Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 21:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus ḋá ṗéarla déag ab eaḋ an dá ġeata déag; do ḃí gaċ geata ar leiṫ déanta d’aon ṗéarla aṁáin; agus ḃí sráid na caṫraċ ’n‐a h‐ór glan‐úr, mar ḃéaḋ gloine ṡoillseaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus do ḃádar an dá ġeata ḋéug na ndá bpéurla ḋéug; agus is déinṗéurla do rinneaḋ gaċ geata ḋíoḃ fó leiṫ: agus do ḃí sráid na caiṫreaċ na hór ġlan, aṁuil gloine ḋeallruiġeaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 21:21
10 Iomraidhean Croise  

Agus do ḃí an ḃean clúduiġṫe fá éadaiġiḃ caoir‐ḋearga agus corcra, agus do ḃí sí maisiġṫe le h‐ór agus le cloċaiḃ luaċṁara agus le péarlaiḃ, agus do ḃí cupán óir ’n‐a láiṁ aici, agus é lán de ḋeistean agus de ḃréantas a drúise,


g‐á ráḋ, Mo ṁairg! mo ṁairg! an ċaṫair mór do ḃíoḋ clúduiġṫe le línéadaċ mín, agus le corcra, agus le h‐éadaċ caoir‐ḋearg, agus do ḃíoḋ maisiġṫe le h‐ór, agus le seodaiḃ luaċṁara, agus le péarlaiḃ!


Agus an té do ḃí ag laḃairt liom, ḃí giolcaċ óir mar ṁiosúr aige ċum an ċaṫair, agus na geataí, agus an balla do ṫóṁas.


Agus do ḃí an balla déanta de iaspar: agus ḃí an ċaṫair ’n‐a h‐ór glan, cosṁail le gloine ṡoillsiġ.


Agus i lár na sráide, ar gaċ taoḃ de’n aḃainn, do ḃí crann na beaṫaḋ, do‐ḃeireaḋ ḋá ṫoraḋ déag, ag taḃairt a ṫorṫa uaiḋ uair san mí: agus d’ḟóġain duilleaḃar an ċrainn ċum na ciniḋeaċa do leiġeas.


Agus os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ do ḃí mar ḃéaḋ fairrge gloine cosṁail le criostal: agus i lár gaċ taoiḃe de’n riġ‐ċaṫaoir, ’n‐a ṫimċeall, do ḃí ceiṫre h‐ainṁiḋṫe lán de ṡúiliḃ ar tosaċ rómpa agus ar a gcúl.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan