Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 3:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i Sárdis; Is é adeir an té go ḃfuil seaċt Spioraídí Dé aige, agus na seaċt réaltana: Is eol dom t’oibreaċa, agus go ḃfuilir i n‐ainm ḃeiṫ beo, aċt gur marḃ atáir.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus sgríoḃ ċum aingil na heagluise atá a Sardis; Ag so na neiṫe a deir an ti agá ḃfuilid seaċd Sbiorada Dé, agus na seaċd réulta; As aiṫne ḋaṁ hoibreaċa, go ḃfuil ainm ort ḃeiṫ béo, giḋeaḋ atá tú marḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 3:1
30 Iomraidhean Croise  

óir do ḃí an mac so liom marḃ agus atá sé beo arís; do ḃí sé ar iarraiḋ, agus friṫ é. Agus do ṫosnuiġeadar ar ḃeiṫ go sultṁar.


Aċt ba ċeart súḃaċas agus gáirdeaċas do ḃéanaṁ: óir do ḃí do ḋearḃráṫair annso marḃ, agus do ṫéarnuiġ sé; do ḃí sé ar iarraiḋ agus friṫ é.


Óir is as a líonṁaire do ġlacamar uile, agus grás ar ġrás.


Agus níor aiṫniġeas‐sa é: aċt an té do ċuir uaiḋ mé ag baisteaḋ le h‐uisce, aduḃairt sé liom, An té go ḃfeicfir an Spiorad ag tuirling air, agus ag fanaṁain air, is é sin an té ḃaisteas leis an Spiorad Naoṁ.


Agus ar n‐a ráḋ sin dó, d’análuiġ sé orṫa, agus aduḃairt sé leo, Glacaiḋ an Spiorad Naoṁ:


Óir an té do ċuir Dia uaiḋ laḃrann sé briaṫra Dé: óir ní de réir tóṁais ḃronnas Dia an Spiorad.


Ar n‐a árdú, mar sin, le láiṁ ḋeis Dé, fuair sé ó’n Aṫair an Spiorad Naoṁ do ḃí geallta, agus do ḋoirt sé amaċ é seo, atá le feicsin agus le clos agaiḃ.


Agus do ḃí siḃ‐se marḃ do ḋeascaiḃ ḃur bpeacaḋ agus ḃur gcionnta,


nuair ḃíomar marḃ de ḋeascaiḃ ár gcionnta, do ḃeoḋuiġ sé i n‐éinḟeaċt le Críost sinn (is tré ġrása do slánuiġeaḋ siḃ), agus do ṫóg sé suas sinn i n‐éinḟeaċt leis,


Agus siḃ‐se do ḃí marḃ de ḋeascaiḃ ḃur gcionnta agus tré neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ ḃur ḃfeola, d’aiṫḃeoḋuiġ sé i n‐éinḟeaċt leisean siḃ, tar a éis dó ár gcionntaí uile do ṁaiṫeaṁ ḋúinn.


Aċt an ḃean ċuireas dúil i bpléisiúr, atá sí marḃ, agus í ’n‐a beaṫaiḋ.


Óir fá mar tá an corp marḃ gan an t‐anam ḃeiṫ ann, ar an gcuma ċéadna, rud marḃ is eaḋ creideaṁ gan gníoṁarṫa.


ar lorg na h‐aimsire, nó cóṁarṫa na h‐aimsire d’ḟoillsiġ Spiorad Ċríost do ḃí ionnta, nuair ṫug sé fios roiṁ ré i dtaoḃ a raiḃ le fulang ag Críost, agus i dtaoḃ na glóire do ḃí le leanaṁain ’n‐a ḋiaiḋ.


Atáid mar ḃéaḋ cairrgeaċa foluiġṫe ’n‐ḃur ḃfleaḋannaiḃ gráḋa, ag iṫe go craosaċ, mí‐náireaċ ’n‐ḃur gcuiḃreann, ag taḃairt aire ḋóiḃ féin aṁáin; néallta gan uisce d’á scuabaḋ le gaoṫaiḃ; crainn fóġṁair gan toraḋ, atá marḃ fá ḋó, do tarraingeaḋ as a ḃfréaṁaiḃ;


g‐á ráḋ, An méid do‐ċí tú, scríoḃ i leaḃar é, agus cuir ċum na seaċt n‐eaglais é; ċum Eiféise, agus ċum Smiorna, agus ċum Pergamum, agus ċum Tuatíra, agus ċum Sárdis, agus ċum Filadelfia, agus ċum Laodicia.


Agus do ḃí aige ’n‐a láiṁ ḋeis seaċt réaltana: agus do ḃí claiḋeaṁ géar ḋá‐ḟaoḃar ar síneaḋ as a ḃéal; agus do ḃí a ġnúis mar ḃéaḋ an ġrian ag lonnraḋ ’n‐a lán‐neart.


rúindiaṁair na seaċt réalta do ċonnacais im’ láiṁ ḋeis, agus na seaċt gcoinnleoir óir. Is iad na seaċt réaltana aingle na seaċt eaglais, agus is iad na seaċt gcoinnleoirí óir na seaċt h‐eaglaisí.


EOIN ċum na seaċt n‐eaglais atá san Áise: Grása agus síoṫċáin daoiḃ ó’n té atá ann, agus do ḃí ann, agus atá ag teaċt; agus ó na seaċt Spioraidiḃ atá os cóṁair a riġ‐ċaṫaoireaċ;


Is eol dom t’áit ċóṁnuiġṫe, mar a ḃfuil riġ‐ċaṫaoir Ṡátain: agus greamuiġeann tú dem’ ainm‐se, agus níor ṡéanais mo ċreideaṁ i laeṫiḃ Antipais féin, m’ḟiaḋnaiḋe dílis do marḃaḋ ’n‐ḃur measc, san áit ’n‐a ḃfuil Sátan ’n‐a ċóṁnaiḋe.


Is eol dom t’oibreaċa, agus do ġráḋ, agus do ċreideaṁ, agus do ṡeirḃís, agus t’ḟoiġid, agus gur mó t’oibreaċa deiriḋ ’ná do ċéad oibreaċa.


Is eol dom t’oibreaċa, agus do ṡaoṫar, agus t’ḟoiġid, agus is eol dom naċ féidir leat droċ‐ḋaoine d’ḟulang, agus gur ḟroṁais an dream ġlaoḋas abstail orṫa féin, agus naċ eaḋ, agus go ḃfuarais bréagaċ iad:


Is eol dom t’anró, agus do ḃoċtaine (aċt atáir saiḋḃir), agus maslú an dreama adeir gur Iúdaiġ iad, agus naċ eaḋ, aċt gur sionagóg Ṡátain iad.


Is eol dom t’oibreaċa, naċ ḃfuil tú fuar ná te; dob’ ḟearr liom ṫú ḃeiṫ fuar nó te.


Déan faire agus neartuiġ na neiṫe ḟanas, atá i mbaoġal báis: óir ní fuaras t’oibreaċa iomlán i ḃfiaḋnaise mo Ḋé.


Is eol dom t’oibreaċa (féaċ, atá doras foscailte curṫa agam róṁat, agus ní ḟéadann aoinneaċ a ḋúnaḋ), de ḃriġ go ḃfuil beagán cuṁaċta agat, agus gur ċoiṁeádais mo ḃriaṫar, agus nár ṡéanais m’ainm.


agus coróineaċa óir ar a gceannaiḃ aca. Agus bíonn lasraċa agus glórṫa agus tóirneaċa ag teaċt amaċ ó’n riġ‐ċaṫaoir. Agus do ḃí seaċt lóċrainn teineaḋ ar dian‐lasaḋ os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ: is iad seaċt spioraidí Dé iad.


Agus i lár na riġ‐ċaṫaoireaċ agus na gceiṫre n‐ainṁiḋe, agus i lár na seanóir, do ċonnacas an tUan ’n‐a ṡeasaṁ, mar ḃéaḋ sé tar éis a íoḋbarṫa, seaċt n‐aḋarca agus seaċt súile aige, gur ab iad seaċt Spioraidí Dé iad,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan