Taisbeunaḋ 22:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)5 Agus ní ḃéiḋ aon oiḋċe ann arís; agus ní ḃéiḋ gáḃaḋ le solas lóċrainn, ná le solas na gréine; óir do‐ḃéarfaiḋ an Tiġearna Dia solas dóiḃ: agus béiḋ siad ag riaġlú go saoġal na saoġal. Faic an caibideilAn Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)5 Agus ní ḃiáiḋ óiḋċe ann sin; agus ní ḃfuil uireasḃuiḋ lóċruinn, ná solais gréine orrṫa; óir do ḃeir an Tíġearna Día solas dóiḃ: agus béid síad na ríoġuiḃ go sáoġal na sáoġal. Faic an caibideil |
Agus do ċonnacas árd‐ċaṫaoireaċa; agus duine ’n‐a suiḋe ionnta go dtugaḋ de ċead dóiḃ breiṫeaṁnas do ṫaḃairt: agus do ċonnacas anmanna na ndaoine do di‐ċeannuiġeaḋ ar son fiaḋnaise Íosa, agus ar son briaṫair Dé, agus naċ dtug aḋraḋ do’n ainṁiḋe, ná d’á íoṁáiġ, agus nár ġlac ċuca a marc ar ċlár a n‐éadain, ná ar a láiṁ; agus ṫángadar ’n‐a mbeaṫaiḋ, agus do riaġluiġeadar i ḃfoċair Íosa míle bliaḋain.