Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 21:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Aċt maidir leis na daoiniḃ meaṫta, mí‐ċreidṁeaċa, gráineaṁla, agus leis na dúnṁarḃṫóiriḃ, leis na drúiseoiriḃ, leis na draoiḋeadóiriḃ, agus leis na h‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, agus le luċt na mbréag ar fad, ġeoḃaid‐sean a gcuid féin san loċ atá ar dearg‐lasaḋ le teiniḋ agus le ruiḃ; is é sin an dara bás.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Aċd do ġeaḃuid na daóine meata, agus díċreidṁeaċa, agus gráineaṁla, agus luċd dúnṁarḃṫa, agus aḋaltrannuis, agus na bpiséog, agus a nioḋalaḋruiġ, agus a nuile ḃréugaire, a gcuid sa loċ atá ar dearglasaḋ do ṫeine agus do ruiḃ: noċ is dara bás ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 21:8
39 Iomraidhean Croise  

Agus ná bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ na daoiniḃ ṁarḃas an corp, agus naċ ḃfuil ar ċumas dóiḃ an t‐anam do ṁarḃaḋ: aċ bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ an té úd gur féidir leis idir anam agus corp do ḃascaḋ i n‐ifreann.


agus ag cnuasaċ i n‐áit nár ċáiṫis: agus do ḃí eagla orm, agus d’imṫiġeas agus do ċuireas do ṫallann i ḃfolaċ sa talaṁ; féaċ, sin é do ċuid féin agat.


Agus aduḃairt seisean leo, cad ċuige a ḃfuil eagla oraiḃ, a luċt an ċreidiṁ ḃig? Annsin d’éiriġ sé, agus do ḃagair sé ar na gaoṫaiḃ agus ar an ḃfairrge; agus do ḃí ciúnas mór ann.


Is ó ḃúr n‐Aṫair, an diaḃal, siḃ‐se, agus is é mian ḃúr n‐aṫar is toil liḃ do ḋéanaṁ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ eisean ó ṫosaċ, agus níor ṡeas sé sa ḃfírinne, óir ní ḟuil fírinne ann. Nuair do‐ḃeir sé an t‐éiṫeaċ, is uaiḋ féin laḃras sé: óir is bréagaire é, is é aṫair an éiṫiġ é.


Is é sin an té go mbéiḋ a ṫeaċt do réir gníoṁaċais Ṡátain, le cuṁaċt, agus le míorḃailtiḃ, agus le h‐iongantaisiḃ bréige,


tré ḃéalċráḃaḋ luċta na mbréag, go ḃfuil a gcoinsias loiscṫe mar ḃéaḋ le h‐iarann dearg;


Cuireann siad i gcéill go ḃfuil eolas ar Ḋia aca; aċt is aṁlaiḋ ṡéanas siad le n‐a ngníoṁarṫaiḃ é, ar mbeiṫ ḋóiḃ gráineaṁail, easuṁal, agus iad gan éifeaċt le h‐aġaiḋ deaġ‐oibre ar biṫ.


agus ċum Íosa, idir‐ṁeaḋóntóir connarṫa úr‐nua, agus ċum na fola do croṫaḋ, gur fearr a teaċtaireaċt ’ná fuil Aibéil.


Bíoḋ an pósaḋ fá onóir ag cáċ, agus bíoḋ an leabaiḋ gan truailleaḋ: óir ḃéarfaiḋ Dia breiṫeaṁnas ar luċt drúise agus aḋaltrannais.


Cia h‐é an bréagaire aċt an té ṡéanas gur ab é Íosa an Críost? Is é an t‐ainċríost an té ṡéanas an tAṫair agus an Mac.


Cibé duine go ḃfuil fuaṫ aige d’á ḃráṫair is dún‐ṁarḃṫóir é: agus atá a ḟios agaiḃ naċ gcóṁnuiġeann an ḃeaṫa ṁarṫannaċ i n‐aon dún‐ṁarḃṫóir.


An té ċreideas i Mac Dé, atá an ḟiaḋnaise seo ann féin. An té naċ gcreideann do Ḋia, bréagnuiġeann sé é; de ḃriġ nár ċreid sé an ḟiaḋnaise ṫug Dia i dtaoḃ a Ṁic.


ólfaiḋ sé d’ḟíon díḃeirge Dé, atá doirtṫe gan meascaḋ i gcupán a ḟeirge; agus ciapfar é le teiniḋ agus le ruiḃ i ḃfiaḋnaise na naoṁ‐aingeal, agus i ḃḟiaḋnaise an Uain:


Agus do gaḃaḋ an t‐ainṁiḋe, agus i n‐éinḟeaċt leis, an fáiḋ bréige do rinne na míorḃailtí ’n‐a ḟiaḋnaise, le n‐ár ṁeall sé an dream do ġlac marc an ainṁiḋe ċuca, agus an dream ṫug aḋraḋ d’á íoṁáiġ. Do teilgeaḋ iad araon beo amaċ i loċ teineaḋ atá ar dearg‐lasaḋ le ruiḃ.


An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, ní ḃfaiġiḋ sé doċar ó’n dara bás.


Is eol dom t’oibreaċa, agus do ṡaoṫar, agus t’ḟoiġid, agus is eol dom naċ féidir leat droċ‐ḋaoine d’ḟulang, agus gur ḟroṁais an dream ġlaoḋas abstail orṫa féin, agus naċ eaḋ, agus go ḃfuarais bréagaċ iad:


agus ní raċaiḋ isteaċ innti éinniḋ neaṁ‐ġlan, ná aon duine do‐ġní gráineaṁlaċt nó bréag: aċt na daoine aṁáin go ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa i leaḃar beaṫaḋ an Uain.


Aċt ar an taoḃ amuiġ ḋi atá na madraí, agus luċt na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnṁarḃṫóirí, agus na h‐íoḋal‐aḋraṫóirí, agus gaċ duine ġráḋuiġeas agus ċleaċtas bréag.


Agus is mar seo do ċonnacas na h‐eiċ san taiḋḃreaṁ, agus na marcaiġ do ḃí ar muin orṫa, uċt‐ċláir ar ḋaṫ teineaḋ agus fuaṫa muice agus ruiḃe orṫa: agus atá cinn na n‐eaċ cosṁail le ceannaiḃ leoṁan; agus ṫáinig teine agus deataċ agus ruiḃ as a mbéalaiḃ amaċ.


agus ní ḋearnadar aiṫriġe ’n‐a ndúnṁarḃṫaiḃ, ná ’n‐a bpisreogaiḃ, ná ’n‐a striapaċas, ná ’n‐a ngadaiḋeaċt.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan