Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 6:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus do ċuaiḋ capall eile amaċ, capall ruaḋ, agus tugaḋ de ċuṁaċt do’n té do ḃí ar muin air síoṫċáin do ḃaint de’n talaṁ, ċum go marḃóċaḋ na daoine a ċéile: agus tugaḋ claiḋeaṁ mór dó.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus do ċuáiḋ eaċ eile rúaḋ amaċ: agus tugaḋ cúṁaċda don té do ḃí na ṡuiḋe air, síoṫċáin na talṁan do ḃreiṫ ris, ionnus go dtiuḃraḋ orrṫa a ċéile ṁarḃaḋ: agus tugaḋ ḋó cloiġeaṁ mór.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 6:4
17 Iomraidhean Croise  

Ná measaiḋ gur ċum síoṫċáin do ċur ar an dtalaṁ ṫánag‐sa: ní ċum síoṫċáin do ċur ṫánag, aċt ċum claiḋeaṁ do ċur ann.


Agus do‐ċluinfiḋ siḃ tráċt ar ċogaiḋiḃ agus ráflaí ar ċogaḋ: féaċaiḋ ċuige naċ dtiocfaiḋ buaiḋirt aigne oraiḃ: óir caiṫfiḋ na neiṫe sin do ṫeaċt ċum críċe; aċt ní ḟuil an deireaḋ ann fós.


D’ḟreagair Íosa ḋó, Ní ḃéaḋ aon ċumas agat im’ aġaiḋ muna dtugtaiḋe ḋuit é ó neaṁ anuas: uime sin, an té ṫug ar láiṁ duit mé, is móide a ṗeacaḋ é.


Agus do noċtaḋ cóṁarṫa eile san spéir; agus féaċ, dragún mór dearg, go raiḃ seaċt gcloigne agus deiċ n‐aḋarca aige, agus do ḃí seaċt gcoróineaċa ar na cloigniḃ.


Cibé duine ṫreoruiġeas ċum daor‐ḃroide, is ċum daor‐ḃroide raċas sé; cibé duine ṁarḃas le claiḋeaṁ, ní foláir a ṁarḃaḋ féin le claiḋeaṁ. Annso is eaḋ atá foiġid agus creideaṁ na naoṁ.


Agus rug sé leis mé san Spiorad isteaċ i ḃfásaċ, agus do ċonnacas bean ’n‐a suiḋe ar ainṁiḋe do ḃí ar ḋaṫ corcra, é lán d’ainmneaċaiḃ dia‐ṁaslaiḋ, agus seaċt gcinn agus deiċ n‐aḋarca aige.


Agus do ċonnacas an ḃean ar meisce le fuil na naoṁ, agus le fuil mairtíreaċ Íosa. Agus ag aṁarc dom uirṫi, ṫáinig árd‐iongnaḋ orm.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan