Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 22:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus aduḃairt sé liom, Atá na briaṫra so ionnraic, fírinneaċ; an Tiġearna, Dia spiorad na ḃfáiḋ, do ċuir sé a aingeal uaiḋ ċum na neiṫe atá le teaċt ċum críċe go luaṫ do noċtaḋ d’á ṡeirḃíseaċaiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus a duḃairt sé riom, Is díleas fíreanneaċ na bríaṫrasa: agus do ċuir an Tíġearna Día na ḃfáiḋeaḋ náoṁṫa a aingeal úaḋ dfoillsiuġaḋ ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ féin na neiṫe is éigean do ḋéunaṁ go haiṫġearr.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 22:6
26 Iomraidhean Croise  

Cuirfiḋ Mac an Duine a aingil amaċ, agus baileoċaiḋ siad as a ríoġaċt gaċ aḋḃar scannail, agus luċt déanta an uilc,


(Fá mar laḃair sé tré ḃéal a ḟáiḋ naoṁṫa do ḃí ann ó ṫosaċ an doṁain),


Do ḃí an reaċt agus na fáiḋe ann go dtí aimsear Eoin: ó’n tráṫ sin atá soiscéal ríoġaċta Dé d’á ċraoḃscaoileaḋ, agus atá gaċ aoinneaċ ag teannaḋ isteaċ innti.


Agus nuair ṫáinig Peadar ċuige féin, aduḃairt sé, Is léir ḋom go cinnte, gur ċuir an Tiġearna a aingeal uaiḋ, agus gur ṡaor sé ó láiṁ Ioruaiṫ mé, agus ó n‐a ḃfuil beartuiġṫe ag an bpobal Iúdaċ.


Aċt is ar an gcuma sin do ċóiṁlíon Dia an méid a ṫug Dia le tuigsin daoiḃ roiṁ ré tré ḃéal na ḃfáiḋ go léir, go gcaiṫfeaḋ a Ċríost fulang.


do ġeall sé roiṁ ré tré n‐a ḟáiḋiḃ ins na scrioptúiriḃ naoṁṫa,


agus bíonn spioraidí na ḃfáiḋ fá smaċt na ḃfáiḋ;


Aċt is é adeirim‐se, a ḃráiṫre, go ḃfuil an t‐am d’á aiṫ‐ġearraḋ ’n‐a raiḃ siad‐san go ḃfuil mná aca mar ḃéidís gan mná;


agus suaiṁneas i n‐éinḟeaċt linne do ṫaḃairt daoiḃ‐se, nuair foillseoċar an Tiġearna Íosa ó neaṁ, mar aon le h‐aingliḃ a ċuṁaċta,


Ṫairis sin, do ḃí aiṫreaċa do réir na feola againn ċum ár smaċtuiġṫe, agus ṫugamar urraim dóiḃ: naċ mó go mór an urraim do‐ḃéarfaimíd dár nAṫair spioradálta ċum beaṫa d’ḟáġáil?


Óir ní ḋe ḋeoin an duine féin ṫáinig aon tarngaire ariaṁ: aċt is aṁlaiḋ do laḃair daoine do cuireaḋ ó Ḋia, agus an Spiorad Naoṁ g‐á ngluaiseaċt.


ċum go gcuiṁneoċaiḋ siḃ ar na briaṫraiḃ do laḃair na naoṁ‐ḟáiḋe roiṁ ré, agus ar aiṫne an Tiġearna agus an tSlánuiġṫeora tré n‐ḃur n‐abstalaiḃ:


Taisbeánaḋ Íosa Críost, ṫug Dia ḋó ċum na neiṫe atá le teaċt ċum críċe go luaṫ d’ḟoillsiú d’á ṡeirḃíseaċaiḃ; agus do noċt d’á ṡeirḃíseaċ Eoin iad le teaċtaireaċt aingil,


Déanaiḋ gáirdeaċas mar ġeall uirṫi, a ḟlaiṫeasa, agus a naoṁa, siḃ‐se a abstala agus siḃ‐se a ḟáiḋe; óir atá díoġaltas déanta uirṫi ag Dia ḋaoiḃ.


Agus aduḃairt sé liom, Scríoḃ, Is beannuiġṫe na daoine fuair cuireaḋ ċum suipéir bainse an Uain. Agus aduḃairt sé liom, Briaṫra fírinneaċa Dé is eaḋ iad so.


Agus an té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, aduḃairt sé, Féaċ, atáim ag déanaṁ an uile niḋ as an nua. Agus aduḃairt sé, Scríoḃ: óir is fírinneaċ, ionnraic na briaṫra so.


Agus ṫáinig aingeal de na seaċt n‐aingliḃ go raiḃ na seaċt soiṫiġe líonta de na seaċt bpláiġeannaiḃ deireannaċa aige; agus do laḃair sé liom, g‐á ráḋ, Gaḃ i leiṫ, taisbeánfad duit an ḃean nua‐ṗósta, bean an Uain.


Agus do ṫaisbeáin sé ḋom aḃa uisce na beaṫaḋ, ċóṁ deallraṁaċ le criostal, ag teaċt amaċ ó riġ‐ċaṫaoir Dé agus an Uain.


Atá m’aingeal curṫa agam‐sa, Íosa, ċum na neiṫe seo do ḋearḃú ḋaoiḃ ins na h‐eaglaisiḃ. Is mise fréaṁ agus slioċt Dáiḃí, réalta ġlé‐ġeal na maidne.


Agus féaċ, atáim ag teaċt go luaṫ. Is aoiḃinn do’n té ċoiṁeádas briaṫra tarngaireaċta an leaḃair seo.


’N‐a ḋiaiḋ sin do ḋearcas, agus féaċ, doras ar ḟoscailt ar neaṁ, agus an ċéad guṫ do ċualas do ḃí sé mar ḃéaḋ fuaim stuic ag laḃairt liom, g‐á ráḋ, Gaḃ aníos annso, agus taisbeánfad duit na neiṫe atá le teaċt ċum críċe ’n‐a ḋiaiḋ seo.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan