Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 20:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus do teilgeaḋ an diaḃal do ṁeall iad isteaċ i loċ na teineaḋ agus na ruiḃe, mar a ḃfuil an t‐ainṁiḋe agus an fáiḋ bréige; agus béiḋ siad d’á gciapaḋ de ló agus d’oiḋċe go saoġal na saoġal.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Agus do teilgeaḋ an díaḃal do ṁeall íad a loċ teineaḋ agus ruiḃe, mar a ḃfuil an beaṫaċ agus an fáiḋ fallsa, agus béid síad dá bpianaḋ do ló agus doiḋċe go sáoġal na sáoġal.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 20:10
12 Iomraidhean Croise  

Annsin adéarfaiḋ sé leo‐san ḃéas ar a láiṁ ċlé, Imṫiġiḋ uaim, a ḋaoine malluiġṫe, isteaċ sa teiniḋ ṡíorraiḋe do h‐ullṁuiġeaḋ do’n diaḃal agus d’á aingliḃ:


Agus imṫeoċaiḋ siad‐so isteaċ i bpeannaid ṡíorraiḋe: aċt imṫeoċaiḋ na fíréin isteaċ sa mbeaṫaiḋ ṡíorraiḋe.


Seaċnuiġiḋ na fáiḋe fallsa, ṫig ċugaiḃ i rioċt caoraċ, aċt atáid ’n‐a madraiḃ allta leaṫ istiġ.


Agus do ċonnacas trí spioraidí neaṁ‐ġlana do ḃí cosṁail le luascánaiḃ, ag teaċt amaċ as béal an dragúin, agus as béal an ainṁiḋe, agus as béal an ḟáiḋ ḃréige:


Agus do gaḃaḋ an t‐ainṁiḋe, agus i n‐éinḟeaċt leis, an fáiḋ bréige do rinne na míorḃailtí ’n‐a ḟiaḋnaise, le n‐ár ṁeall sé an dream do ġlac marc an ainṁiḋe ċuca, agus an dream ṫug aḋraḋ d’á íoṁáiġ. Do teilgeaḋ iad araon beo amaċ i loċ teineaḋ atá ar dearg‐lasaḋ le ruiḃ.


agus tiocfaiḋ sé amaċ ċum na gciniḋeaċ atá i gceiṫre h‐áirdiḃ an doṁain, Góg agus Magóg, do ṁeallaḋ agus do ċruinniú le ċéile ċum cogaiḋ. Ní lia gaineaṁ na fairrge ’ná iad,


Agus is mar seo do ċonnacas na h‐eiċ san taiḋḃreaṁ, agus na marcaiġ do ḃí ar muin orṫa, uċt‐ċláir ar ḋaṫ teineaḋ agus fuaṫa muice agus ruiḃe orṫa: agus atá cinn na n‐eaċ cosṁail le ceannaiḃ leoṁan; agus ṫáinig teine agus deataċ agus ruiḃ as a mbéalaiḃ amaċ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan