Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 6:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus tugaḋ róba geal do gaċ duine aca; agus aduḃraḋ leo fanaṁain go suaiṁneaċ tamall beag eile, nó go gcóiṁlíontaiḋe méid a gcóiṁ‐ṡeirḃíseaċ agus a mbráṫar do ḃí le marḃaḋ mar iad féin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus tugaḋ dá gaċ áon díoḃ fó leiṫ róbuiḋe fada gléiġeala; agus a duḃraḋ ríu, sgur ar feaḋ tamuill ḃig, nó go mbeiṫ uiḃir a gcoiṁṡearḃḟoġantuiġeaḋ agus a ndearḃraiṫreaċ ar na ċoiṁlíonaḋ, noċ do ḃí ré haġuiḋ a marḃṫa mar íadsan.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 6:11
19 Iomraidhean Croise  

Agus do‐ḃéarfaiḋ an dearḃráṫair a ḋearḃráṫair ċum báis, agus an t‐aṫair a ṁac: agus éireoċaiḋ an ċlann i n‐aġaiḋ a n‐aiṫreaċ agus a máiṫreaċ, agus imreoċaid bás orṫa.


Aċt aduḃairt an t‐aṫair le n‐a ṡeirḃíseaċaiḃ, Beiriḋ amaċ láiṫreaċ an ċulaiṫ is fearr, agus cuiriḋ air í; agus cuiriḋ fáinne ar a ṁéir agus bróga ar a ċosaiḃ:


Cuirfear amaċ as na sionagógaiḃ siḃ: ṫairis sin, atá an uair ag teaċt go measfaiḋ an té ṁarḃas siḃ gur ag déanaṁ seirḃíse do Ḋia atá sé.


Aċt ní h‐é m’anam is cás liom, mar ḃéaḋ cion agam air, aċt go gcóiṁlíonfad mo ċúrsa, agus an ṁiniostrálaċt fuaras ó’n Tiġearna Íosa soiscéal grása Dé do ċraoḃscaoileaḋ.


agus suaiṁneas i n‐éinḟeaċt linne do ṫaḃairt daoiḃ‐se, nuair foillseoċar an Tiġearna Íosa ó neaṁ, mar aon le h‐aingliḃ a ċuṁaċta,


Do ṫroideas an cóṁrac maiṫ, do ṡroiċeas ceann cúrsa, do ċoiṁeádas an creideaṁ;


óir do ḃí niḋ dob’ ḟearr curṫa i n‐áiriṫe ag Dia ḋúinne, ċum naċ ḃfoirḃfiḋe iad gan sinne ḃeiṫ leo.


go cóṁċruinniú agus go h‐eaglais na gcéid‐ġein, go ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa ar neaṁ, agus ċum Dé, breiṫeaṁ an uile ḋuine, agus ċum spioraidí na ḃfíréan diongḃálta,


Óir an té do ċuaiḋ isteaċ ’n‐a ṡuaiṁneas, do scuir sé ó n‐a oibreaċaiḃ, fá mar scuir Dia ó n‐a oibreaċaiḃ‐sean.


agus do ḋearḃuiġ sé ar an té ṁaireas go saoġal na saoġal, an té do ċruṫuiġ neaṁ agus a ḃfuil ann, agus an talaṁ agus a ḃfuil ann, agus an ḟairrge agus a ḃfuil innti,


Agus tugaḋ de ċuṁaċt dó anál do ṫaḃairt d’íoṁáiġ an ainṁiḋe, ċum go laḃarfaḋ íoṁáiġ an ainṁiḋe, agus ċum go ndéanfaḋ sé an méid daoine naċ dtiuḃraḋ aḋraḋ do’n ainṁiḋe do ċur ċum báis.


Agus do ċualas glór ó neaṁ, g‐á ráḋ, Scríoḃ, Is beannuiġṫe na mairḃ do‐ġeiḃ bás san Tiġearna ó’n am so feasta: Is eaḋ, adeir an Spiorad, ċum go ḃfaiġiḋ siad suaiṁneas ó n‐a saoṫar; óir leanann a ngníoṁarṫa iad.


Agus do ċonnacas an ḃean ar meisce le fuil na naoṁ, agus le fuil mairtíreaċ Íosa. Agus ag aṁarc dom uirṫi, ṫáinig árd‐iongnaḋ orm.


Agus aduḃras‐sa leis, A Ṫiġearna, atá a ḟios agat‐sa. Agus aduḃairt seisean liom, Is iad na daoine ṫáinig as an anró mór iad so, agus do niġeadar a róbaí agus do rinneadar geal iad i ḃfuil an Uain.


’N‐a ḋiaiḋ sin do ḋearcas, agus féaċ, sluaġ mór naċ ḃféadfaḋ aon duine a áireaṁ, de gaċ cineaḋ, agus de gaċ treiḃ, agus de gaċ pobal, agus de gaċ teangain, ’n‐a seasaṁ os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ agus os cóṁair an Uain, éadaiġe geala umpa, agus pailmeaċa ’n‐a láṁaiḃ aca;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan