Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 20:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus do teilgeaḋ an bás agus Hádes amaċ i loċ na teineaḋ. Is é seo an dara bás.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus do teilgeaḋ an bás agus ifearn a loċ teineaḋ. A sé so an dara bás.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 20:14
14 Iomraidhean Croise  

Is é an bás an náṁa ḋeiriḋ cuirfear ar ceal.


Óir ní foláir do’n ċorp truailliḋe neaṁṫruailleaċt do ċur uime, agus do’n ċorp so‐ṁarḃṫa do‐ṁarḃaċt do ċur uime.


is mise an tosaċ agus an deireaḋ, agus an Té biṫ‐ḃeo; agus do ḃíos marḃ, agus féaċ, atáim beo go saoġal na saoġal, agus atá eoċraċa báis agus ifrinn agam.


ólfaiḋ sé d’ḟíon díḃeirge Dé, atá doirtṫe gan meascaḋ i gcupán a ḟeirge; agus ciapfar é le teiniḋ agus le ruiḃ i ḃfiaḋnaise na naoṁ‐aingeal, agus i ḃḟiaḋnaise an Uain:


Agus do gaḃaḋ an t‐ainṁiḋe, agus i n‐éinḟeaċt leis, an fáiḋ bréige do rinne na míorḃailtí ’n‐a ḟiaḋnaise, le n‐ár ṁeall sé an dream do ġlac marc an ainṁiḋe ċuca, agus an dream ṫug aḋraḋ d’á íoṁáiġ. Do teilgeaḋ iad araon beo amaċ i loċ teineaḋ atá ar dearg‐lasaḋ le ruiḃ.


An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, ní ḃfaiġiḋ sé doċar ó’n dara bás.


Agus do teilgeaḋ an diaḃal do ṁeall iad isteaċ i loċ na teineaḋ agus na ruiḃe, mar a ḃfuil an t‐ainṁiḋe agus an fáiḋ bréige; agus béiḋ siad d’á gciapaḋ de ló agus d’oiḋċe go saoġal na saoġal.


Agus ṫug an ḟairrge uaiṫi na mairḃ do ḃí innti; agus ṫug an bás agus Hádes uaṫa na mairḃ do ḃí ionnta: agus tugaḋ breiṫeaṁnas ar gaċ aon duine aca do réir a ġníoṁarṫa.


Agus cibé duine naċ ḃfríṫ scríoḃṫa i leaḃar na beaṫaḋ, do teilgeaḋ é amaċ i loċ na teineaḋ.


Is beannuiġṫe, naoṁṫa iad‐san go ḃfuil páirt aca san gcéad aiséirġe: ní ḟuil cuṁaċt ar biṫ ag an dara bás orṫa; aċt béiḋ siad ’n‐a sagartaiḃ do Ḋia agus do Ċríost, agus riaġlóċaiḋ siad i n‐éinḟeaċt leis ar feaḋ míle bliaḋan.


agus glanfaiḋ sé gaċ deor d’á súiliḃ, agus ní ḃéiḋ an bás ann níos mó; ní ḃéiḋ, ná brón, ná caoineaḋ, ná pian; óir atá na ċéad neiṫe imṫiġṫe ar ceal.


Aċt maidir leis na daoiniḃ meaṫta, mí‐ċreidṁeaċa, gráineaṁla, agus leis na dúnṁarḃṫóiriḃ, leis na drúiseoiriḃ, leis na draoiḋeadóiriḃ, agus leis na h‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, agus le luċt na mbréag ar fad, ġeoḃaid‐sean a gcuid féin san loċ atá ar dearg‐lasaḋ le teiniḋ agus le ruiḃ; is é sin an dara bás.


Agus do ḋearcas, agus féaċ, capall liaṫḃán: agus an té do ḃí ar muin air, is é an Bás dob’ ainm dó; agus do lean Hádes ’n‐a ċuideaċtain. Agus tugaḋ cuṁaċt dóiḃ ar an gceaṫraṁaḋ cuid de’n talaṁ, ċum ḃeiṫ ag marḃaḋ leis an gclaiḋeaṁ, agus leis an ngorta, agus leis an bpláiġ, agus le h‐ainṁiḋṫiḃ allta na talṁan.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan