Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 21:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 agus glanfaiḋ sé gaċ deor d’á súiliḃ, agus ní ḃéiḋ an bás ann níos mó; ní ḃéiḋ, ná brón, ná caoineaḋ, ná pian; óir atá na ċéad neiṫe imṫiġṫe ar ceal.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus glanfuiḋ Día gaċ uile ḋéor ó na suiliḃ; agus ní ḃiáiḋ bás ann ní sa ṁó, ná caói, ná éiġṁe, agus ní ḃiáiḋ sáoṫar ann ní sa ṁó: óir do ċúadar na céidneiṫe ṫoruinn.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 21:4
26 Iomraidhean Croise  

Raċaiḋ spéir agus talam ar ceal: aċt ní raċaiḋ mo ḃriaṫra‐sa ar ceal.


Is é an bás an náṁa ḋeiriḋ cuirfear ar ceal.


agus ’n‐a raiḃ siad‐san ḃaineas úsáid as an saoġal so mar ḃéaḋ daoine naċ mbaineann úsáid go h‐iomlán as; óir atá gné an tsaoġail seo ag imṫeaċt ṫart.


Ar an aḋḃar sin, má tá aoinneaċ i gCríost, is duine úr‐nua é: atá deireaḋ leis na sean‐neiṫiḃ; atáid déanta as an nua.


D’á ḃriġ sin, Tagaiḋ amaċ as a lár, Agus biḋiḋ ar deaġailt, Adeir an Tiġearna, Agus ná bíoḋ aon ḃaint agaiḃ leis an rud neaṁ‐ġlan; Agus glacfad ċugam siḃ,


Agus an focal, Aon uair aṁáin, cialluiġeann sé aistriú na neiṫe úd atá so‐ċorruiġṫe, mar atá neiṫe do cruṫuiġeaḋ, ċum go ḃfanfaḋ na neiṫe atá do‐ċorruiġṫe ’n‐a gcóṁnaiḋe.


Aċt tiocfaiḋ lá an Tiġearna mar ġadaiḋe; imṫeoċaiḋ na spéarṫa le torann mór an lá úd, agus scriosfar na dúla le dian‐teas loiscneaċ, agus dóiġfear an talaṁ agus na h‐oibreaċa atá ann.


Agus atá an saoġal agus a ċuid sainnte ag imṫeaċt: aċt an té do‐ġní toil Dé fanann seisean go síorraiḋe.


Agus ṫug an ḟairrge uaiṫi na mairḃ do ḃí innti; agus ṫug an bás agus Hádes uaṫa na mairḃ do ḃí ionnta: agus tugaḋ breiṫeaṁnas ar gaċ aon duine aca do réir a ġníoṁarṫa.


Agus do teilgeaḋ an bás agus Hádes amaċ i loċ na teineaḋ. Is é seo an dara bás.


Agus do ċonnacas neaṁ úr‐nua agus talaṁ úr‐nua: óir do ḃí an ċéad neaṁ agus an ċéad talaṁ imṫiġṫe, agus ní raiḃ an ḟairrge ann ní ba ṁó.


Agus ní ḃéiḋ éinniḋ malluiġṫe ann feasta: aċt béiḋ riġ‐ċaṫaoir Dé agus an Uain san gcaṫair: agus déanfaiḋ a ṡeirḃísiġ seirḃís dó;


béiḋ sé ’n‐a aoḋaire aca, agus treoróċaiḋ sé go toibreaċa fíor‐uisce na beaṫaḋ iad: agus cuimilfiḋ Dia gaċ deor d’á súiliḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan