Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 22:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Is beannuiġṫe na daoine niġeas a róbaí, ċum go mbéiḋ cead ċum crainn na beaṫaḋ aca, agus go raċaiḋ siad ṫar na geataiḃ isteaċ san gcaṫair.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 As beannuiġe an dream ċoiṁéudas a aiṫeanta, ionnus go mbíaḋ cumas ċrainn na beaṫa aca, agus cumas dul a steaċ trés na geataiḋiḃ don ċaṫruiġ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 22:14
31 Iomraidhean Croise  

Annsin aduḃairt Íosa leo arís, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Is mise doras na gcaoraċ.


Is mise an doras: cibé ṫagas isteaċ tríom‐sa, slánóċar é, agus raċaiḋ sé isteaċ agus amaċ, agus do‐ġeoḃaiḋ sé inḃear.


Má tá gráḋ agaiḃ dom, coiṁéadfaiḋ siḃ m’aiṫeanta.


Aduḃairt Íosa leis, Is mise an tsliġe, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa: ní ṫig aoinneaċ ċum an Aṫar aċt aṁáin tríom‐sa.


An mó tusa ’ná ár n‐aṫair Iácób ṫug dúinn an tobar, agus d’ól as, mar aon le n‐a ċlainn agus le n‐a áirnéis.


Ní h‐éinniḋ an timċeall‐ġearraḋ, agus ní h‐éinniḋ an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, aċt is é an t‐iomlán uṁlú d’aiṫeanta Dé.


Aċt taḃraiḋ do ḃur n‐aire naċ mbéaḋ an tsaoirse sin agaiḃ ’n‐a ceap tuisliḋ do’n dream atá lag.


Naċ ḃfuil sé de ċead againn siúr do ṫaḃairt mar ḃainċéile i n‐éinḟeaċt linn, mar do‐ġní an ċuid eile de na h‐abstalaiḃ, agus bráiṫre an Tiġearna, agus Céfas?


Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


Agus gaċ aoinneaċ go ḃfuil an dóċas so ann glanann sé é féin, fá mar tá seisean glan.


Óir is é seo gráḋ Dé, sinne do ċoiṁeád a aiṫeanta: agus ní ḟuil a aiṫeanta trom.


An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad dó‐san toraḋ le n’iṫe de ċrann na beaṫaḋ atá i bpárrṫas Dé.


Do ḃí balla mór, ard aici, agus ḃí ḋá ġeata déag ann, agus do ḃí ḋá aingeal déag ag na geataiḃ, agus ainmneaċa scríoḃṫa orṫa, ainmneaċa ḋá ṫreiḃ déag cloinne Israel.


agus ní raċaiḋ isteaċ innti éinniḋ neaṁ‐ġlan, ná aon duine do‐ġní gráineaṁlaċt nó bréag: aċt na daoine aṁáin go ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa i leaḃar beaṫaḋ an Uain.


Agus i lár na sráide, ar gaċ taoḃ de’n aḃainn, do ḃí crann na beaṫaḋ, do‐ḃeireaḋ ḋá ṫoraḋ déag, ag taḃairt a ṫorṫa uaiḋ uair san mí: agus d’ḟóġain duilleaḃar an ċrainn ċum na ciniḋeaċa do leiġeas.


Agus féaċ, atáim ag teaċt go luaṫ. Is aoiḃinn do’n té ċoiṁeádas briaṫra tarngaireaċta an leaḃair seo.


Agus aduḃras‐sa leis, A Ṫiġearna, atá a ḟios agat‐sa. Agus aduḃairt seisean liom, Is iad na daoine ṫáinig as an anró mór iad so, agus do niġeadar a róbaí agus do rinneadar geal iad i ḃfuil an Uain.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan