Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 5:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus i lár na riġ‐ċaṫaoireaċ agus na gceiṫre n‐ainṁiḋe, agus i lár na seanóir, do ċonnacas an tUan ’n‐a ṡeasaṁ, mar ḃéaḋ sé tar éis a íoḋbarṫa, seaċt n‐aḋarca agus seaċt súile aige, gur ab iad seaċt Spioraidí Dé iad,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Uime sin do ḟéuċ mé, agus, féuċ, a meaḋón na caṫaóireaċ, agus na gceiṫre mbeaṫaċ, agus a meaḋón na seanóir, Uán na ṡeasaṁ aṁuil tar éis a ṁarḃṫa, ar a raḃadar seaċd naḋarca agus seaċd súile, agár ab íad seaċd Sbiorada Dé íad do cuireaḋ amaċ feaḋ na talṁan uile.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 5:6
35 Iomraidhean Croise  

Agus do ṫóg sé fuascaltóir mór‐ċumasaċ dúinn I dteaġlaċ Ḋáiḃi, a ṡeirḃíseaċ


An lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċonnaic sé Íosa ag teaċt ċuige, agus aduḃairt sé, Féaċ Uan Dé ṫógas peacaḋ an doṁain!


agus d’ḟéaċ sé ar Íosa do ḃí ag dul ṫart, agus aduḃairt sé. Féaċ Uan Dé!


Agus is é seo an ċuid de’n scrioptúir do ḃí aige d’a léiġeaḋ, Do treoruiġeaḋ é aṁail caora ċum báis; Agus aṁail uan n‐a ṫost i láṫair a lomaire, Níor ḟoscail sé a ḃéal:


EOIN ċum na seaċt n‐eaglais atá san Áise: Grása agus síoṫċáin daoiḃ ó’n té atá ann, agus do ḃí ann, agus atá ag teaċt; agus ó na seaċt Spioraidiḃ atá os cóṁair a riġ‐ċaṫaoireaċ;


Agus rugadar buaiḋ air tré ḟuil an Uain, agus tré ḃriaṫar a ḃfiaḋnaise: agus níor ċuireadar suim ’na n‐anam go dtí an bás féin.


Agus ḃéarfaiḋ luċt áitreaḃa na talṁan aḋraḋ ḋó, gaċ duine naċ ḃfuil a ainṁ scríoḃṫa i leaḃar beaṫaḋ an Uain do h‐íoḋbaraḋ ó ḃunaḋ an doṁain.


Agus do ḋearcas, agus féaċ, an tUan ’n‐a ṡeasaṁ ar ċnoc Síoin, agus céad ceaṫrar agus dá ḟiċid míle duine ’n‐a ḟoċair, agus a ainm‐sean agus ainm a Aṫar scríoḃṫa ar ċláraiḃ a n‐éadain.


Cuirfiḋ siad cogaḋ ar an Uan, agus buaiḋfiḋ an tUan orṫa, óir is é Tiġearna na dtiġearna agus Rí na riġṫe é: agus buaiḋfiḋ siad‐san atá i n‐éinḟeaċt leis: do glaoḋaḋ, agus do toġaḋ iad, agus tá siad dílis.


Agus ní ḟacas aon teampall istiġ innti: óir is é an Tiġearna Uile‐ċuṁaċtaċ, mar aon leis an Uan, is teampall di.


Agus ní ḟuil gáḃaḋ ag an gcaṫair leis an ngréin, ná leis an ngealaiġ ċum í do ṡoillsiú: óir soillsiġeann glóir Dé í, agus is é an tUan is solas di.


Agus do ṫaisbeáin sé ḋom aḃa uisce na beaṫaḋ, ċóṁ deallraṁaċ le criostal, ag teaċt amaċ ó riġ‐ċaṫaoir Dé agus an Uain.


Agus ní ḃéiḋ éinniḋ malluiġṫe ann feasta: aċt béiḋ riġ‐ċaṫaoir Dé agus an Uain san gcaṫair: agus déanfaiḋ a ṡeirḃísiġ seirḃís dó;


Do ḃí sé sciaṫáin ag gaċ ceann de na h‐ainṁiḋṫiḃ, agus ’n‐a dtimċeall, agus taoḃ istiġ ḋíoḃ atá siad lán de ṡúiliḃ: agus ní ṫostann siad de ló ná d’oiḋċe, aċt iad g‐á ráḋ, Naoṁṫa, naoṁṫa, naoṁṫa, Tiġearna Dia Uile‐ċuṁaċtaċ, do ḃí ann, agus atá ann, agus atá ag teaċt.


Agus do ḋearcas, agus ċualas glór a láin aingeal i dtimċeall na riġ‐ċaṫaoireaċ agus i dtimċeall na n‐ainṁiḋe agus na seanóir, agus ba é a líon deiċ míle fó ḋeiċ míle agus na mílte de ṁíltiḃ;


g‐á ráḋ de ġuṫ árd, Is fiú an tUan atá íoḋbarṫa an ċuṁaċt, agus an saiḋḃreas, agus an eagnaiḋeaċt, agus an neart, agus an onóir, agus an ġlóir, agus an molaḋ d’ḟáġáil.


Agus gaċ niḋ dár cruṫuiġeaḋ ar neaṁ, nó ar talaṁ, agus fá’n talaṁ, agus san ḃfairrge, agus gaċ a ḃfuil ionnta, do ċualas iad g‐á ráḋ, An molaḋ, agus an onóir, agus an ġlóir, agus an ċuṁaċt, go raiḃ ag an té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, agus ag an Uan go saoġal na saoġal.


Agus aduḃairt na ceiṫre h‐ainṁiḋṫe, Amen. Agus do ṫuit na seanóirí síos agus do rinneadar aḋraḋ.


agus aduḃradar leis na sléiḃtiḃ, Tuitiḋ anuas orainn, agus foiliġiḋ ar ġnúis an té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir sinn, agus ar ḋíḃeirg an Uain:


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan