Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 21:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 An té ḃeireas buaiḋ, béiḋ sé ’n‐a oiḋre ar na neiṫiḃ seo: agus béiḋead mar Ḋia aige, agus béiḋ seisean mar ṁac agam‐sa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 An tí ḃeireas buáiḋ buḋ hoiġre é ar an huile neiṫiḃ; agus biáiḋ mise um Ḋía aige, agus biáiḋ seision na ṁac agumsa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 21:7
26 Iomraidhean Croise  

Agus gaċ duine do ṫréig tiġṫe, nó dearḃráiṫre, nó deirḃṡeaṫraċa, nó clann, nó taltaí, ar son m’anma‐sa, ġeoḃaiḋ sé a gcéad oiread, agus béiḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe mar oiġreaċt aige.


Aduḃairt a ṫiġearna leis, Go maiṫ, a ṡearḃónta ċóir, ḋílis: do ḃís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin ṫú: téir isteaċ i n‐aoiḃneas do ṫiġearna.


Annsin adéarfaiḋ an Rí leo‐san ḃéas ar a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋaoine beannuiġṫe lem’ Aṫair, sealḃuiġiḋ an ríoġaċt atá ullṁuiġṫe ’n‐ḃúr gcóṁair ó ḃunú an doṁain:


Agus nuair do ḃí sé ag dul amaċ ar an mbealaċ, do riṫ fear ċuige, agus do ċaiṫ sé é féin ar a ġlúnaiḃ ’n‐a láṫair, agus d’ḟiafruiġ sé ḋe, A Ṁáiġistir ṁaiṫ, Créad do‐ġéanad‐sa ċum go ḃfaiġead an ḃeaṫa ṡíorraiḋe mar oiġreaċt?


Óir an méid daoine atá fá ṫreorú Spioraid Dé, is iad clann Dé iad.


Mar tá ar cruṫuiġeaḋ ag fuireaċ go fonnṁar ar ṫaiḋḃsiú maicne Dé.


Agus cia an cóiṁċeangal atá idir teampall Dé agus íoḋla? óir is sinne teampall Dé ḃí; mar aduḃairt Dia, Déanfad cóṁnaiḋe ’n‐a measc, agus siuḃalfad ’n‐a measc; béiḋead‐sa im’ Ḋia aca, agus béiḋid‐sean ’n‐a bpobal agam‐sa.


Agus béiḋead mar Aṫair agaiḃ, Agus béiḋ siḃ‐se mar ċlann‐ṁac agus mar ċlann‐inġean agam, adeir an Tiġearna Uile‐ċuṁaċtaċ.


Óir is é seo an connraḋ ḋéanfad le teaġlaċ Israel Tar éis na laeṫe úd, adeir an Tiġearna: Cuirfead mo ḋliġṫe isteaċ ’n‐a n‐aigne, Agus scríoḃfad ar a gcroiḋe iad: Agus béiḋead im’ Ḋia aca, Agus béiḋ siad‐san ’n‐a bpobal agam:


gan olc do ḋéanaṁ i n‐éiric an uile, ná aṫċáineaḋ do ṫaḃairt i n‐aġaiḋ cáinte, aċt ’n‐a ionad sin, beannaċt; óir is ċuige sin do glaoḋaḋ siḃ, go ḃfaiġeaḋ siḃ beannaċt mar oiḋreaċt.


An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, ní ḃfaiġiḋ sé doċar ó’n dara bás.


An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad dó‐san cuid de’n ṁanna foluiġṫe, agus do‐ḃéarfad ḋó cloċ ġeal, agus ainm nua scríoḃṫa ar an gcloiċ, naċ ḃfuil eolas air ag aoinneaċ, aċt ag an té ġeiḃeas í.


Aċt ċeana, congḃuiġiḋ greim ar a ḃfuil agaiḃ, nó go dtagad.


An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad dó‐san toraḋ le n’iṫe de ċrann na beaṫaḋ atá i bpárrṫas Dé.


Agus do ċualas árd‐ġlór ó’n riġ‐ċaṫaoir, g‐á ráḋ, Féaċ, atá tabernacal Dé ag daoiniḃ, agus déanfaiḋ sé cóṁnaiḋe i n‐éinḟeaċt leo, agus béiḋ siad ’n‐a bpobal aige, agus béiḋ Dia féin ’n‐a ḃfoċair, agus béiḋ sé aca mar Ḋia:


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan