Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 7:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 béiḋ sé ’n‐a aoḋaire aca, agus treoróċaiḋ sé go toibreaċa fíor‐uisce na beaṫaḋ iad: agus cuimilfiḋ Dia gaċ deor d’á súiliḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Oír do ḋéuna an Túan atá a méaḋón na caṫáoireaċ íadsan do ḃeaṫuġaḋ, agus ḋéunuiḋ a dtreóruġaḋ go tiubruidiḃ uisge na beaṫa: agus glanfuiḋ Día a nuile ḋeór ó na súiliḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 7:17
42 Iomraidhean Croise  

Agus tusa, a Ḃeiṫil, a ṫalaṁ Iúda, Ní tusa is luġa ar ċeann‐ṗortaiḃ Iúda, Óir is asat ṫiocfas an taoiseaċ, Ḋéanfas aoḋaireaċt ar Israel, mo ṗobal.


Is aoiḃinn dóiḃ‐sean do‐ġní dobrón, mar do‐ġeoḃaid sólás.


Is mise an t‐aoḋaire maiṫ: do‐ḃeir an t‐aoḋaire maiṫ a anam ar son na gcaoraċ.


Is mise an t‐aoḋaire maiṫ; agus aiṫniġim mo ċuid féin, agus aiṫniġeann mo ċuid féin mé,


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé léi, Dá mb’ eol duit taḃartas Dé, agus cia h‐é atá g‐á ráḋ leat, Taḃair ḋom le n’ól; is tusa d’iarrfá airsean, agus do‐ḃéarfaḋ sé uisce beo ḋuit.


Aduḃairt an ḃean leis, A ḋuine uasail, ní ḟuil aon niḋ agat ċum uisce do ṫarraing, agus atá an tobar doiṁin: cad as, mar sin, a ḃfuil an t‐uisce beo sin agat?


aċt an t‐uisce do‐ḃéarfad‐sa ḋó, béiḋ sé ’n‐a ṫobar uisce ann ag brúċtġail ċum na beaṫaḋ síorraiḋe.


Taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, agus do’n tréad go léir, ar ar ċuir an Spiorad Naoṁ ’n‐ḃúr n‐easbogaiḃ siḃ, leis an eaglais do ċeannuiġ sé le n‐a ḟuil féin, do ċoṫú.


beaṫuiġiḋ tréad Dé atá ’n‐ḃur measc, ag taḃairt aire ḋó, ní d’ḃur n‐aiṁḋeoin é, aċt go toilteanaċ, do réir tola Dé; ní h‐é ar son táir‐éadála, aċt le h‐ionnracas aigne;


Is iad‐san iad nár ṡaluiġ iad féin le mnáiḃ; óir is ar staid óġaċta atáid. Is iad‐san leanas an tUan cibé áit ’n‐a dtéiġeann sé. Is iad do ceannuiġeaḋ as lár na ndaoine ċum ḃeiṫ ’n‐a gcéad‐ṫorṫaiḃ do Ḋia agus do’n Uan.


Agus ní ḟacas aon teampall istiġ innti: óir is é an Tiġearna Uile‐ċuṁaċtaċ, mar aon leis an Uan, is teampall di.


Agus ní ḟuil gáḃaḋ ag an gcaṫair leis an ngréin, ná leis an ngealaiġ ċum í do ṡoillsiú: óir soillsiġeann glóir Dé í, agus is é an tUan is solas di.


agus glanfaiḋ sé gaċ deor d’á súiliḃ, agus ní ḃéiḋ an bás ann níos mó; ní ḃéiḋ, ná brón, ná caoineaḋ, ná pian; óir atá na ċéad neiṫe imṫiġṫe ar ceal.


Agus aduḃairt sé liom, Atá sé déanta, Is mise an tAlfa agus an tÓmega, an tosaċ agus an deireaḋ. Do’n té go ḃfuil tart air do‐ḃéarfad le n’ól de ṫobar uisce na beaṫaḋ i n‐aisce ḋó.


Agus do ṫaisbeáin sé ḋom aḃa uisce na beaṫaḋ, ċóṁ deallraṁaċ le criostal, ag teaċt amaċ ó riġ‐ċaṫaoir Dé agus an Uain.


g‐á ráḋ, Is fiú ṫú, a Ṫiġearna agus a Ḋia an ġlóir agus an onóir agus an ċuṁaċt d’ḟáġáil: óir is tú do ċruṫuiġ na h‐uile neiṫe, agus is ded’ ṫoil‐se atá siad ann, agus do cruṫuiġeaḋ iad.


Agus i lár na riġ‐ċaṫaoireaċ agus na gceiṫre n‐ainṁiḋe, agus i lár na seanóir, do ċonnacas an tUan ’n‐a ṡeasaṁ, mar ḃéaḋ sé tar éis a íoḋbarṫa, seaċt n‐aḋarca agus seaċt súile aige, gur ab iad seaċt Spioraidí Dé iad,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan