Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 20:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus cibé duine naċ ḃfríṫ scríoḃṫa i leaḃar na beaṫaḋ, do teilgeaḋ é amaċ i loċ na teineaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus giḋ bé nar friṫ sgríoḃṫa a leaḃar na beaṫa do teilgeaḋ é sa loċ teineaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 20:15
19 Iomraidhean Croise  

agus caiṫfiḋ sé isteaċ sa teiniḋ loiscniġ iad: annsin béiḋ gol agus gíoscán fiacal.


agus caiṫfid isteaċ sa teiniḋ loiscniġ iad: annsin béiḋ gol agus gíoscán fiacal.


Annsin adéarfaiḋ sé leo‐san ḃéas ar a láiṁ ċlé, Imṫiġiḋ uaim, a ḋaoine malluiġṫe, isteaċ sa teiniḋ ṡíorraiḋe do h‐ullṁuiġeaḋ do’n diaḃal agus d’á aingliḃ:


An té ċreidfeas agus baistfear, saorfar é; aċt an té naċ gcreidfiḋ, daorfar é.


Aċt ċeana, ná bíoḋ áṫas oraiḃ toisc na spioraidí ḃeiṫ fá smaċt agaiḃ; aċt toisc ḃúr n‐ainmneaċa ḃeiṫ scríoḃṫa ar neaṁ.


Aduḃairt Íosa leis, Is mise an tsliġe, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa: ní ṫig aoinneaċ ċum an Aṫar aċt aṁáin tríom‐sa.


An té ċreideas sa Mac, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige; aċt an té naċ n‐uṁluiġeann do’n Ṁac, ní ḟeicfiḋ sé an ḃeaṫa, aċt atá díḃeirg Dé i gcóṁnaiḋe air.


Agus ní ḟuil slánú le fáġáil i n‐aoinneaċ eile: óir ní ḟuil aon ainm eile fá neaṁ tugaḋ do ḋaoiniḃ le n‐ar ḃ’ḟéidir ár slánú.


Taḃraiḋ aire gan eiteaċ do ṫaḃairt do’n té laḃras. Óir muna dtáinig an dream slán do ḋiúltuiġ do’n té ṫug raḃaḋ dóiḃ ar talaṁ, is luġa‐de ṫioċfaimíd‐ne slán má ṫugaimíd cúl do’n té do‐ḃeir raḃaḋ ó neaṁ anuas:


cionnas éalóċaimíd‐ne má ḋéanaimíd failliġe i slánuġaḋ ċóṁ mór sin? do fógruiġeaḋ ar dtús tríd an Tiġearna, agus do dearḃuiġeaḋ ḋúinn tré na daoiniḃ do ċuala é;


Agus do gaḃaḋ an t‐ainṁiḋe, agus i n‐éinḟeaċt leis, an fáiḋ bréige do rinne na míorḃailtí ’n‐a ḟiaḋnaise, le n‐ár ṁeall sé an dream do ġlac marc an ainṁiḋe ċuca, agus an dream ṫug aḋraḋ d’á íoṁáiġ. Do teilgeaḋ iad araon beo amaċ i loċ teineaḋ atá ar dearg‐lasaḋ le ruiḃ.


Agus do teilgeaḋ an diaḃal do ṁeall iad isteaċ i loċ na teineaḋ agus na ruiḃe, mar a ḃfuil an t‐ainṁiḋe agus an fáiḋ bréige; agus béiḋ siad d’á gciapaḋ de ló agus d’oiḋċe go saoġal na saoġal.


Agus do ċonnacas na mairḃ, idir ḃeag agus ṁór, ’n‐a seasaṁ os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ; agus do fosclaḋ na leaḃair: agus do fosclaḋ leaḃar eile, is é leaḃar na beaṫaḋ é: agus tugaḋ breiṫeaṁnas ar na marḃaiḃ as a raiḃ scríoḃṫa ins na leaḃraiḃ, do réir a ngníoṁarṫa.


Agus do teilgeaḋ an bás agus Hádes amaċ i loċ na teineaḋ. Is é seo an dara bás.


An té ḃeireas buaiḋ, clúdóċar é ar an gcuma sin le h‐éadaiġiḃ geala; agus ní scriosfad a ainm amaċ ċoiḋċe as leaḃar na beaṫaḋ, agus adṁóċad a ainm i láṫair m’Aṫar agus i láṫair a aingeal.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan