Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 6:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus do ḋearcas, agus féaċ, capall liaṫḃán: agus an té do ḃí ar muin air, is é an Bás dob’ ainm dó; agus do lean Hádes ’n‐a ċuideaċtain. Agus tugaḋ cuṁaċt dóiḃ ar an gceaṫraṁaḋ cuid de’n talaṁ, ċum ḃeiṫ ag marḃaḋ leis an gclaiḋeaṁ, agus leis an ngorta, agus leis an bpláiġ, agus le h‐ainṁiḋṫiḃ allta na talṁan.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus do ḟéuċ mé, agus féuċ eaċ glasḃán: agus a sé don ainm don tí do ḃí na ṡuiḋe air an Bás, agus do lean ifrionn e. Agus tugaḋ cúṁaċda ḋóiḃ ar an gceaṫraṁaḋ cuid don talaṁ, a marḃaḋ ré cloiḋeaṁ, agus ré gorta, agus ré bás, agus ré hainṁinntiḃ állta na talṁan.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 6:8
26 Iomraidhean Croise  

Agus tusa, a Ċafarnaúim, an suas go neaṁ árdóċar ṫú? síos go h‐ifreann ísleoċar ṫú: óir dá ndéantaiḋe i Sodom na gníoṁarṫa éaċtaċa do‐rinneaḋ ionnat‐sa, d’ḟanfaḋ sé ann go dtí an lá so.


Óir éireoċaiḋ cineaḋ i n‐aġaiḋ ciniḋ, agus ríoġaċt i n‐aġaiḋ ríoġaċta: agus béiḋ gortaí agus creaṫa talṁan ’n‐a lán áiteann.


A ḃáis, cá ḃfuil do ḃuaiḋ?


is mise an tosaċ agus an deireaḋ, agus an Té biṫ‐ḃeo; agus do ḃíos marḃ, agus féaċ, atáim beo go saoġal na saoġal, agus atá eoċraċa báis agus ifrinn agam.


Agus do ṫarraing a earball an treas cuid de réaltanaiḃ na spéire ’n‐a ḋiaiḋ, agus do ṫeilg sé ċum na talṁan iad: agus do ṡeasuiġ an dragún os cóṁair na mná do ḃí ar tí an leanḃ do ḃreiṫ, ċum go sluigfeaḋ sé an leanḃ ċóṁ luaṫ agus béarfaí é.


Agus do scaoileaḋ na ceiṫre h‐aingle do ḃí ullṁuiġṫe fá ċóṁair na h‐uaire, agus an lae, agus na míosa, agus na bliaḋna, ċum an treas cuid de na daoiniḃ do ṁarḃaḋ.


Is leis na trí pláiġeannaiḃ seo, leis an teiniḋ, agus leis an deataċ, agus leis an ruiḃ ṫáinig as a mbéalaiḃ, do marḃaḋ an treas cuid de na daoiniḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan