Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 22:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus i lár na sráide, ar gaċ taoḃ de’n aḃainn, do ḃí crann na beaṫaḋ, do‐ḃeireaḋ ḋá ṫoraḋ déag, ag taḃairt a ṫorṫa uaiḋ uair san mí: agus d’ḟóġain duilleaḃar an ċrainn ċum na ciniḋeaċa do leiġeas.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus a lár na ṡráide, agus ar gaċ táoḃ don tsrúṫ, do ḃí crann na beaṫa, do ḃeireaḋ ḋá ṫóraḋ ḋéug úaḋ, agus do ḃeireaḋ a ṫóraḋ úaḋ gaċa míos: agus do ḟoġlain duille an ċroinnsin ċum leiġis na gcineaḋaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 22:2
20 Iomraidhean Croise  

Ata Spiorad an Tiġearna orm, De ḃriġ gur ong sé mé ċum déiġ‐scéala do ċraoḃscaoileaḋ do na boċtaiḃ: Do ċuir sé uaiḋ mé ċum fuascailt d’ḟógairt do na braiġdeánaiḃ, Agus raḋarc do na dallaiḃ, Ċum saoirse do ṫaḃairt dóiḃ‐sean atá brúiġte,


an té d’iomċair ár bpeacaiḋe ’n‐a ċorp féin ar an gcrann, ċum, ar mbeiṫ ḋúinn marḃ do’n ṗeacaḋ, go mairfimís do’n ḟíréantaċt; agus do leiġeasaḋ siḃ le n‐a ċneaḋaiḃ.


An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad dó‐san toraḋ le n’iṫe de ċrann na beaṫaḋ atá i bpárrṫas Dé.


Agus ḋá ṗéarla déag ab eaḋ an dá ġeata déag; do ḃí gaċ geata ar leiṫ déanta d’aon ṗéarla aṁáin; agus ḃí sráid na caṫraċ ’n‐a h‐ór glan‐úr, mar ḃéaḋ gloine ṡoillseaċ.


Agus siuḃalfaiḋ na ciniḋeaċa fá n‐a solas: agus béarfaiḋ riġṫe na talṁan a nglóir isteaċ innti.


Agus do ṫaisbeáin sé ḋom aḃa uisce na beaṫaḋ, ċóṁ deallraṁaċ le criostal, ag teaċt amaċ ó riġ‐ċaṫaoir Dé agus an Uain.


Is beannuiġṫe na daoine niġeas a róbaí, ċum go mbéiḋ cead ċum crainn na beaṫaḋ aca, agus go raċaiḋ siad ṫar na geataiḃ isteaċ san gcaṫair.


agus má ḃaineann aoinneaċ éinniḋ de ḃriaṫraiḃ tarngaireaċta an leaḃair seo, go mbainfiḋ Dia ḋe a ċuid de ċrann na beaṫaḋ, agus de’n naoṁ‐ċaṫair, an méid atá scríoḃṫa san leaḃar so.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan