Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 20:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus do ċonnacas árd‐ċaṫaoireaċa; agus duine ’n‐a suiḋe ionnta go dtugaḋ de ċead dóiḃ breiṫeaṁnas do ṫaḃairt: agus do ċonnacas anmanna na ndaoine do di‐ċeannuiġeaḋ ar son fiaḋnaise Íosa, agus ar son briaṫair Dé, agus naċ dtug aḋraḋ do’n ainṁiḋe, ná d’á íoṁáiġ, agus nár ġlac ċuca a marc ar ċlár a n‐éadain, ná ar a láiṁ; agus ṫángadar ’n‐a mbeaṫaiḋ, agus do riaġluiġeadar i ḃfoċair Íosa míle bliaḋain.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus do ċonnairc mé cáṫaóireaċa, agus do ṡuiġeadar dream ionnta, agus do tugaḋ breiṫeaṁnus dóiḃ: agus do ċonnairc mé anmanna na druinge do díċeannaḋ ar son ḟiaḋnuise Iosa, agus ar son ḃreiṫre Dé, agus naċ dtug onóir don nainṁiḋe, ná ḋá ioṁáiġ, agus nár ġaḃ a ċoṁarṫa ċuca a gcláruiḃ a néudan, ná na láiṁ; agus mairfid agus béid na ríoġuiḃ a ḃfoċair Ċríosd míle blíaḋuin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 20:4
40 Iomraidhean Croise  

Agus duḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, nuair ṡuiḋfeas Mac an Duine i gcaṫaoir a ġlóire, san aiṫ‐ġeineaṁain, siḃ‐se do lean mé, suiḋfiḋ siḃ ar ḋá ċaṫaoir déag, ag breiṫ breiṫe ar ḋá ṫreiḃ déag Israel.


Annsin bainfear bárr‐ṫuisleaḋ as a lán, agus braiṫfid a ċéile.


Aċt Ioruaṫ, nuair do‐ċuala seisean ’n‐a ṫaoḃ, aduḃairt sé, Eoin, do ḋí‐ċeannas‐sa, is eisean atá éiriġṫe.


Agus ar an láṫair do ċuir an rí amaċ saiġdiúir de luċt a ġárda, agus d’órduiġ sé ḋó an ceann ṫaḃairt leis; agus d’imṫiġ seisean agus do ḋí‐ċeann sé sa bpríosún é,


Agus do ċuireadar ceist air, agus aduḃradar, Cad ċuige a n‐abrann na scríoḃaiḋṫe go gcaiṫfiḋ Élias teaċt ar dtús?


Agus gluaisfiḋ sé roiṁe i gcuṁaċt Éliais, ċum croiḋṫe na n‐aṫar d’iompóḋ ċum na clainne, agus ċum an luċt easuṁal d’iompoḋ ċum eagna na ḃfíréan, agus ċum pobal fíréan d’ullṁú do’n Tiġearna.


agus béiḋ beannaċt ort; de ḃriġ naċ ḃfuil ar ċumas dóiḃ cúiteaṁ do ḋéanaṁ leat: óir cúiteoċar leat i n‐aiséirġe na ḃfíréan.


ċum go n‐íosfaiḋ agus go n‐ólfaiḋ siḃ ar mo ḃórd‐sa im’ ríoġaċt; agus go mbéiḋ siḃ ’n‐ḃúr suiḋe ar riġ‐ċaṫaoireaċaiḃ ag breiṫ breiṫe ar ḋá ṫreiḃ déag Israel.


Tamall beag eile, agus ní ḟeicfiḋ an saoġal mé feasta; aċt do‐ċífiḋ siḃ‐se mé: óir átáim beo, agus béiḋ siḃ‐se beo mar an gcéadna.


Óir má’s é réiḋteaċ an tsaoġail ṫáinig as diúltaḋ ḋóiḃ, créad ḃéas ann, má glactar leo aṫuair, aċt beaṫa ó na marḃaiḃ?


is oiḋrí sinn, leis, agus is cóṁ‐oiḋrí le Críost sinn: má’s fíor go ḃfulaingmíd i n‐éinḟeaċt leis, ċum go mbéimís páirteaċ leis ’n‐a ġlóir.


má ṡeasaimíd go dian, riaġlóċaimíd i n‐éinḟeaċt leis: má ṡéanaimíd é, séanfaiḋ seisean sinne, leis:


an té do rinne fiaḋnaise ar gaċ a ḃfaca sé i dtaoḃ briaṫair Dé, agus i dtaoḃ fiaḋnaise Íosa Críost.


Mise Eoin, ḃur mbráṫair agus ḃur gcóṁṗáirtiḋe san anró, agus san ríoġaċt, agus san ḃfad‐ḟulang atá i hÍosa, do ḃíos‐sa san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briaṫair Dé, agus ar son fiaḋnaise Íosa.


Agus i gcionn trí lá go leiṫ, do ċuaiḋ spiorad na beaṫaḋ ṫáinig ó Dia ionnta, agus d’éiriġeadar ar a gcosaiḃ; agus ṫáinig crioṫ‐eagla ṁór ar na daoiniḃ do ċonnaic iad.


Agus do ṡéid an seaċtṁaḋ h‐aingeal; agus do ḃí glórṫa móra ar neaṁ, aduḃairt, Is le n‐ár dTiġearna, agus le n‐a Ċríost ríoġaċt an doṁain: agus riaġlóċaiḋ sé go saoġal na saoġal.


Agus do‐ḃéarfad de ċead dom’ ḃeirt ḟiaḋnaiḋe tarngaireaċt do ḋéanaṁ ar feaḋ míle, ḋá ċéad agus trí fiċid lá, agus éadaċ róin mar ċlúdaċ orṫa.


Agus nuair ḃéas a ḃfiaḋnaise críoċnuiġṫe aca, an t‐ainṁiḋe ṫig as an duiḃeagán, déanfaiḋ sé cogaḋ leo, agus buaiḋfiḋ sé orṫa, agus marḃóċaiḋ sé iad.


Agus rugadar buaiḋ air tré ḟuil an Uain, agus tré ḃriaṫar a ḃfiaḋnaise: agus níor ċuireadar suim ’na n‐anam go dtí an bás féin.


agus béiḋ deataċ a ġéar‐ċráḋa ag dul suas i n‐áirde go saoġal na saoġal; agus ní ḃíonn suaiṁneas de ló ná d’oiḋċe aca‐san do‐ġní aḋraḋ do’n ainṁiḋe agus d’á íoṁáiġ, ná ag aon duine ġlacas ċuige marc a ainme.


Agus do ċonnacas mar ḃéaḋ fairrge ġloine, agus í meascṫa le teiniḋ; agus iad‐san ṫáinig go buaḋaċ ó’n ainṁiḋe, agus ó n‐a íoṁáiġ, agus ó uiṁir a ainme, ’n‐a seasaṁ le h‐ais na fairrge gloine, agus cláirseaċa Dé aca.


An t‐ainṁiḋe do ċonnacais, do ḃí sé ann, agus ní ḟuil sé ann: agus atá sé le teaċt aníos as an duiḃeagán agus imṫeaċt ċum léirscriosta. Agus béiḋ iongnaḋ ar luċt áitreaḃa na talṁan, ar an méid naċ ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa ó ṫosaċ an tsaoġail i leaḃar na beaṫaḋ, nuair ċífeas siad an t‐ainṁiḋe, de ḃriġ go raiḃ sé ann, agus naċ ḃfuil sé ann, agus go ḃfuil sé le teaċt.


Agus an té ḃeireas buaiḋ, agus ċoiṁeádas m’oibreaċa go deireaḋ, do‐ḃéarfad dó‐san uġdarás os cionn na náisiún,


Is beannuiġṫe, naoṁṫa iad‐san go ḃfuil páirt aca san gcéad aiséirġe: ní ḟuil cuṁaċt ar biṫ ag an dara bás orṫa; aċt béiḋ siad ’n‐a sagartaiḃ do Ḋia agus do Ċríost, agus riaġlóċaiḋ siad i n‐éinḟeaċt leis ar feaḋ míle bliaḋan.


Agus ní ḃéiḋ aon oiḋċe ann arís; agus ní ḃéiḋ gáḃaḋ le solas lóċrainn, ná le solas na gréine; óir do‐ḃéarfaiḋ an Tiġearna Dia solas dóiḃ: agus béiḋ siad ag riaġlú go saoġal na saoġal.


An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad de ċead dó suiḋe síos i n‐éinḟeaċt liom im’ riġ‐ċaṫaoir, fá mar rugas féin buaiḋ, agus do ṡuiḋeas síos i n‐éinḟeaċt lem’ Aṫair ’n‐a riġ‐ċaṫaoir‐sean.


Agus do ḃí ceiṫre riġ‐ċaṫaoireaċa agus fiċe, agus ceaṫrar agus fiċe seanóir ’n‐a suiḋe ins na riġ‐ċaṫaoireaċaiḃ, éadaiġe geala umpa,


Agus nuair d’ḟoscail sé an cúigeaḋ séala, do ċonnacas fá’n altóir anmanna na ndaoine do marḃaḋ ar son briaṫair Dé, agus ar son na fiaḋnaise ṫugadar:


g‐á ráḋ, Ná déanaiḋ aon doċar do’n talaṁ, ná do’n ḟairrge, ná do na crannaiḃ, go dtí go mbéiḋ séala curṫa againn ar ċlár éadain ar ṡeirḃíseaċaiḃ ár nDé.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan