Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 4:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 ’N‐a ḋiaiḋ sin do ḋearcas, agus féaċ, doras ar ḟoscailt ar neaṁ, agus an ċéad guṫ do ċualas do ḃí sé mar ḃéaḋ fuaim stuic ag laḃairt liom, g‐á ráḋ, Gaḃ aníos annso, agus taisbeánfad duit na neiṫe atá le teaċt ċum críċe ’n‐a ḋiaiḋ seo.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Na ḋiaiġ so do ḟéuċ me, agus, féuċ, doras fosguilte ar neaṁ: agus an céud ġúṫ do ċúaluiḋ mé, mar ḟuáim sduic ag laḃairt riom; ag ráḋ, Gaḃ a níos ann so, agus foillseóċad ḋuit na neiṫe as éigean do ḋéunaṁ na ḋiáiġ so.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 4:1
21 Iomraidhean Croise  

Agus ar mbeiṫ d’Íosa baistṫe, do ċuaiḋ sé suas as an uisce ar an láṫair: agus, féaċ, do fosclaḋ na flaiṫis dó, agus do ċonnaic sé Spiorad Dé ag tuirling i rioċt cuilm, agus ag teaċt anuas air:


Agus ar an láṫair, ar dteaċt aníos dó as an uisce, do ċonnaic sé na flaiṫis ar ḟoscailt agus an Spiorad Naoṁ ag tuirling anuas air i rioċt cuilm;


Agus ṫarla, nuair do ḃí na daoine go léir baistṫe, agus ḃí Íosa baistṫe, agus ḃí sé ag guiḋe, gur fosclaḋ na flaiṫis,


nuair ṫiocfas an Spiorad úd na fírinne, treoróċaiḋ sé ċum na fírinne uile siḃ: óir ní h‐uaiḋ féin laḃras sé; aċt laḃarfaiḋ sé gaċ a gcluineann sé: agus noċtfaiḋ sé ḋaoiḃ na neiṫe atá le teaċt.


agus do ċonnaic sé na flaiṫis ar ḟoscailt, agus soiṫeaċ, mar ḃéaḋ seol mór, ag tuirling, d’á leigin anuas, agus é ceangailte ar na ceiṫre cúinniḃ, ar an talaṁ:


agus aduḃairt sé, Féaċ, ċím na flaiṫis ar ḟoscailt, agus Mac an Duine ’n‐a ṡeasaṁ ar ḋeasláiṁ Dé.


Do ḃíos fá anáil an Spioraid lá an Tiġearna, agus do ċualas an glór taoḃ ṫiar díom, mar ḃéaḋ glór stuic,


Agus d’iompuiġeas ṫart ċum an té gur leis an guṫ d’ḟeicsin. Agus ar n‐iompoḋ ḋom do ċonnacas seaċt gcoinnleoirí óir;


D’á ḃriġ sin scríoḃ na neiṫe do ċonnacais, agus ná neiṫe atá ann, agus na neiṫe atá le ḃeiṫ ann ’n‐a ḋiaiḋ seo;


Agus do ċualadar glór mór ó neaṁ g‐á ráḋ leo, Gaḃaiḋ aníos annso. Agus do ċuadar suas ar neaṁ san néall; agus do ċonnaic a náiṁde iad.


Agus do fosclaḋ teampall Dé ar neaṁ; agus do noċtaḋ airc a ċonnarṫa istiġ ’n‐a ṫeampall; agus do ḃí teinnteaċa, agus glórṫa, agus tóirneaċa, agus crioṫ talṁan, agus cloiċ‐ṡneaċta mór ann.


Agus do ḋoirt an seaċtṁaḋ h‐aingeal a ṡoiṫeaċ amaċ san aer; agus ṫáinig árd‐ġlór amaċ as an teampall, ó’n riġ‐ċaṫaoir, g‐á ráḋ, Atá sé déanta:


Annsin do ċonnacas neaṁ ar ḟoscailt; agus féaċ, eaċ bán, agus an té do ḃí ar muin air, tugaḋ Dílse agus Fírinne mar ainm air; agus is do réir an ċirt do‐ġní sé breiṫeaṁnas, agus ċuireann sé cogaḋ.


Agus aduḃairt sé liom, Atá na briaṫra so ionnraic, fírinneaċ; an Tiġearna, Dia spiorad na ḃfáiḋ, do ċuir sé a aingeal uaiḋ ċum na neiṫe atá le teaċt ċum críċe go luaṫ do noċtaḋ d’á ṡeirḃíseaċaiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan