Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 5:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus do ċanadar aṁrán úr‐nua, g‐á ráḋ, Is fiú ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ agus a ṡéalaí d’ḟoscailt: de ḃriġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiġis do Ḋia led’ ḟuil daoine de gaċ treiḃ, agus de gaċ teangain, agus de gaċ pobal, agus de gaċ cineaḋ,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus do ċanadar cainntic núaḋ, ag ráḋ, As fíu ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ, agus a ṡéuluiḋe dfosglaḋ: do ḃríġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiḋ tú sinne do Ḋía réd ḟuil féin as a nuile ṫreiḃ, agus ṫeanguiḋ, agus ṗubal, agus ċineaḋ;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 5:9
41 Iomraidhean Croise  

ar ċuma Ṁic an Duine naċ dtáinig ċum go ndéanfaiḋe frioṫáileaṁ air, aċt ċum go ndéanfaḋ seisean frioṫáileaṁ, agus ċum a anam do ṫaḃairt i n‐éiric móráin.


óir is í seo m’ḟuil, fuil an tiomna nua, doirtear ar son móráin ċum maiṫeaṁnais na bpeacaḋ.


Taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, agus do’n tréad go léir, ar ar ċuir an Spiorad Naoṁ ’n‐ḃúr n‐easbogaiḃ siḃ, leis an eaglais do ċeannuiġ sé le n‐a ḟuil féin, do ċoṫú.


agus ní liḃ féin siḃ; óir do ceannuiġeaḋ siḃ go daor; d’á ḃriġ sin taḃraiḋ glóir do Ḋia ’n‐ḃur gcorp.


Do ceannuiġeaḋ siḃ ar luaċ mór; ná biḋiḋ ’n‐ḃur scláḃaiḋṫiḃ ag daoiniḃ.


’n‐a ḃfuil fuasclaḋ againn tré n‐a ḟuil, maiṫeaṁnas ár bpeacaḋ,


ag laḃairt le ċéile i salmaiḃ, agus i n‐iomnaiḃ, agus i ndántaiḃ spioradálta, ag cantaireaċt agus ag déanaṁ ceoil ’n‐ḃur gcroiḋe do’n Tiġearna;


an té ’n‐a ḃfuil fuasclaḋ againn tré n‐a ḟuil, maiṫeaṁnas ár bpeacaiḋe.


aċt go seasuiġiḋ siḃ go daingean ar ḃun an ċreidiṁ, gan casaḋ i leaṫtaoḃ ó ḋóċas an tsoiscéil do ċualaḃar, do craoḃscaoileaḋ i measc gaċ a ḃfuil cruṫuiġṫe fá neaṁ, go ḃfuilim‐se Pól im’ ṁinistir de.


ṫug é féin ar ár son, ċum sinn d’ḟuascailt ó gaċ peacaḋ, agus pobal do ġlanaḋ ḋó féin, pobal díoġraiseaċ ċum deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ.


Óir na daoine adeir neiṫe d’á leiṫéidiḃ sin, cuireann siad i dtuigsin gur ar lorg dúṫaiġe leo féin atáid.


Aċt d’éiriġ fáiḋe bréige i measc an ṗobail, agus béiḋ luċt teagaisc ḃréige ’n‐ḃur measc‐na, leis, daoine ḃéarfas isteaċ siosmaí millteaċa, ag séanaḋ an Ṁáiġistir féin do ċeannuiġ iad, ag tarraing scriosta obainn orṫa féin.


aċt má ṡiuḃlaimíd san tsolas fá mar tá seisean san tsolas, atá cumann againn le ċéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Ṁac ó gaċ peacaḋ sinn.


agus is eisean an t‐íoḋbarṫaċ, ní h‐aṁáin ar son ár bpeacaiḋe‐ne, aċt ar son peacaiḋe an doṁain ar fad.


Agus aduḃraḋ liom, Caiṫfiḋ tú tarngaireaċt do ḋéanaṁ fós i dtaoḃ a lán poibleaċa, agus ciniḋeaċ, agus teangṫaċ, agus riġṫe.


Agus béiḋ daoine de gaċ treiḃ, agus de gaċ teangain, agus de gaċ cineaḋ ag dearcaḋ ar a gcorpaiḃ ar feaḋ trí lá go leiṫ, agus ní leigfiḋ siad d’á gcorpaiḃ ḃeiṫ g‐á gcúr i dtuama.


Agus tugaḋ de ċead dó cogaḋ do ċur ar na naoṁaiḃ, agus buaiḋ do ḃreiṫ orṫa: agus tugaḋ cuṁaċt dó os cionn gaċ treiḃe, agus pobail, agus teangan, agus ciniḋ.


Agus ḃéarfaiḋ luċt áitreaḃa na talṁan aḋraḋ ḋó, gaċ duine naċ ḃfuil a ainṁ scríoḃṫa i leaḃar beaṫaḋ an Uain do h‐íoḋbaraḋ ó ḃunaḋ an doṁain.


Agus do ċonnacas aingeal eile ar eiteall i lár na spéire, agus soiscéal síorraiḋe aige le n’ḟógairt do luċt áitreaḃa na talṁan, agus do gaċ cineaḋ, agus treiḃ, agus teangain, agus pobal;


Agus do ḃíodar ag canaḋ aṁráin Ṁaoise seirḃísiġ Dé, agus aṁráin an Uain, g‐á ráḋ, Is mór, iongantaċ iad t’oibreaċa, a Ṫiġearna, a Ḋia Uile‐ċuṁaċtaiġ. Is cóir, fírinneaċ iad do ṡliġṫe, a Riġ na gciniḋeaċ.


Agus aduḃairt sé liom, Na h‐uiscí úd do ċonnacais, mar a ḃfuil an ṁéirdeaċ ’n‐a suiḋe, is poibleaċa, agus sluaiġte, agus ciniḋeaċa, agus teangṫaċa iad.


g‐á ráḋ, Is fiú ṫú, a Ṫiġearna agus a Ḋia an ġlóir agus an onóir agus an ċuṁaċt d’ḟáġáil: óir is tú do ċruṫuiġ na h‐uile neiṫe, agus is ded’ ṫoil‐se atá siad ann, agus do cruṫuiġeaḋ iad.


g‐á ráḋ de ġuṫ árd, Is fiú an tUan atá íoḋbarṫa an ċuṁaċt, agus an saiḋḃreas, agus an eagnaiḋeaċt, agus an neart, agus an onóir, agus an ġlóir, agus an molaḋ d’ḟáġáil.


Agus i lár na riġ‐ċaṫaoireaċ agus na gceiṫre n‐ainṁiḋe, agus i lár na seanóir, do ċonnacas an tUan ’n‐a ṡeasaṁ, mar ḃéaḋ sé tar éis a íoḋbarṫa, seaċt n‐aḋarca agus seaċt súile aige, gur ab iad seaċt Spioraidí Dé iad,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan