Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 3:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 De ḃriġ go n‐abrann tú, Atáim saiḋḃir agus maoin ar mo ṁian agam, gan uireasḃaiḋ éinniḋ orm; gan a ḟios agat gur tusa an duine dearóil, anróiteaċ, boċt, dall, lomnoċt:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Oír a deir tú, Atáim saiḋḃir, agus líonta do ṁáoin, agus ní ḃfuil uireasḃuiḋ éinneiṫe oram; agus gan a ḟios agad go ḃfuil tú dearóil, agus ad ṫrúaġan, agus boċd, agus dall, agus lomnoċd:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 3:17
26 Iomraidhean Croise  

Is aoiḃinn d’á ḃfuil boċt ’n‐a spioraid, mar is leo‐san ríoġaċt na ḃflaiṫeas.


Aċt nuair do‐ċuala seisean é, aduḃairt sé, Ní h‐iad‐san atá slán ag a ḃfuil gáḃaḋ le liaiġ, aċt iad atá breoite.


Do líon sé luċt an ocrais d’oll‐ṁaiṫeasaiḃ; Agus do ċuir sé folaṁ uaiḋ luċt an tsaiḋḃris.


Aċt is mairg daoiḃ‐se atá saiḋḃir! óir atá ḃúr sólás agaiḃ ċeana féin.


Is fíor sin: aċt is de ḋeascaiḃ mí‐ċreidiṁ do briseaḋ iad de, agus is tré ċreideaṁ ṡeasas tusa. Ná bí mór‐ḋálaċ, aċt bíoḋ eagla ort:


Óir níorḃ áil liom, a ḃráiṫre, gan fios na rúindiaṁaire seo ḃeiṫ agaiḃ, ar eagla go n‐éireoċaḋ siḃ glic ’n‐ḃur saoḃ‐ṫuairim féin, is é sin go ḃfuil cruaḋaḋ tagṫa ar ċuid de ṁuinntir Israel, nó go dtagaiḋ an t‐iomlán de na Cineaḋaċaiḃ isteaċ;


Óir adeirim, ṫríd an ngrása tugaḋ ḋom, le gaċ duine ’n‐ḃur measc, gan meas níos áirde ’ná ba ċóir do ḃeiṫ aige air féin, aċt maċtnaṁ stuamḋa do déanaṁ, do réir mar roinn Dia ar gaċ duine a ṁiosúr féin de ċreideaṁ.


Mo léan! naċ mise an duine truaġa! Cia ḟuasclóċas ó ċorp so an ḃáis mé?


Óir an té go ḃfuil na neiṫe seo i n‐easnaṁ air, atá sé gearr‐raḋarcaċ; ní ḟeiceann sé éinniḋ naċ ḃfuil i ngar dó, agus atá sé g‐á ḋearmad gur glanaḋ é ó na ṡean‐ṗeacaiḋiḃ.


(Féaċ, atáim ag teaċt ar nós gadaiḋe. Is aoiḃinn do’n té do‐ġní faire, agus ċoiṁeádas a ċuid éadaiġe, ar eagla go siuḃalfaḋ sé lomnoċt, agus go ḃfeicfiḋe a náire).


Is eol dom t’anró, agus do ḃoċtaine (aċt atáir saiḋḃir), agus maslú an dreama adeir gur Iúdaiġ iad, agus naċ eaḋ, aċt gur sionagóg Ṡátain iad.


D’á ḃriġ sin, ó ṫárla ṫú ḃeiṫ bog‐ṫe, gan ḃeiṫ te ná fuar, scéiṫfead as mo ḃéal amaċ ṫú.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan