Má ġníonn aoinneaċ seirḃís daṁ‐sa, leanaḋ sé mé; agus an áit ’n‐a ṁbím‐se, béiḋ mo ṡeirḃíseaċ ann, ċóṁ maiṫ: má ġníonn duine ar biṫ seirḃís daṁ‐sa, do‐ḃéarfaiḋ m’Aṫair onóir ḋó.
A Aṫair, is é is mian liom na daoine ṫugais dom do ḃeiṫ mar a ḃfuilim; go ḃfeicfiḋ siad mo ġlóir, a ṫugais‐se ḋom: óis ṫugais gráḋ ḋom roiṁ ċruṫú an doṁain.
Óir ċímíd anois mar ḃéaḋ go doiléir i scaṫán; aċt ċífimíd éadan a ċéile an t‐am sin: anois atá aiṫne neaṁ‐ċruinn againn, aċt aiṫneoċad an t‐am sin fá mar aiṫniġtear mé féin.
Agus do ḋearcas, agus féaċ, an tUan ’n‐a ṡeasaṁ ar ċnoc Síoin, agus céad ceaṫrar agus dá ḟiċid míle duine ’n‐a ḟoċair, agus a ainm‐sean agus ainm a Aṫar scríoḃṫa ar ċláraiḃ a n‐éadain.
An té ḃeireas buaiḋ, déanfad colaṁan i dteampall mo Ḋé ḋe, agus ní imṫeoċaiḋ sé amaċ as go deoiḋ: agus scríoḃfad ainm mo Ḋé air, agus ainm caṫraċ mo Ḋé, Iarúsalem nua ṫig anuas as neaṁ óm’ Ḋia, agus m’ainm nua féin.
g‐á ráḋ, Ná déanaiḋ aon doċar do’n talaṁ, ná do’n ḟairrge, ná do na crannaiḃ, go dtí go mbéiḋ séala curṫa againn ar ċlár éadain ar ṡeirḃíseaċaiḃ ár nDé.