíos ar tí scríoḃaḋ, agus do ċualas an glór ó neaṁ aduḃairt, Cuir séala ar na neiṫiḃ aduḃairt na seaċt dtóirneaċa, agus ná scríoḃ iad.


Agus do ḋoirt an séaṁaḋ h‐aingeal a ṡoiṫeaċ amaċ ar an aḃainn ṁóir Eúfrátes; agus do ṫiormuiġ a h‐uisce, ċum bealaċ do réiḋteaċ do na riġṫiḃ ó’n doṁan ṫoir.


Agus do ċonnacas aingeal tréan‐láidir g‐á ḟógairt de ġuṫ árd, Cia h‐é gur fiú é an leaḃar d’ḟoscailt agus a ṡéalaí do scaoileaḋ?


Agus ṫáinig aingeal eile agus do ṡeasuiġ sé os cóṁair na h‐altóra, agus túiseoir óir aige, agus tugaḋ a lán túise ḋó, ċum go gcuirfeaḋ sé ar an altóir óir do ḃí os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ í, maille le h‐urnaiġṫiḃ na naoṁ.


g‐á ráḋ leis an séaṁaḋ h‐aingeal ag a raiḃ an stoc, Scaoil na ceiṫre h‐aingle atá fá ċeangail ag an aḃainn ṁóir, Eúfrátes.


Agus aduḃraḋ leo gan doċar do ḋéanaṁ d’ḟéar na talṁan, ná d’aon niḋ glas, ná d’aon ċrann, aċt do na daoiniḃ aṁáin naċ ḃfuil séala Dé ar ċláraiḃ a n‐éadan.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan