Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 4:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Do ḃí sé sciaṫáin ag gaċ ceann de na h‐ainṁiḋṫiḃ, agus ’n‐a dtimċeall, agus taoḃ istiġ ḋíoḃ atá siad lán de ṡúiliḃ: agus ní ṫostann siad de ló ná d’oiḋċe, aċt iad g‐á ráḋ, Naoṁṫa, naoṁṫa, naoṁṫa, Tiġearna Dia Uile‐ċuṁaċtaċ, do ḃí ann, agus atá ann, agus atá ag teaċt.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus do ḃí ar gaċ beaṫaċ fó leiṫ do na ceiṫre beaṫuiġiḃ sin, sé sgiaṫáin fá gcuáirt; agus íad don táoḃ a stiġ lán do ṡúiliḃ: agus níor sguireadar do ló ná doiḋċe, dá ḃeiṫ ag ráḋ, Is náoṁṫa, náoṁṫa, náoṁṫa, an Tiġearna Día Uileċúṁaċdaċ, an té ḃí, agus atá agus ḃías.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 4:8
42 Iomraidhean Croise  

D’á ḃriġ sin biḋiḋ ag faire, agus taḃraiḋ ċum ḃúr gcuiṁne nár scuireas de lá ná d’oiḋċe, ar feaḋ trí bliaḋan de ṫeagasc do ṫaḃairt daoiḃ le deoraiḃ.


Agus béiḋead mar Aṫair agaiḃ, Agus béiḋ siḃ‐se mar ċlann‐ṁac agus mar ċlann‐inġean agam, adeir an Tiġearna Uile‐ċuṁaċtaċ.


Óir is cuiṁin liḃ, a ḃráiṫre, an saoṫar agus an duaḋ fuaramar: ag obair d’oiḋċe agus de ló, ċum naċ mbéimís mar ualaċ ar aon duine agaiḃ, do ṡeanmóruiġeamar soiscéal Dé ḋaoiḃ.


Taḃair aire ḋuit féin agus dod’ ṫeagasc; lean díoḃ; óir, g‐á ḋéanaṁ ḋuit, saorfair ṫú féin agus iad‐san éisteas leat.


déan an briaṫar do ċraoḃ‐scaoileaḋ; bí go díoġrasaċ i dtráṫ agus i n‐ántráṫ; bí ag spreagaḋ, ag smaċtaḋ, ag gríosaḋ le gaċ ceannsaċt agus le gaċ teagasc;


Atá Íosa Críost gan aṫrú indé, indiu agus go síorraiḋe.


EOIN ċum na seaċt n‐eaglais atá san Áise: Grása agus síoṫċáin daoiḃ ó’n té atá ann, agus do ḃí ann, agus atá ag teaċt; agus ó na seaċt Spioraidiḃ atá os cóṁair a riġ‐ċaṫaoireaċ;


Is mise an t‐Alfa agus an t‐Ómega, adeir an Tiġeara Dia, an té atá ann, agus do ḃí ann, agus atá ag teaċt, an tUile‐ċuṁaċtaċ.


agus d’aḋradar Dia, g‐á ráḋ, Do‐ḃeirimíd a ḃuiḋeaċas leat, a Ṫiġearna Dia Uile‐ċuṁaċtaiġ, atá ann, agus do ḃí ann, agus ḃéas ann; gur ġaḃais ċugat do ċuṁaċt, agus gur ġlacais réimeas ríoġ.


agus béiḋ deataċ a ġéar‐ċráḋa ag dul suas i n‐áirde go saoġal na saoġal; agus ní ḃíonn suaiṁneas de ló ná d’oiḋċe aca‐san do‐ġní aḋraḋ do’n ainṁiḋe agus d’á íoṁáiġ, ná ag aon duine ġlacas ċuige marc a ainme.


agus do ḃíodar ag canaḋ aṁráin, mar ḃéaḋ aṁrán úr‐nua, ós cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ, agus os cóṁair na gceiṫre n‐ainṁiḋe, agus os cóṁair na seanóir: agus ní raiḃ ar ċumas d’aoinneaċ an t‐aṁrán sin d’ḟoġlaim, aċt aṁáin do’n ċéad ceaṫrar, agus dá ḟiċid míle duine do ḃí ceannuiġṫe as a raiḃ ar talaṁ.


Agus do ḃíodar ag canaḋ aṁráin Ṁaoise seirḃísiġ Dé, agus aṁráin an Uain, g‐á ráḋ, Is mór, iongantaċ iad t’oibreaċa, a Ṫiġearna, a Ḋia Uile‐ċuṁaċtaiġ. Is cóir, fírinneaċ iad do ṡliġṫe, a Riġ na gciniḋeaċ.


Agus ṫug ceann de na ceiṫre h‐ainṁiḋṫiḃ seaċt soiṫiġe óir do na seaċt n‐aingliḃ, agus iad lán de ḋíḃeirg Dé ṁaireas go saoġal na saoġal.


óir is spioraidí deaṁan iad, ag oibriú míorḃailtí, ṫéiġeas amaċ ċum riġṫe an doṁain uile, ċum iad do ċruinniú le ċéile fá ċóṁair cogaiḋ lae ṁóir Dé Uile‐ċuṁaċtaiġ.


Agus do ċualas glór ó’n altóir, g‐á ráḋ, Is eaḋ, a Ṫiġearna, a Ḋia Uile‐ċuṁaċtaiġ, is fírinneaċ coṫrom iad do ḃreiṫeaṁantaisí.


Agus atá claiḋeaṁ géar ar síneaḋ as a ḃéal, ċum na ciniḋeaċa do ḃualaḋ leis, agus riaġlóċaiḋ sé le slait iarainn iad: agus satalóċaiḋ sé d’á ċois iomar fíona dian‐ḟeirge Dé Uile‐ċuṁaċtaiġ.


Agus do ṫuit an ceaṫrar agus fiċe seanóir agus na ceiṫre h‐ainṁiḋṫe síos, agus d’aḋradar Dia atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, g‐á ráḋ, Amen; Allelúia!


Agus ní ḟacas aon teampall istiġ innti: óir is é an Tiġearna Uile‐ċuṁaċtaċ, mar aon leis an Uan, is teampall di.


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i ḃFiladelfia; Is é adeir an té atá naoṁṫa, an té atá fíor, an té go ḃfuil eoċair Ḋáiḃí aige, an té ḟosclas, agus ní dúntar ’n‐a ḋiaiḋ; té ḋúnas, agus ní foscailtear ’n‐a ḋiaiḋ:


Agus do ḃí ceiṫre riġ‐ċaṫaoireaċa agus fiċe, agus ceaṫrar agus fiċe seanóir ’n‐a suiḋe ins na riġ‐ċaṫaoireaċaiḃ, éadaiġe geala umpa,


Agus os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ do ḃí mar ḃéaḋ fairrge gloine cosṁail le criostal: agus i lár gaċ taoiḃe de’n riġ‐ċaṫaoir, ’n‐a ṫimċeall, do ḃí ceiṫre h‐ainṁiḋṫe lán de ṡúiliḃ ar tosaċ rómpa agus ar a gcúl.


Agus nuair ḃeireas na h‐ainṁiḋṫe glóir agus onóir agus buiḋeaċas do’n té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, do’n té ṁaireas go saoġal na saoġal,


Agus i lár na riġ‐ċaṫaoireaċ agus na gceiṫre n‐ainṁiḋe, agus i lár na seanóir, do ċonnacas an tUan ’n‐a ṡeasaṁ, mar ḃéaḋ sé tar éis a íoḋbarṫa, seaċt n‐aḋarca agus seaċt súile aige, gur ab iad seaċt Spioraidí Dé iad,


Agus nuair ḃris an tUan ceann de na séalaiḃ, do ḋearcas agus do ċualas ceann de na h‐ainṁiḋṫiḃ g‐á ráḋ mar ḃéaḋ le fuaim tóirniġe, Tar.


Agus do ċualas mar ḃéaḋ guṫ i lár na gceiṫre n‐ainṁiḋe g‐á ráḋ, Miosúr cruiṫneaċtan ar ṗinginn, agus trí ṁiosúr eornan ar ṗinginn: aċt ná déan doċar do’n ola ná do’n ḟíon.


Agus do ḃí na h‐aingle uile ’n‐a seasaṁ i dtimċeall na riġ‐ċaṫaoireaċ, agus i dtimċeall na seanóir agus na gceiṫre n‐ainṁiḋe; agus do ṫuiteadar ar a n‐aiġṫiḃ fúṫa os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ, agus d’aḋradar Dia,


Uime sin is eaḋ ḃíonn siad os cóṁair riġ‐ċaṫaoireaċ Dé; agus bíonn siad ag déanaṁ seirḃíse ḋó de ló agus d’oiḋċe ’n‐a ṫeampall: agus an té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, cuṁdóċaiḋ sé fá n‐a ṗailiún iad.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan