Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 3:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Aċt atá beagán daoine i Sárdis nár ṡaluiġ a n‐éadaiġe: agus siuḃalfaid‐sean i n‐éinḟeaċt liom i n‐éadaiġiḃ geala; óir is fiú iad é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Atá beagán danmannuiḃ fos agad a Sardis nár ṡlauiḋ a néuduiġe; agus siuḃóluid síad má ráon riomsa a néuduiġiḃ gléiġeala: óir as fíu sin íad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 3:4
31 Iomraidhean Croise  

Agus cibé caṫair nó baile beag ’n‐a raċaiḋ siḃ isteaċ, cuiriḋ tuairisc deaġ‐ḋuine ann; agus fanaiḋ annsin nó go raiḃ siḃ ag imṫeaċt.


Agus ag dul isteaċ sa tuama ḋóiḃ, do ċonnacadar an t‐ógánaċ ’n‐a ṡuiḋe ar ṫaoḃ na láiṁe deise, agus brat geal air; agus ṫáinig uaṫḃás orṫa.


aċt na daoine go meastar gur fiú iad an saoġal úd, agus an aiséirġe ó na marḃaiḃ d’ḟáġáil, ní ṗósaidsean agus ní tugtar le pósaḋ iad:


Aċt biḋiḋ ag faire i gcóṁnaiḋe, agus ag guiḋe, go mbéiḋ sé de neart agaiḃ éalóḋ ó na neiṫiḃ sin uile atá le teaċt, agus seasaṁ i láṫair Ṁic an Duine.


Agus ins na laeṫiḃ sin d’éiriġ Peadar i lár na mbráiṫreaċ, (do ḃí cruinniú daoine ann, tuairim céad agus fiċe),


Cóṁarṫa ceart‐ḃreiṫeaṁnais Dé is eaḋ é; ionnas go measfaiḋe gur fiú siḃ ríoġaċt Dé, go ḃfuil siḃ ag fulang ar a son:


saoraiḋ cuid eile, g‐á dtarrang as an teiniḋ; agus déanaiḋ trócaire ar ċuid eile le h‐eagla; ag taḃairt fuaṫa do’n éadaċ féin atá saluiġṫe leis an gcolainn.


g‐á ráḋ, An méid do‐ċí tú, scríoḃ i leaḃar é, agus cuir ċum na seaċt n‐eaglais é; ċum Eiféise, agus ċum Smiorna, agus ċum Pergamum, agus ċum Tuatíra, agus ċum Sárdis, agus ċum Filadelfia, agus ċum Laodicia.


Agus an uair ċéadna sin do ḃí crioṫ mór talṁan ann, agus do ṫuit an deiċeaṁaḋ cuid de’n ċaṫair ar lár, agus do marḃaḋ seaċt míle duine san gcrioṫ talṁan agus do scannruiġ an ċuid eile ḋíoḃ, agus ṫugadar glóir do Ḋia na ḃflaiṫeas.


Is iad‐san iad nár ṡaluiġ iad féin le mnáiḃ; óir is ar staid óġaċta atáid. Is iad‐san leanas an tUan cibé áit ’n‐a dtéiġeann sé. Is iad do ceannuiġeaḋ as lár na ndaoine ċum ḃeiṫ ’n‐a gcéad‐ṫorṫaiḃ do Ḋia agus do’n Uan.


Agus na sluaiġte atá ar neaṁ do ḃíodar g‐á leanṁain ar éaċaiḃ bána, agus iad clúduiġṫe le línéadaċ mín‐ġeal, glan‐úr.


Agus tugaḋ de ċéad di í féin do ċlúdú le línéadaċ mín‐ġeal, glan‐úr: óir is é an línéadaċ mín gníoṁarṫa fíréanta na naoṁ.


cóṁairliġim duit ór do h‐aṫ‐ḃruiṫneaḋ i dteiniḋ do ċeannaċ uaim‐se, ċum go mbéiḋ tú saiḋḃir, agus éadaiġe geala ċum clúdaċ do ċur ort féin, ċum naċ ḃfeicfear náire do lomnoċtaċta; agus ungaḋ le cuimilt ar do ṡúiliḃ, ċum go ḃfeiciḋ tú.


An té ḃeireas buaiḋ, clúdóċar é ar an gcuma sin le h‐éadaiġiḃ geala; agus ní scriosfad a ainm amaċ ċoiḋċe as leaḃar na beaṫaḋ, agus adṁóċad a ainm i láṫair m’Aṫar agus i láṫair a aingeal.


Agus do ḃí ceiṫre riġ‐ċaṫaoireaċa agus fiċe, agus ceaṫrar agus fiċe seanóir ’n‐a suiḋe ins na riġ‐ċaṫaoireaċaiḃ, éadaiġe geala umpa,


Agus tugaḋ róba geal do gaċ duine aca; agus aduḃraḋ leo fanaṁain go suaiṁneaċ tamall beag eile, nó go gcóiṁlíontaiḋe méid a gcóiṁ‐ṡeirḃíseaċ agus a mbráṫar do ḃí le marḃaḋ mar iad féin.


’N‐a ḋiaiḋ sin do ḋearcas, agus féaċ, sluaġ mór naċ ḃféadfaḋ aon duine a áireaṁ, de gaċ cineaḋ, agus de gaċ treiḃ, agus de gaċ pobal, agus de gaċ teangain, ’n‐a seasaṁ os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ agus os cóṁair an Uain, éadaiġe geala umpa, agus pailmeaċa ’n‐a láṁaiḃ aca;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan