Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 7:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus d’ḟreagair duine de na seanóiriḃ, g‐á ráḋ liom, Cia h‐iad so go ḃfuil na róbaí geala orṫa, agus cad as a dtáinig siad?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus do ḟreagair neaċ do na seanóiriḃ, ag ráḋ riom, Créd íad an luċdsa umá ḃfuilid na róbuiḋe fada gléiġeala? agus cá hionad as a dtangadar?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 7:13
11 Iomraidhean Croise  

Annsin do ġlaoḋ Íosa ós árd, agus é ag teagasc sa teampall, g‐á ráḋ, Atá aiṫne agaiḃ orm‐sa, agus atá a ḟios agaiḃ cá h‐as dom; agus ní uaim féin ṫáinig mé, aċt an té do ċuir uaiḋ mé atá sé fíor, an té naċ ḃfuil aiṫne agaiḃ‐se air.


Agus nuair do ċonnaic Peadar é, aduḃairt sé leis an bpobal, A ḟeara Israel, cad ċuige a ḃfuil iongnaḋ oraiḃ i dtaoḃ an duine seo? cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag aṁarc orainne, aṁail is gur le n‐ár gcuṁaċt nó le n‐ár ndiaḋaċt féin do ċuireamar ar ċumas do’n duine seo siuḃal?


Aċt atá beagán daoine i Sárdis nár ṡaluiġ a n‐éadaiġe: agus siuḃalfaid‐sean i n‐éinḟeaċt liom i n‐éadaiġiḃ geala; óir is fiú iad é.


tuiteann an ceaṫrar seanóir agus fiċe síos os cóṁair na té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, agus aḋrann siad an té ṁaireas go saoġal na saoġal, agus caiṫeann siad a gcoróineaċa síos os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ,


Agus do ḃí ceiṫre riġ‐ċaṫaoireaċa agus fiċe, agus ceaṫrar agus fiċe seanóir ’n‐a suiḋe ins na riġ‐ċaṫaoireaċaiḃ, éadaiġe geala umpa,


Agus do ḋearcas, agus ċualas glór a láin aingeal i dtimċeall na riġ‐ċaṫaoireaċ agus i dtimċeall na n‐ainṁiḋe agus na seanóir, agus ba é a líon deiċ míle fó ḋeiċ míle agus na mílte de ṁíltiḃ;


Agus duḃairt duine de na seanóiriḃ liom, Ná bí ag gol: féaċ, an Leoṁan de ṫreiḃ Iúda, de Ḟréiṁ Ḋáiḃí, atá sé de ḃuaiḋ aige‐sean an leaḃar d’ḟoscailt, agus a ṡeaċt séalaí do scaoileaḋ.


’N‐a ḋiaiḋ sin do ḋearcas, agus féaċ, sluaġ mór naċ ḃféadfaḋ aon duine a áireaṁ, de gaċ cineaḋ, agus de gaċ treiḃ, agus de gaċ pobal, agus de gaċ teangain, ’n‐a seasaṁ os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ agus os cóṁair an Uain, éadaiġe geala umpa, agus pailmeaċa ’n‐a láṁaiḃ aca;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan