Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 21:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do ċonnacas an naoṁ‐ċaṫair, Iarúsalem nua, ag teaċt anuas ó Ḋia as na flaiṫeasaiḃ, í gléasta mar ḃéaḋ bean nua‐ṗósta maisiġṫe fá ċóṁair a fir.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ċonnairc misi Eóin an ċaṫair náoṁṫa, Ierusalem núaḋ, ag teaċd o Ḋía a núas ó neaṁ, ar na hullṁuġaḋ aṁuil ġléusas bean núaḋṗósda í féin fá ċoṁair a fir.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 21:2
28 Iomraidhean Croise  

An té ag a ḃfuil an ḃainċéile is é an fear nua‐ṗósta é: aċt cara an ḟir nua‐ṗósta atá ’n‐a ṡeasaṁ ag éisteaċt leis, bíonn an‐áṫas air mar ġeall ar ġuṫ an ḟir nua‐ṗósta: d’á ḃriġ sin, an t‐áṫas atá orm‐sa atá sé iomlán.


Óir atáim éadṁar liḃ le h‐éad diaḋa: óir ṫugas le pósaḋ siḃ d’ḟear aṁáin, ċum siḃ do ṫaḃairt mar ṁaiġdin gan smál do Ċríost.


óir do ḃí sé ag súil leis an gcaṫair go ḃfuil bun daingean fúiṫi, gur ab é Dia a h‐árd‐ṡaor agus a foirgniġṫeoir.


Aċt anois cuireann siad dúil i ndúṫaiġ atá níos fearr ’ná í, dúṫaiġ neaṁḋa: uime sin ní nár le Dia go nglaoḋfaiḋe a nDia‐san mar ainm air: óir atá caṫair curṫa aige i n‐áiriṫe ḋóiḃ.


aċt is aṁlaiḋ atá siḃ tagṫa go Sliaḃ Síoin, go caṫair an Dé ḃí, go h‐Iarúsalem neaṁḋa, agus go dtí na mílte as cuimse de ṡluaiġtiḃ na n‐aingeal,


Óir ní caṫair ċóṁnuiġṫeaċ atá againn annso, aċt is aṁlaiḋ atáimíd ag tnúṫ le caṫair atá le teaċt.


Taisbeánaḋ Íosa Críost, ṫug Dia ḋó ċum na neiṫe atá le teaċt ċum críċe go luaṫ d’ḟoillsiú d’á ṡeirḃíseaċaiḃ; agus do noċt d’á ṡeirḃíseaċ Eoin iad le teaċtaireaċt aingil,


EOIN ċum na seaċt n‐eaglais atá san Áise: Grása agus síoṫċáin daoiḃ ó’n té atá ann, agus do ḃí ann, agus atá ag teaċt; agus ó na seaċt Spioraidiḃ atá os cóṁair a riġ‐ċaṫaoireaċ;


Mise Eoin, ḃur mbráṫair agus ḃur gcóṁṗáirtiḋe san anró, agus san ríoġaċt, agus san ḃfad‐ḟulang atá i hÍosa, do ḃíos‐sa san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briaṫair Dé, agus ar son fiaḋnaise Íosa.


Agus leig ṫart an ċúirt atá taoḃ amuiġ de’n teampall, agus ná tóṁais í: óir atá sí taḃarṫa do na ciniḋeaċaiḃ: agus gaḃfaiḋ siad‐san de ċosaiḃ ar an naoṁ‐ċaṫair ar feaḋ ḋá ṁí agus dá‐ḟiċid.


Agus rug sé leis mé san Spiorad go dtí sliaḃ mór árd, agus do ṫaisbeáin sé ḋom an naoṁ‐ċaṫair, Iarúsalem, ag teaċt anuas as na flaiṫeasaiḃ ó Ḋia,


Agus ṫáinig aingeal de na seaċt n‐aingliḃ go raiḃ na seaċt soiṫiġe líonta de na seaċt bpláiġeannaiḃ deireannaċa aige; agus do laḃair sé liom, g‐á ráḋ, Gaḃ i leiṫ, taisbeánfad duit an ḃean nua‐ṗósta, bean an Uain.


Agus adeir an Spiorad agus an ḃean óg nua‐ṗósta, Tar. Agus an té éisteas, abraḋ sé, Tar. Agus an té go ḃfuil tart air, tagaḋ sé: an té gur ab áil leis é, glacaḋ sé uisce na beaṫaḋ i n‐aisce.


agus má ḃaineann aoinneaċ éinniḋ de ḃriaṫraiḃ tarngaireaċta an leaḃair seo, go mbainfiḋ Dia ḋe a ċuid de ċrann na beaṫaḋ, agus de’n naoṁ‐ċaṫair, an méid atá scríoḃṫa san leaḃar so.


An té ḃeireas buaiḋ, déanfad colaṁan i dteampall mo Ḋé ḋe, agus ní imṫeoċaiḋ sé amaċ as go deoiḋ: agus scríoḃfad ainm mo Ḋé air, agus ainm caṫraċ mo Ḋé, Iarúsalem nua ṫig anuas as neaṁ óm’ Ḋia, agus m’ainm nua féin.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan