Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 22:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus aduḃairt sé liom, Ná cuir séala ar ḃriaṫraiḃ tarngaireaċta an leaḃair seo; óir atá an t‐am i ḃfogas.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 A duḃairt se riom an tan sin, Ná séuluiḋ bríaṫra fáiḋeadóireaċda an leaḃairse: óir atá a naimsir a laṫair.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 22:10
21 Iomraidhean Croise  

An méid adeirim liḃ sa dorċadas, abraiḋ‐se sa tsolas é: agus an méid ċluineas siḃ sa gcluais, craoḃscaoiliḋ ar ḃárraiḃ na dtiġṫe é.


Agus is eol daoiḃ an aimsear atá ann fá láṫair, gur miṫid dúinn dúiseaċt ó’n suan: óir atá an slánuġaḋ níos giorra ḋúinn ’ná ḃí nuair ċreideamar ar dtús.


Atá an oiḋċe imṫiġṫe, naċ mór, atá an lá ċugainn: cuirimís dínn gníoṁarṫa an dorċadais, agus cuirimís umainn éide an tsolais.


Ná meallaḋ aoinneaċ ar aon ċuma siḃ; óir ní foláir tréigean an ċreidiṁ do ṫeaċt ar dtús,


Aċt atá deireaḋ gaċ éinniḋ i gcóṁgar: biḋiḋ céilliḋe d’á ḃriġ sin, go h‐aireaċ ’n‐ḃur n‐urnaiġṫiḃ.


g‐á ráḋ, An méid do‐ċí tú, scríoḃ i leaḃar é, agus cuir ċum na seaċt n‐eaglais é; ċum Eiféise, agus ċum Smiorna, agus ċum Pergamum, agus ċum Tuatíra, agus ċum Sárdis, agus ċum Filadelfia, agus ċum Laodicia.


Is aoiḃinn do’n té léiġeas agus do’n dream éisteas le ráiḋṫeaċas na tarngaireaċta so, aċt gaċ a ḃfuil scríoḃṫa innti do ċoiṁeád: óir ní fada uainn an t‐am.


Agus nuair do laḃair na seaċt dtóirneaċa, do ḃíos ar tí scríoḃaḋ, agus do ċualas an glór ó neaṁ aduḃairt, Cuir séala ar na neiṫiḃ aduḃairt na seaċt dtóirneaċa, agus ná scríoḃ iad.


Atá m’aingeal curṫa agam‐sa, Íosa, ċum na neiṫe seo do ḋearḃú ḋaoiḃ ins na h‐eaglaisiḃ. Is mise fréaṁ agus slioċt Dáiḃí, réalta ġlé‐ġeal na maidne.


Fógraim do’n uile ḋuine ċluineas briaṫra tarngaireaċta an leaḃair seo, Má ċuireann aoinneaċ tuilleaḋ leo, go gcuirfiḋ Dia air‐sean na pláiġeanna atá scríoḃṫa san leaḃar so:


An té atá ’n‐a ḟiaḋnaiḋe ar na neiṫiḃ seo, adeir sé, Is aṁlaiḋ atá: atáim ag teaċt go luaṫ. Amen: tar, a Ṫiġearna Íosa.


Agus féaċ, atáim ag teaċt go luaṫ. Is aoiḃinn do’n té ċoiṁeádas briaṫra tarngaireaċta an leaḃair seo.


Agus aduḃairt seisean liom, Seaċain, ná déan é: is cóiṁ‐ṡeirḃíseaċ leat‐sa mé, agus led’ ḃráiṫriḃ, ná fáiḋe, agus leis an dream ċoiṁeádas briaṫra an leaḃair seo; déan aḋraḋ do Ḋia.


Agus i láiṁ ḋeis an té do ḃí ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir do ċonnacas leaḃar go raiḃ scríḃinn san taoḃ istiġ agus ar an taoḃ amuiġ ḋe, agus é dúnta fá ṡeaċt séalaiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan