Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 4:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 g‐á ráḋ, Is fiú ṫú, a Ṫiġearna agus a Ḋia an ġlóir agus an onóir agus an ċuṁaċt d’ḟáġáil: óir is tú do ċruṫuiġ na h‐uile neiṫe, agus is ded’ ṫoil‐se atá siad ann, agus do cruṫuiġeaḋ iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 As fíu ṫú, a Ṫíġearna, glóir, agus onóir, agus cúṁaċda dfaġáil: óir as tú do ċruṫuiġ na huile neiṫe, agus as tré do ṫóilse atáid agus do crúṫuiġéaḋ íad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 4:11
31 Iomraidhean Croise  

ag liúġaḋ agus g‐á ráḋ, A ḋaoine, créad do b’áil liḃ a leiṫéid sin do ḋéanaṁ? Daoine go ḃfuil an nádúir ċéadna againn agus atá agaiḃ féin, is eaḋ sinne, agus atáimíd ag taḃairt deaġ‐scéala ḋaoiḃ, go gcaiṫfiḋ siḃ iompóḋ ó na neiṫiḃ baoṫa sin ċum Dé ḃí, do ċruṫuiġ neaṁ, agus talaṁ, agus muir, agus a ḃfuil ionnta:


An Dia do‐rinne an doṁan agus a ḃfuil ann, ó’s é Tiġearna neiṁe agus talṁan é, ní ċóṁnuiġeann sé i dteampallaiḃ do‐rinneaḋ le láṁaiḃ;


Óir is uaiḋ‐sean, agus is ṫríd‐sean atá an uile niḋ ann. Aige‐sean go raiḃ an ġlóir go síorraiḋe. Amen.


agus a ċur i dtuigsin cionnas mar dáileaḋ an rúindiaṁair do ḃí fá ċeilt leis na ciantaiḃ i nDia do ċruṫuiġ gaċ uile niḋ;


Agus, Is tusa, a Ṫiġearna, i dtosaċ do leag bun an doṁain, Agus is iad na spéarṫa oibreaċa do láṁ:


aċt do laḃair sé linne ins na laeṫaiḃ deireannaċa so tré n‐a Ṁac, do ċinn sé mar oiḋre ar a ḃfuil ann, tré n‐ar ċruṫuiġ sé an doṁan, leis.


agus do rinne ríoġaċt dínn, ċum ḃeiṫ ’n‐ár sagartaiḃ do Ḋia a Aṫair; dó‐san go raiḃ an ġlóir agus an ċuṁaċt go saoġal na saoġal. Amen.


agus do ḋearḃuiġ sé ar an té ṁaireas go saoġal na saoġal, an té do ċruṫuiġ neaṁ agus a ḃfuil ann, agus an talaṁ agus a ḃfuil ann, agus an ḟairrge agus a ḃfuil innti,


agus duḃairt sé de ġuṫ árd, Bíoḋ eagla Dé oraiḃ, agus taḃraiḋ glóir dó; óir atá uair a ḃreiṫeaṁnais tagṫa: agus déanaiḋ aḋraḋ do’n té do rinne neaṁ agus talaṁ agus muir agus toibreaċa an uisce.


’Na ḋiaiḋ sin do ċualas mar ḃéaḋ árd‐ġlór mór‐ṡluaiġ ar neaṁ, g‐á ráḋ, Allelúia! Is le n‐ár nDia an slánuġaḋ, agus an ġlóir, agus an ċuṁaċt:


g‐á ráḋ de ġuṫ árd, Is fiú an tUan atá íoḋbarṫa an ċuṁaċt, agus an saiḋḃreas, agus an eagnaiḋeaċt, agus an neart, agus an onóir, agus an ġlóir, agus an molaḋ d’ḟáġáil.


Agus do ċonnacas aingeal tréan‐láidir g‐á ḟógairt de ġuṫ árd, Cia h‐é gur fiú é an leaḃar d’ḟoscailt agus a ṡéalaí do scaoileaḋ?


Agus do ċanadar aṁrán úr‐nua, g‐á ráḋ, Is fiú ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ agus a ṡéalaí d’ḟoscailt: de ḃriġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiġis do Ḋia led’ ḟuil daoine de gaċ treiḃ, agus de gaċ teangain, agus de gaċ pobal, agus de gaċ cineaḋ,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan