Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 22:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 agus má ḃaineann aoinneaċ éinniḋ de ḃriaṫraiḃ tarngaireaċta an leaḃair seo, go mbainfiḋ Dia ḋe a ċuid de ċrann na beaṫaḋ, agus de’n naoṁ‐ċaṫair, an méid atá scríoḃṫa san leaḃar so.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus dá mbeanuiḋ éinneaċ do ḃríaṫruiḃ leaḃair na faiḋeadóireaċdsa, beanfuiḋ Día a ċuidsion as leaḃar na beaṫa, agus as a gcaṫair náoṁṫa, agus as na neiṫiḃ atá sgríoḃṫa sa leaḃarsa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 22:19
24 Iomraidhean Croise  

Is mairg daoiḃ, a luċt na dliġe! óir do ṫógaḃar liḃ eoċair an eolais: ní ḋeaċaḃar féin isteaċ, agus do ċoisceaḃar iad‐san do ḃí ag dul isteaċ.


Is aoiḃinn do’n té léiġeas agus do’n dream éisteas le ráiḋṫeaċas na tarngaireaċta so, aċt gaċ a ḃfuil scríoḃṫa innti do ċoiṁeád: óir ní fada uainn an t‐am.


Agus leig ṫart an ċúirt atá taoḃ amuiġ de’n teampall, agus ná tóṁais í: óir atá sí taḃarṫa do na ciniḋeaċaiḃ: agus gaḃfaiḋ siad‐san de ċosaiḃ ar an naoṁ‐ċaṫair ar feaḋ ḋá ṁí agus dá‐ḟiċid.


Agus ḃéarfaiḋ luċt áitreaḃa na talṁan aḋraḋ ḋó, gaċ duine naċ ḃfuil a ainṁ scríoḃṫa i leaḃar beaṫaḋ an Uain do h‐íoḋbaraḋ ó ḃunaḋ an doṁain.


Agus do ċualas glór ó neaṁ, g‐á ráḋ, Scríoḃ, Is beannuiġṫe na mairḃ do‐ġeiḃ bás san Tiġearna ó’n am so feasta: Is eaḋ, adeir an Spiorad, ċum go ḃfaiġiḋ siad suaiṁneas ó n‐a saoṫar; óir leanann a ngníoṁarṫa iad.


An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, ní ḃfaiġiḋ sé doċar ó’n dara bás.


Agus an té ḃeireas buaiḋ, agus ċoiṁeádas m’oibreaċa go deireaḋ, do‐ḃéarfad dó‐san uġdarás os cionn na náisiún,


An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad dó‐san toraḋ le n’iṫe de ċrann na beaṫaḋ atá i bpárrṫas Dé.


Agus do ċonnacas an naoṁ‐ċaṫair, Iarúsalem nua, ag teaċt anuas ó Ḋia as na flaiṫeasaiḃ, í gléasta mar ḃéaḋ bean nua‐ṗósta maisiġṫe fá ċóṁair a fir.


Agus an té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, aduḃairt sé, Féaċ, atáim ag déanaṁ an uile niḋ as an nua. Agus aduḃairt sé, Scríoḃ: óir is fírinneaċ, ionnraic na briaṫra so.


Féaċ, atáim ag teaċt go luaṫ; agus atá mo luaċ saoṫair liom ċum cúiteaṁ do ḋéanaṁ le gaċ duine do réir a ndearna sé.


Agus i lár na sráide, ar gaċ taoḃ de’n aḃainn, do ḃí crann na beaṫaḋ, do‐ḃeireaḋ ḋá ṫoraḋ déag, ag taḃairt a ṫorṫa uaiḋ uair san mí: agus d’ḟóġain duilleaḃar an ċrainn ċum na ciniḋeaċa do leiġeas.


Agus féaċ, atáim ag teaċt go luaṫ. Is aoiḃinn do’n té ċoiṁeádas briaṫra tarngaireaċta an leaḃair seo.


An té ḃeireas buaiḋ, déanfad colaṁan i dteampall mo Ḋé ḋe, agus ní imṫeoċaiḋ sé amaċ as go deoiḋ: agus scríoḃfad ainm mo Ḋé air, agus ainm caṫraċ mo Ḋé, Iarúsalem nua ṫig anuas as neaṁ óm’ Ḋia, agus m’ainm nua féin.


An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad de ċead dó suiḋe síos i n‐éinḟeaċt liom im’ riġ‐ċaṫaoir, fá mar rugas féin buaiḋ, agus do ṡuiḋeas síos i n‐éinḟeaċt lem’ Aṫair ’n‐a riġ‐ċaṫaoir‐sean.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan