Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 21:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus ṫáinig aingeal de na seaċt n‐aingliḃ go raiḃ na seaċt soiṫiġe líonta de na seaċt bpláiġeannaiḃ deireannaċa aige; agus do laḃair sé liom, g‐á ráḋ, Gaḃ i leiṫ, taisbeánfad duit an ḃean nua‐ṗósta, bean an Uain.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus táinic neaċ do na seaċd naingliḃ ċugum agá raḃadar na seaċd soiṫiġe líonta do na seaċd bpláġuiḃ deiġeanaċa, agus do laḃair sé riom, ag ráḋ, Gaḃ a leiṫ, taisbéunfadsa ḋuit an ḃean núaḋṗósda, bean a Nuáin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 21:9
10 Iomraidhean Croise  

Taisbeánaḋ Íosa Críost, ṫug Dia ḋó ċum na neiṫe atá le teaċt ċum críċe go luaṫ d’ḟoillsiú d’á ṡeirḃíseaċaiḃ; agus do noċt d’á ṡeirḃíseaċ Eoin iad le teaċtaireaċt aingil,


Agus ṫáinig aingeal de na seaċt n‐aingliḃ go raiḃ na seaċt soiṫiġe aca, agus do laḃair sé liom, g‐á ráḋ, Gaḃ i leiṫ, taisbeánfad duit breiṫeaṁnas na méirdriġe móire atá suiḋte ar uisciḃ iomḋa.


Bíoḋ árd‐áṫas agus luṫġáir ṁór orainn, agus tugaimís glóir dó: óir atá bainis an Uain tagṫa, agus atá a ḃean ullaṁ.


Agus do ṫóṁais sé an balla, céad, dá ḟiċid is ceiṫre cuḃaid, do réir miosúir duine, is é sin miosúr aingil.


Agus do ċonnacas an naoṁ‐ċaṫair, Iarúsalem nua, ag teaċt anuas ó Ḋia as na flaiṫeasaiḃ, í gléasta mar ḃéaḋ bean nua‐ṗósta maisiġṫe fá ċóṁair a fir.


Agus do ṫaisbeáin sé ḋom aḃa uisce na beaṫaḋ, ċóṁ deallraṁaċ le criostal, ag teaċt amaċ ó riġ‐ċaṫaoir Dé agus an Uain.


Agus adeir an Spiorad agus an ḃean óg nua‐ṗósta, Tar. Agus an té éisteas, abraḋ sé, Tar. Agus an té go ḃfuil tart air, tagaḋ sé: an té gur ab áil leis é, glacaḋ sé uisce na beaṫaḋ i n‐aisce.


Agus aduḃairt sé liom, Atá na briaṫra so ionnraic, fírinneaċ; an Tiġearna, Dia spiorad na ḃfáiḋ, do ċuir sé a aingeal uaiḋ ċum na neiṫe atá le teaċt ċum críċe go luaṫ do noċtaḋ d’á ṡeirḃíseaċaiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan