Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 20:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 agus do ṫeilg sé isteaċ san duiḃeagán é, agus do ḋún sé é, agus ċuir sé seala air ionnas naċ meallfaḋ sé na ciniḋeaċa a ṫuilleaḋ, nó go raiḃ deireaḋ leis an míle bliaḋain. ’N‐a ḋiaiḋ sin ní foláir a scaoileaḋ ar feaḋ tamaill ḃig.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus do ṫeilg é sa bpoll duḃaigéin, agus do ḋún, agus do ċuir sé séula air, ionnus naċ meallfaḋ sé na cineaḋaċa ní sa ṁó, go ccoiṁlíonfuiḋ an míle blíaḋan: agus na ḋiáiġ sin is éigean a sgaóileaḋ feaḋ aimsire aiṫġearra.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 20:3
17 Iomraidhean Croise  

Óir éireoċaiḋ Críostanna bréige, agus fáiḋe bréige, agus taisbeánfaid‐sean cóṁarṫaí agus iongantaisí móra, d’ḟonn na fíréin toġṫa féin do ṁeallaḋ, má’s féidir é.


D’imtiġeadar‐san, agus do ḋaingniġeadar an tuama, ag cur séala ar an gcloiċ, agus an gárda ’n‐a ḃfoċair.


Agus na daoine ’n‐a gcurtar an síol i n‐aice an ḃealaiġ, is iad‐san na daoine ’n‐a gcurtar an briaṫar, aċt nuair ċloiseas siad é, tig Sátan ar an láṫair, agus tógann sé uaṫa an briaṫar do cuireaḋ ionnta.


Agus d’impiḋeadar air gan a órdú ḋóiḃ dul síos san aiḃéis.


Aċt is eagal liom, fá mar ṁeall an naṫair Éaḃa le n‐a ġliocas, go dtruailleoċaiḋe ḃur smaointe ar aon ċor ó’n tsimpliḋeaċt agus ó’n ngeanmnaiḋeaċt i dtaoḃ Ċríost.


Aċt atá rud aṁáin ann, a ċáirde, gur ceart daoiḃ cuiṁneaṁ air, is é sin gur cuma leis an Tiġearna lá aṁáin nó míle bliaḋain, agus míle bliaḋain nó lá aṁáin.


Agus do teilgeaḋ síos an dragún mór, an tsean‐naṫair niṁe, ar a dtugtar an Diaḃal agus Sátan, an té ṁeallas an saoġal ar fad; do teilgeaḋ síos é go dtalaṁ, agus do teilgeaḋ a aingle síos i n‐éinḟeaċt leis.


Agus meallann sé luċt áitreaḃa na talṁan leis na miorḃailtiḃ tugaḋ le déanaṁ ḋó i ḃfiaḋnaise an ainṁiḋe, g‐á ráḋ le luċt áitreaḃa na talṁan íoṁáiġ do ḋéanaṁ do’n ainṁiḋe fuair an ġoin ó’n gclaiḋeaṁ, agus do ṁair beo.


Do ċleaċt riġṫe an doṁain drúis léi, agus do cuireaḋ luċt áitreaḃa na talṁan ar meisce le fíon a drúise.


An t‐ainṁiḋe do ċonnacais, do ḃí sé ann, agus ní ḟuil sé ann: agus atá sé le teaċt aníos as an duiḃeagán agus imṫeaċt ċum léirscriosta. Agus béiḋ iongnaḋ ar luċt áitreaḃa na talṁan, ar an méid naċ ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa ó ṫosaċ an tsaoġail i leaḃar na beaṫaḋ, nuair ċífeas siad an t‐ainṁiḋe, de ḃriġ go raiḃ sé ann, agus naċ ḃfuil sé ann, agus go ḃfuil sé le teaċt.


Agus do ċonnacas aingeal ag teaċt anuas ó neaṁ, agus eoċair an duiḃeagáin agus slaḃraḋ mór ’n‐a láiṁ aige.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan