Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 20:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Is beannuiġṫe, naoṁṫa iad‐san go ḃfuil páirt aca san gcéad aiséirġe: ní ḟuil cuṁaċt ar biṫ ag an dara bás orṫa; aċt béiḋ siad ’n‐a sagartaiḃ do Ḋia agus do Ċríost, agus riaġlóċaiḋ siad i n‐éinḟeaċt leis ar feaḋ míle bliaḋan.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Is beannuiġe agus is náoṁṫa an tí agá ḃfuil cuid aige sa gcéud eiséirġe: óir ní ḃfuil cúṁaċda ag an dara bás orrṫa so, aċd béid síad na sagartuiḃ do Ḋía agus do Ċríosd, agus béid na ríoġuiḃ na ḟoċairsean míle blíaḋuin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 20:6
19 Iomraidhean Croise  

Agus nuair do‐ċuala duine d’á raiḃ ’n‐a suiḋe ċum biḋ an méid sin, aduḃairt sé leis, Naċ aoiḃinn do’n té íosfas arán i ríoġaċt Dé.


Impiḋim oraiḃ, a ḃráiṫre, d’á ḃriġ sin, as uċt trócaire Dé, ḃur gcuirp do ṫairgsin mar ḃeoíoḋbairt naoṁṫa ṫaiṫneaṁaċ do Ḋia, mar is gníoṁ aḋarṫa réasúnta agaiḃ é.


is oiḋrí sinn, leis, agus is cóṁ‐oiḋrí le Críost sinn: má’s fíor go ḃfulaingmíd i n‐éinḟeaċt leis, ċum go mbéimís páirteaċ leis ’n‐a ġlóir.


má ṡeasaimíd go dian, riaġlóċaimíd i n‐éinḟeaċt leis: má ṡéanaimíd é, séanfaiḋ seisean sinne, leis:


Biḋiḋ‐se, mar an gcéadna, mar ċloċa beo d’á gcur le ċéile ċum teaċ spioradálta do ṫógáil, ċum ḃeiṫ ’n‐ḃur sagartaċt naoṁṫa, ċum íoḋbarṫa spioradálta ṫaiṫneas le Dia tré Íosa Críost, d’ofráil.


Aċt cineaḋ toġṫa is eaḋ siḃ‐se, sagartaċt ríoġḋa, náisiún naoṁṫa, pobal atá ’n‐a ṡealḃaċas ar leiṫ aige féin; ċum go ḃfógróċaḋ siḃ tréiṫe oirḋearca an té do ġlaoḋ as an dorċadas siḃ ċum a ṡolais iongantaiġ féin:


agus do rinne ríoġaċt dínn, ċum ḃeiṫ ’n‐ár sagartaiḃ do Ḋia a Aṫair; dó‐san go raiḃ an ġlóir agus an ċuṁaċt go saoġal na saoġal. Amen.


Agus do ċualas glór ó neaṁ, g‐á ráḋ, Scríoḃ, Is beannuiġṫe na mairḃ do‐ġeiḃ bás san Tiġearna ó’n am so feasta: Is eaḋ, adeir an Spiorad, ċum go ḃfaiġiḋ siad suaiṁneas ó n‐a saoṫar; óir leanann a ngníoṁarṫa iad.


An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, ní ḃfaiġiḋ sé doċar ó’n dara bás.


Agus do teilgeaḋ an bás agus Hádes amaċ i loċ na teineaḋ. Is é seo an dara bás.


Aċt maidir leis na daoiniḃ meaṫta, mí‐ċreidṁeaċa, gráineaṁla, agus leis na dúnṁarḃṫóiriḃ, leis na drúiseoiriḃ, leis na draoiḋeadóiriḃ, agus leis na h‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, agus le luċt na mbréag ar fad, ġeoḃaid‐sean a gcuid féin san loċ atá ar dearg‐lasaḋ le teiniḋ agus le ruiḃ; is é sin an dara bás.


Agus ní ḃéiḋ aon oiḋċe ann arís; agus ní ḃéiḋ gáḃaḋ le solas lóċrainn, ná le solas na gréine; óir do‐ḃéarfaiḋ an Tiġearna Dia solas dóiḃ: agus béiḋ siad ag riaġlú go saoġal na saoġal.


Agus féaċ, atáim ag teaċt go luaṫ. Is aoiḃinn do’n té ċoiṁeádas briaṫra tarngaireaċta an leaḃair seo.


An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad de ċead dó suiḋe síos i n‐éinḟeaċt liom im’ riġ‐ċaṫaoir, fá mar rugas féin buaiḋ, agus do ṡuiḋeas síos i n‐éinḟeaċt lem’ Aṫair ’n‐a riġ‐ċaṫaoir‐sean.


agus go ndearnais ríoġaċt agus sagairt le h‐aġaiḋ ár nDé ḋíoḃ; agus riaġlóċaiḋ siad ar talaṁ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan