Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 22:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus ní ḃéiḋ éinniḋ malluiġṫe ann feasta: aċt béiḋ riġ‐ċaṫaoir Dé agus an Uain san gcaṫair: agus déanfaiḋ a ṡeirḃísiġ seirḃís dó;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus ní ḃiáḋ malluġaḋ ar biṫ ann ní sa ṁó: aċd biáiḋ caṫaóir Dé agus a Nuáin innte; agus do ḋéunuiḋ a ṡearḃḟoġantuiġeaḋa seirḃís dó:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 22:3
20 Iomraidhean Croise  

Aduḃairt a ṫiġearna leis, Go maiṫ, a ṡearḃónta ċóir, ḋílis: do ḃís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin ṫú: téir isteaċ i n‐aoiḃneas do ṫiġearna.


Annsin adéarfaiḋ sé leo‐san ḃéas ar a láiṁ ċlé, Imṫiġiḋ uaim, a ḋaoine malluiġṫe, isteaċ sa teiniḋ ṡíorraiḋe do h‐ullṁuiġeaḋ do’n diaḃal agus d’á aingliḃ:


Má ġníonn aoinneaċ seirḃís daṁ‐sa, leanaḋ sé mé; agus an áit ’n‐a ṁbím‐se, béiḋ mo ṡeirḃíseaċ ann, ċóṁ maiṫ: má ġníonn duine ar biṫ seirḃís daṁ‐sa, do‐ḃéarfaiḋ m’Aṫair onóir ḋó.


agus glóireoċaiḋ Dia eisean ann féin, agus glóireaċaiḋ sé ar ball é.


Agus má imṫiġim le áit do ċur i n‐áiriṫe ḋaoiḃ, fillfead agus glacfad ċugam féin siḃ; ċum go mbéiḋ siḃ‐se mar a mbéiḋead‐sa, leis.


A Aṫair, is é is mian liom na daoine ṫugais dom do ḃeiṫ mar a ḃfuilim; go ḃfeicfiḋ siad mo ġlóir, a ṫugais‐se ḋom: óis ṫugais gráḋ ḋom roiṁ ċruṫú an doṁain.


agus do ḃíodar g‐á ġlaoḋaċ amaċ de ġuṫ árd, Slánuġaḋ d’ár nDia atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, agus do’n Uan.


’N‐a ḋiaiḋ sin do ḋearcas, agus féaċ, sluaġ mór naċ ḃféadfaḋ aon duine a áireaṁ, de gaċ cineaḋ, agus de gaċ treiḃ, agus de gaċ pobal, agus de gaċ teangain, ’n‐a seasaṁ os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ agus os cóṁair an Uain, éadaiġe geala umpa, agus pailmeaċa ’n‐a láṁaiḃ aca;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan