Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 7:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 ’N‐a ḋiaiḋ sin do ċonnacas ceiṫre h‐aingle ’n‐a seasaṁ ag ceiṫre cúinniḃ an doṁain, ag coiṁeád ceiṫre gaoṫa an doṁain, ċum naċ séidfeaḋ aon ġaoṫ ar an talaṁ, ná ar an ḃfairrge, ná ar aon ċrann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus na ḋiáiġ sin do ċonnairc me ceiṫre haingil na seasaṁ ar ċeiṫre corruiḃ na talṁan, ag congṁáil ċeiṫre ngáoṫa na talṁan, ionnus naċ séidfeaḋ an ġáoṫ ar an dtálaṁ, ná ar an ḃfairge, ná ar ċrann ar biṫ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 7:1
23 Iomraidhean Croise  

Agus cuirfiḋ se a aingil amaċ le glaoḋ mór stuic, agus baileoċaiḋ siad a ḟiréin ó na ceiṫre gaoṫaiḃ, ó imeall go h‐imeall neiṁe.


Agus annsin cuirfiḋ sé a aingil amaċ, agus cruinneoċaiḋ sé a ḟíréin ó na ceiṫre gaoṫaiḃ, ó ḟír‐imeall an doṁain go fír‐imeall neiṁe.


agus tiocfaiḋ sé amaċ ċum na gciniḋeaċ atá i gceiṫre h‐áirdiḃ an doṁain, Góg agus Magóg, do ṁeallaḋ agus do ċruinniú le ċéile ċum cogaiḋ. Ní lia gaineaṁ na fairrge ’ná iad,


Agus do ċualas mar ḃéaḋ guṫ i lár na gceiṫre n‐ainṁiḋe g‐á ráḋ, Miosúr cruiṫneaċtan ar ṗinginn, agus trí ṁiosúr eornan ar ṗinginn: aċt ná déan doċar do’n ola ná do’n ḟíon.


g‐á ráḋ, Ná déanaiḋ aon doċar do’n talaṁ, ná do’n ḟairrge, ná do na crannaiḃ, go dtí go mbéiḋ séala curṫa againn ar ċlár éadain ar ṡeirḃíseaċaiḃ ár nDé.


Agus do ṡéid an ċéad aingeal, agus ṫáinig cloiċ‐ṡneaċta agus teine, meascṫa le fuil, ’n‐a ḋiaiḋ, agus do caiṫeaḋ iad ar an talaṁ: agus do dóiġeaḋ an treas cuid de’n talaṁ, agus do dóiġeaḋ an treas cuid de na crannaiḃ, agus do dóiġeaḋ an féar glas go h‐uile.


g‐á ráḋ leis an séaṁaḋ h‐aingeal ag a raiḃ an stoc, Scaoil na ceiṫre h‐aingle atá fá ċeangail ag an aḃainn ṁóir, Eúfrátes.


Agus aduḃraḋ leo gan doċar do ḋéanaṁ d’ḟéar na talṁan, ná d’aon niḋ glas, ná d’aon ċrann, aċt do na daoiniḃ aṁáin naċ ḃfuil séala Dé ar ċláraiḃ a n‐éadan.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan