Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 3:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i Laodicia; Is é adeir an tAmen, an fiaḋnaiḋe dílis, fírinneaċ, tosaċ a ḃfuil cruṫuiġṫe ag Dia:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus sgríoḃ ċum aingil eagluise Laodicéa; Ag so na neiṫe a deir Amen, an ḟíaḋnuise ḋíleas ḟírinneaċ, tosaċ crúṫuíġeaḋ Dé;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 3:14
22 Iomraidhean Croise  

Is tríd‐sean do rinneaḋ an uile niḋ, agus ’na éagmais‐sean ní dearnaḋ éinniḋ d’á ḃfuil ann.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Bíoḋ go ḃfuilim ag déanaṁ fiaḋnaise im’ ṫaoḃ féin, atá m’ḟiaḋnaise fírinneaċ, óir is eol dom cá h‐as a dtáinig mé, agus cá ḃfuilim ag dul; aċt ní ḟuil a ḟios agaiḃ‐se cá h‐as a dtáinig mé, ná cá ḃfuilim ag dul.


Dá ṁéid iad geallaṁnaċa Dé, is ann atá an ’seaḋ: agus d’á ḃriġ sin is tríd adeirtear Amén, ċum glóire Dé trínne.


Is é íoṁáiġ an Dé ḋo‐ḟeicsiona é, céid‐ġein gaċ ar cruṫuiġeaḋ;


Agus is é ceann an ċuirp é, is é sin ceann na h‐eaglaise: is é an príoṁ‐ṫús é, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ; ċum go mbéaḋ an t‐árd‐ġradam aige san uile niḋ.


Óir ba ṁian liom a ċur i ḃfios daoiḃ a ḋéine is tá an troid atá d’á déanaṁ agam ar ḃur son‐sa, agus ar son muinntire Laodicia, agus ar son na ndaoine uile naċ ḃfaca mo ġnúis san ḃfeoil;


Agus nuair ḃéas an eipistil seo léiġte ’n‐ḃur measc féin daoiḃ, cuiriḋ d’á léiġeaṁ í i n‐eaglais na Laodiciaċ leis; agus léiġiḋ‐se an eipistil ó Laodicia mar an gcéadna.


g‐á ráḋ, An méid do‐ċí tú, scríoḃ i leaḃar é, agus cuir ċum na seaċt n‐eaglais é; ċum Eiféise, agus ċum Smiorna, agus ċum Pergamum, agus ċum Tuatíra, agus ċum Sárdis, agus ċum Filadelfia, agus ċum Laodicia.


agus ó Íosa Críost, an fiaḋnaiḋe fírinneaċ, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ, agus árd‐rí riġṫe na talṁan. Do’n té ġráḋuiġeas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaiḋiḃ le n‐a ḟuil féin sinn;


Annsin do ċonnacas neaṁ ar ḟoscailt; agus féaċ, eaċ bán, agus an té do ḃí ar muin air, tugaḋ Dílse agus Fírinne mar ainm air; agus is do réir an ċirt do‐ġní sé breiṫeaṁnas, agus ċuireann sé cogaḋ.


Scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i nÉiféis; Is é adeir an té ċongḃuiġeas na seaċt réaltana ’n‐a láiṁ ḋeis, an té ṡiuḃlas i lár na seaċt gcoinnleoir óir:


Agus aduḃairt sé liom, Atá sé déanta, Is mise an tAlfa agus an tÓmega, an tosaċ agus an deireaḋ. Do’n té go ḃfuil tart air do‐ḃéarfad le n’ól de ṫobar uisce na beaṫaḋ i n‐aisce ḋó.


Is mise an tAlfa agus an tÓmega, an príoṁṫús agus an foirceann, an tosaċ agus an deireaḋ.


Agus aduḃairt sé liom, Atá na briaṫra so ionnraic, fírinneaċ; an Tiġearna, Dia spiorad na ḃfáiḋ, do ċuir sé a aingeal uaiḋ ċum na neiṫe atá le teaċt ċum críċe go luaṫ do noċtaḋ d’á ṡeirḃíseaċaiḃ.


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i ḃFiladelfia; Is é adeir an té atá naoṁṫa, an té atá fíor, an té go ḃfuil eoċair Ḋáiḃí aige, an té ḟosclas, agus ní dúntar ’n‐a ḋiaiḋ; té ḋúnas, agus ní foscailtear ’n‐a ḋiaiḋ:


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan