Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 5:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus aduḃairt na ceiṫre h‐ainṁiḋṫe, Amen. Agus do ṫuit na seanóirí síos agus do rinneadar aḋraḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus a duḃradar na ceiṫre beaṫuiġ, Amén. Agus do léigeadar an ceaṫrar ar ḟiċid seanóir íad féin síos ar a naiġṫiḃ agus tugadar onóir don té ṁaireas go sáoġal na sáoġal.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 5:14
9 Iomraidhean Croise  

Muna mbéaḋ sin, má ḃeir tú buiḋeaċas leis an spiorad, an té atá gan eolas, cionnas adéarfas sé Amen, agus tú ag breiṫ buiḋeaċais?


Agus do ṫuit an ceaṫrar agus fiċe seanóir agus na ceiṫre h‐ainṁiḋṫe síos, agus d’aḋradar Dia atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, g‐á ráḋ, Amen; Allelúia!


Agus do ḃí ceiṫre riġ‐ċaṫaoireaċa agus fiċe, agus ceaṫrar agus fiċe seanóir ’n‐a suiḋe ins na riġ‐ċaṫaoireaċaiḃ, éadaiġe geala umpa,


Agus os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ do ḃí mar ḃéaḋ fairrge gloine cosṁail le criostal: agus i lár gaċ taoiḃe de’n riġ‐ċaṫaoir, ’n‐a ṫimċeall, do ḃí ceiṫre h‐ainṁiḋṫe lán de ṡúiliḃ ar tosaċ rómpa agus ar a gcúl.


Agus do ḋearcas, agus ċualas glór a láin aingeal i dtimċeall na riġ‐ċaṫaoireaċ agus i dtimċeall na n‐ainṁiḋe agus na seanóir, agus ba é a líon deiċ míle fó ḋeiċ míle agus na mílte de ṁíltiḃ;


Agus i lár na riġ‐ċaṫaoireaċ agus na gceiṫre n‐ainṁiḋe, agus i lár na seanóir, do ċonnacas an tUan ’n‐a ṡeasaṁ, mar ḃéaḋ sé tar éis a íoḋbarṫa, seaċt n‐aḋarca agus seaċt súile aige, gur ab iad seaċt Spioraidí Dé iad,


Agus nuair do ġlác sé an leaḃar, do ṫuit na ceiṫre h‐ainṁiḋṫe agus an ceaṫrar seanóir agus fiċe síos os cóṁair an Uain, cruit ag gaċ duine aca, agus soiṫiġ óir lán de ṫúis aca, gur ab iad urnaiġṫe na naoṁ iad.


g‐á raḋ, Amen: Molaḋ, agus glóir, agus eagnaiḋeaċt, agus buiḋeaċas, agus onóir, agus cuṁaċt, agus neart go raiḃ ag ár nDia go saoġal na saoġal. Amen.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan