Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 22:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ṫaisbeáin sé ḋom aḃa uisce na beaṫaḋ, ċóṁ deallraṁaċ le criostal, ag teaċt amaċ ó riġ‐ċaṫaoir Dé agus an Uain.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus do ṫaisbéin sé ḋaṁ srúṫ glan duisge na beaṫa, coiṁḋeallruiġeaċ ré criosdal, ag teaċd amaċ ó ċaṫaóir Dé agus a Núain.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 22:1
30 Iomraidhean Croise  

agus glóireoċaiḋ Dia eisean ann féin, agus glóireaċaiḋ sé ar ball é.


Aċt nuair ṫiocfas an Sólásaiḋe, an té ċuirfeas mé ċugaiḃ ó’n Aṫair, Spiorad na fírinne, ġluaiseas ó’n Aṫair, do‐ḃéarfaiḋ seisean fiaḋnaise im’ ṫaoḃ‐sa:


aċt an t‐uisce do‐ḃéarfad‐sa ḋó, béiḋ sé ’n‐a ṫobar uisce ann ag brúċtġail ċum na beaṫaḋ síorraiḋe.


Ar n‐a árdú, mar sin, le láiṁ ḋeis Dé, fuair sé ó’n Aṫair an Spiorad Naoṁ do ḃí geallta, agus do ḋoirt sé amaċ é seo, atá le feicsin agus le clos agaiḃ.


Taisbeánaḋ Íosa Críost, ṫug Dia ḋó ċum na neiṫe atá le teaċt ċum críċe go luaṫ d’ḟoillsiú d’á ṡeirḃíseaċaiḃ; agus do noċt d’á ṡeirḃíseaċ Eoin iad le teaċtaireaċt aingil,


agus glóir Dé uirṫi. Do ḃí a deallraṁ cosṁail le cloiċ ṡár‐luaċṁair, mar ḃéaḋ cloċ iaspair, ċóṁ soillseaċ le criostal.


Agus aduḃairt sé liom, Atá sé déanta, Is mise an tAlfa agus an tÓmega, an tosaċ agus an deireaḋ. Do’n té go ḃfuil tart air do‐ḃéarfad le n’ól de ṫobar uisce na beaṫaḋ i n‐aisce ḋó.


Agus ṫáinig aingeal de na seaċt n‐aingliḃ go raiḃ na seaċt soiṫiġe líonta de na seaċt bpláiġeannaiḃ deireannaċa aige; agus do laḃair sé liom, g‐á ráḋ, Gaḃ i leiṫ, taisbeánfad duit an ḃean nua‐ṗósta, bean an Uain.


Agus adeir an Spiorad agus an ḃean óg nua‐ṗósta, Tar. Agus an té éisteas, abraḋ sé, Tar. Agus an té go ḃfuil tart air, tagaḋ sé: an té gur ab áil leis é, glacaḋ sé uisce na beaṫaḋ i n‐aisce.


Agus aduḃairt sé liom, Atá na briaṫra so ionnraic, fírinneaċ; an Tiġearna, Dia spiorad na ḃfáiḋ, do ċuir sé a aingeal uaiḋ ċum na neiṫe atá le teaċt ċum críċe go luaṫ do noċtaḋ d’á ṡeirḃíseaċaiḃ.


An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad de ċead dó suiḋe síos i n‐éinḟeaċt liom im’ riġ‐ċaṫaoir, fá mar rugas féin buaiḋ, agus do ṡuiḋeas síos i n‐éinḟeaċt lem’ Aṫair ’n‐a riġ‐ċaṫaoir‐sean.


Agus gaċ niḋ dár cruṫuiġeaḋ ar neaṁ, nó ar talaṁ, agus fá’n talaṁ, agus san ḃfairrge, agus gaċ a ḃfuil ionnta, do ċualas iad g‐á ráḋ, An molaḋ, agus an onóir, agus an ġlóir, agus an ċuṁaċt, go raiḃ ag an té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, agus ag an Uan go saoġal na saoġal.


Agus i lár na riġ‐ċaṫaoireaċ agus na gceiṫre n‐ainṁiḋe, agus i lár na seanóir, do ċonnacas an tUan ’n‐a ṡeasaṁ, mar ḃéaḋ sé tar éis a íoḋbarṫa, seaċt n‐aḋarca agus seaċt súile aige, gur ab iad seaċt Spioraidí Dé iad,


béiḋ sé ’n‐a aoḋaire aca, agus treoróċaiḋ sé go toibreaċa fíor‐uisce na beaṫaḋ iad: agus cuimilfiḋ Dia gaċ deor d’á súiliḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan